Monday, 23 March 2026

Gradaim Aitheantais Speisialta Gaeilge bronnta ar scoláirí na Sraithe Sóisearaí

Tá Gradaim Aitheantais bronnta ag Ollscoil na Gaillimhe ar scoláirí ar éirigh leo pas le gradam a bhaint amach i scrúduithe ardleibhéil Gaeilge na Sraithe Sóisearaí. D’fhreastail os cionn 400 scoláire as 64 scoil i gCo. Dhún na nGall, Co. an Chláir, Co. Mhaigh Eo, Co. Liatroma, Co. Shligigh, Co. Ros Comáin agus Co. na Gaillimhe ar ócáid speisialta a reáchtáladh i Halla Bailey Allen, Ollscoil na Gaillimhe chun ceiliúradh a dhéanamh ar na héachtaí a bhain siad amach.  Áirítear na scoláirí seo i measc an 8.3% de scoláirí na tíre ar éirigh leo pas le gradam a bhaint amach sa pháipéar ardleibhéil T2 Gaeilge go náisiúnta, nó an 8.8% de na scoláirí a bhain pas le gradam amach sa pháipéar ardleibhéil T1 Gaeilge sa tSraith Shóisearach in 2025.             Dúirt Uachtarán Ionaid agus Meabhránaí eatramhach Ollscoil na Gaillimhe, an tOllamh Becky Whay: “Is mór an onóir dúinn ceiliúradh a dhéanamh ar na héachtaí a bhain na scoláirí eisceachtúla seo amach sna scrúduithe ardleibhéil Gaeilge sa tSraith Shóisearach anuraidh, agus na gradaim seo a bhronnadh orthu.  Tá an Ghaeilge thar a bheith tábhachtach dúinn anseo in Ollscoil na Gaillimhe agus tá muid thar a bheith bródúil as na daoine óga cumasacha seo atá inár dteannta ag an ócáid speisialta seo tráthnóna inniu.”               Chuir Caroline Ní Fhlatharta, Oifigeach Gaeilge na hOllscoile, fáilte mhór roimh na scoláirí, a gclanna agus a gcuid múinteoirí agus dúirt sí: “Tá sé iontach ar fad go bhfuil ar ár gcumas éachtaí na scoláirí eisceachtúla seo a cheiliúradh.  Ba cheart go mbeidís an-bhródúil as an méid atá bainte amach acu agus go mbeidís airdeallach freisin faoi na deiseanna a bheidh acu a bhuíochas don Ghaeilge sna blianta rompu.  Tugann sé ardú croí dúinn go bhfuil sárchumas sa nGaeilge ag an nglúin óg agus go gcinnteoidh siad gur ó neart go neart a thiocfaidh sí sna blianta romhainn. Comhghairdeas libh go léir.” Aithnítear an tábhacht a bhaineann lena chinntiú go mbeidh pobail bhisiúla Ghaeilge sa Ghaeltacht agus taobh amuigh den Ghaeltacht i gcéad straitéis Ghaeilge na hOllscoile, Straitéis na Gaeilge 2021-2025.  Tugadh aitheantas do na pobail sin ag an ócáid cheiliúrtha seo ceithre bliana as a chéile agus an Ollscoil ag déanamh cúraim don ról a chuir sí roimpi sa Straitéis, ó thaobh ceannasaíocht a thabhairt don ardoideachas i nGaeilge agus meas a léiriú ar lucht labhartha na Gaeilge. Críoch

Friday, 16 December 2022

All eligible University of Galway full time and part time hourly payscales have been updated in line with the provisions of Building Momentum - A New Public Service Agreement 2021-22. Specifically the following increases have been implemented: - With effect from  02nd February 2022, payscales received a 3% increase - With effect from 01st October 2022- payscales received a further 1% increase or €500, whichever is greater  We are still awaiting sanction for the implementation of FEMPI restoration wef 1st July 2022 (save for a limited number of pay scales). Therefore there are no changes to those grades\pensions for now. See paragraph 1.3 in the above link for more details. Further advice will be issued for these grades in due course.

Monday, 24 April 2023

We have been asked to bring to your attention the fact that Secondment Expression of Interest Notices has been issued for the Public Service Transformation Division of the Department of Public Expenditure, NDP Delivery and Reform.  Expressions of interest are invited from across all sectors of the Public Service, including higher education, and across a number of grades.  Notices are available directly at the following link, and DPENDR and DFHERIS would very much appreciate your support in circulating to your staff.   The closing date for applications is 2nd May, and we understand the notices issued on Friday 14th April.