Taighde Dána 2024: Ceol Leictreonach, Tobchumadóireacht, agus na hEalaíona Dúchais

Taighde Dána 2024: Ceol Leictreonach, Tobchumadóireacht, agus na hEalaíona Dúchais Seanscoil Sailearna, Indreabhán, Co. na Gaillimhe 11-12 Deireadh Fómhair 2024 An Irish-medium Arts Practice Symposium, 11-12 October 2024
Oct 10 2024 Posted: 14:00 IST

Taighde Dána 2024: Ceol Leictreonach, Tobchumadóireacht, agus na hEalaíona Dúchais 

Seanscoil Sailearna, Indreabhán, Co. na Gaillimhe 11-12 Deireadh Fómhair 2024 

An Irish-medium Arts Practice Symposium, 11-12 October 2024 

 

Is tionól ealaíonta é Taighde Dána a chruthaíonn spás ar leith d’ealaíontóirí na Gaeilge agus na Gaeltachta chun a gcleachtas cruthaitheach féin a phlé, a fhorbairt, agus a roinnt, agus chun an chéad ghlúin eile d’ealaíontóirí na Gaeilge agus na Gaeltachta a spreagadh chun gnímh. Cuirfear ceardlanna ceoil/amhránaíochta/cumadóireachta ar fáil, chomh maith le seisiúin phlé, seisiúin cheoil/amhránaíochta, agus ceolchoirmeacha a dhíríonn ar an nasc idir na healaíona dúchais agus an nua-chumadóireacht chomhaimseartha. 

Is iad ealaíontóirí na bliana seo ná: Peadar-Tom Mercier, Úna Monaghan, Johnny Óg Connolly, Eoghan Ó Ceannabháin, Seamus Hyland, Síle Denvir, Séamus Barra Ó Súilleabháin (aka Súil Amháin), Gary McCarthy (aka Kalabanx/GMC), Katie Ní Chéilleachair, Nada Ní Chuirrín, Bláithín Mhic Cana, Micheál Ó Maoilchiaráin, Tríona Ní Shíocháin, agus Marianne Ní Chinnéide 

Saorchead isteach go dtí imeachtaí uile an tionóil, ach is gá clárú roimh ré ag taighdedana@ollscoilnagaillimhe.ie  

Maoinithe ag Ealaín na Gaeltachta agus Ollscoil na Gaillimhe 

Tá clár an tionóil le fáil anseo   

 

Taighde Dána is an arts practice and artistic research symposium that creates a space for Irish-language and Gaeltacht practitioners to discuss, develop, and share their arts practice and to inspire the next generation Irish-language artists. This year’s symposium focuses on electronic music, experimental improvisation, and the traditional arts, and will include workshops, discussion, and performances from the following artists: 

Peadar-Tom Mercier, Úna Monaghan, Johnny Óg Connolly, Eoghan Ó Ceannabháin, Seamus Hyland, Síle Denvir, Séamus Barra Ó Súilleabháin (aka Súil Amháin), Gary McCarthy (aka Kalabanx/GMC), Katie Ní Chéilleachair, Nada Ní Chuirrín, Bláithín Mhic Cana, Micheál Ó Maoilchiaráin, Tríona Ní Shíocháin, and Marianne Ní Chinnéide 

Free admission, but pre-registration required at taighdedana@ollscoilnagaillimhe.ie  

Taighde Dána is an Irish-medium arts practice symposium co-funded by Ealaín na Gaeltachta and the University of Galway 

Full programme available here   

 

 

Taighde Dána 2024: Ceol Leictreonach, Tobchumadóireacht, agus na hEalaíona Dúchais 

Tionól ealaíonta trí mheán na Gaeilge, 11-12 Deireadh Fómhair 2024 

An Irish-medium Arts Practice Symposium, 11-12 October 2024 

 

Dé hAoine, 11 Deireadh Fómhair 2024, Seanscoil Sailearna, Indreabhán, Co. na Gaillimhe 

14.00-16.00 Dúchas agus Nuálacht: Fóram Plé agus Cleachtais 

Aíonna/Artists: Johnny Óg Connolly, Peadar-Tom Mercier, Úna Monaghan, Eoghan Ó Ceannabháin 

Cathaoirleach/Chair: Tríona Ní Shíocháin 

Painéal cainte agus taispeántaisí ó scoth na n-ealaíontóirí agus iad ag labhairt linn faoina gcleachtas cruthaitheach féin agus á léiriú go praiticiúil. 

A discussion forum on creative process with leading artists, including performance demonstrations. 

 

16.30-18.00 Ceardlann Cheoil le Seamus Hyland  

Cainteoir Gaelainne ó bhruach na hAbha Móire i gContae Phort Láirge is ea Seamus Hyland a sheinneann an bosca ceoil agus an mileoidean. Tagann sé ó theaghlach mór rince seite, agus ba é a shin-seanmháthair féin a sheinneadh an mileoidean go háitiúil do rinceoirí an cheantair. Tá stíl an-traidisiúnta aige, ach tá an-taithí aige ar chur chuige turgnamhach a fhí ar a chleachtas cruthaitheach chomh maith. 

Beidh deis ag rannpháirtithe na ceardlainne seo páirt a ghlacadh sa cheolchoirm Dé Sathairn ar a 1pm mar chuid den phíosa nua tobchumadóireachta a bheidh á chur i láthair ag Peadar-Tom Mercier. 

A traditional music workshop with accordion and melodeon player from Co. Waterford, Seamus Hyland. Participants of this workshop will also be invited to perform as part of a newly commissioned composition by Peadar-Tom Mercier as part of the experimental concert ‘Lár an Lae Ghil’ on Saturday at 1pm. 

Aoisghrúpa/Age-group: 16-23 

 

18.00-19.30 Dinnéar an Tionóil/Dinner 

 

20.00-21.30 Ceolchoirm an Tionóil i Seanscoil Sailearna le hÚna Monaghan, Johnny Óg Connolly, Eoghan Ó Ceannabháin, Mícheál Ó Maoilchiaráin, Bláithín Mhic Cana, agus Nada Ní Chuirrín 

Tionól concert in Seanscoil Sailearna, Inverin, with Úna Monaghan, Johnny Óg Connolly, Eoghan Ó Ceannabháin, Mícheál Ó Maoilchiaráin, Bláithín Mhic Cana, and Nada Ní Chuirrín 

 

22.00 Seisiún ceoil an tionóil i dTigh Mholly. Fáilte roimh chách. 

Music and singing session in Tigh Mholly. All welcome. 

 

Dé Sathairn, 12 Deireadh Fómhair 2024, Seanscoil Sailearna, Indreabhán 

 

10.00-12.00 Ceardlann amhránaíochta agus ceapadóireachta le Síle Denvir, Séamus Barra Ó Súilleabháin (Súil Amháin), agus Gary McCarthy. 

Sa cheardlann seo, beidh deis ag ealaíontóirí óga píosaí rap agus amhránaíochta a chomhchruthú i gcompháirt le Súil Amháin, Síle Denvir, agus an léiritheoir ceoil, Gary McCarthy, agus ansan páirt a ghlacadh sa cheolchoirm thurgnamhach ag a 1pm mar chuid de choimisiún nua tobchumadóireachta le Peadar-Tom Mercier. 

Singing and song/rap composition workshop with Síle Denvir, Séamus Barra Ó Súilleabháin (Súil Amháin), and producer Gary McCarthy (Kalabanx/GMC). Workshop participants will also be invited to perform in a newly commissioned experimental composition by Peadar-Tom Mercier, performed as part of the experimental concert at 1pm. 

Aoisghrúpa/age group: 16-23 

 

12.00 lón éadrom/light lunch 

 

13.00-14.00 Lár an Lae Ghil – Ceolchoirm Thurgnamhach 

Coimisiún nua turgnamhach ceoil le Peadar-Tom Mercier i gcomhpháirt le Síle Denvir, Séamus Barra Ó Súilleabháin, Gary McCarthy, Seamus Hyland, Nada Ní Chuirrín, agus na ceoltóirí agus na hamhránaithe a d’fhreastail ar na ceardlanna 

AGUS 

Taibhiú turgnamhach le Katie Ní Chéilleachair (DJ, físealaíontóir, cumadóireacht leictreonach)  

Music concert featuring newly commissioned experimental composition by Peadar-Tom Mercier, performed in collaboration with Síle Denvir, Séamus Barrra Ó Súilleabháin (Súil Amháin), Gary McCarthy (Kalabanx/GMC), Seamus Hyland, Nada Ní Chuirrín and Taighde Dána workshop participants, followed by a performance by Katie Ní Chéilleachair (DJ, visual artist, digital composer). 

 

14.30 Iarphlé/Discussion 

Áisitheoir/Facilitator: Marianne Ní Chinnéide 

 

15.00 Críoch an tionóil agus seisiún an dorais i dTigh Mholly. Fáilte roimh chách. 

Farewell session of the Tionól in Tigh Mholly. All welcome. 

 

Saorchead isteach go himeachtaí uile an tionóil, ach is gá clárú roimh ré ag 

taighdedana@ollscoilnagaillimhe.ie 

Free admission, but pre-registration required at taighdedana@ollscoilnagaillimhe.ie 

Taighde Dana

Tríona Ní Shíocháin

School of English, Media and Creative Art

Follow @SchoolEMCA

Next

Featured Stories

School of English and Creative Arts

+353 (0) 91 495689