NUI Elections

Copy of letter from Professor Ciarán Ó hÓgartaigh, President, University of Galway, in relation to the upcoming election of the Chancellor of the National University of Ireland (NUI).

A chairde,

Táim ag scríobh chugaibh le heolas tábhachtach a roinnt libh faoin toghchán a reáchtálfar do Sheansailéir Ollscoil na hÉireann (OÉ), a thiocfaidh i gcomharbas ar an Dr Maurice Manning. Beidh an toghchán ar siúl ag cruinniú den Chomhghairm a bheidh ar bun in Ollscoil na hÉireann, 49 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2, an 17 Deireadh Fómhair 2024 ag 10:00 am.

Is iad an bheirt iarrthóirí atá ainmnithe:

MURPHY, Michael B.MB BCh BAO, MD

O’SHEA FARREN, LindaBCL, MEconSc, Dlíodóir, Aturnae Dlí, Eadránaí

Is ball-institiúid de chuid OÉ í Ollscoil na Gaillimhe. Tá alumni de chuid bhall-institiúidí OÉ a bhfuil céim acu i dteideal vótáil freisin. Ní mór do bhaill ar mian leo vótáil iarratas a dhéanamh i scríbhinn ar pháipéir vótála tráth nach déanaí ná Dé Céadaoin, an 9 Deireadh Fómhair 2024. Is féidir leat iarratas a dhéanamh trí úsáid a bhaint as an bhfoirm iarratais nua ar líne, ar fáil anseo, nó is féidir leat an QR thíos a scanadh:

qrcode nui elections

Is féidir iarratas ar pháipéar vótála a dhéanamh i scríbhinn freisin: ar ríomhphost chuig elections@nui.i​e nó tríd an bpost chuig Cléireach na Comhghairme, Ollscoil na hÉireann, 49 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2.

Chomh maith le do shonraí pearsanta, ba cheart go mbeadh na nithe seo a leanas san áireamh in iarratais ar pháipéir vótála:

  • Céim(eanna) OÉ agus bliain/blianta bronnta agus Coláiste/Coláistí OÉ ar freastalaíodh orthu.

Ní mór do bhaill na Comhghairme ar mian leo vótáil i dToghchán na Comhghairme iarratas ar pháipéir vótála a dhéanamh i scríbhinn chuig Cléireach na Comhghairme tráth nach déanaí ná Dé Céadaoin, an 9 Deireadh Fómhair 2024.

Ba cheart páipéir bhallóide a bheith faighte ar ais in OÉ roimh 11 a.m. Déardaoin, an 17 Deireadh Fómhair 2024.

Cuirtear an toghchán agus gach nós imeachta gaolmhar i gcrích de réir Reacht LXXXVI, Caibidil VI, Reacht CII, Caibidil I agus Reacht CCXXVIII, Caibidil II de Reachtanna na hOllscoile. Tá an t-eolas ar fad ar fáil ar láithreán gréasáin OÉ.  

Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoi cé atá i dteideal vótáil agus conas iarratas a dhéanamh ar vóta ar láithreán gréasáin OÉ nó is féidir leat teagmháil a dhéanamh le elections@nui.i​e  01 439 24 24.

Le dea-ghuí,

Ciarán

An tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh
Uachtarán, Ollscoil na Gaillimhe

A chairde,

I am contacting you with important information about the upcoming election of the Chancellor of the National University of Ireland (NUI), to succeed Dr Maurice Manning, which will take place at a meeting of Convocation to be held in the National University of Ireland, 49 Merrion Square, Dublin 2, on 17 October 2024 at 10:00 am.

The two nominated candidates are:

MURPHY, Michael B.MB BCh BAO, MD

O’SHEA FARREN, LindaBCL, MEconSc, Solicitor, Attorney-at-Law, Mediator

University of Galway is an NUI member institution. Alumni of NUI member institutions who hold a degree are eligible to vote. Members who wish to vote must apply for voting papers in writing no later than Wednesday, 9 October 2024. You can apply using our new online application form, available here or you can scan the QR below:

qrcode nui elections

Application for a voting paper may also be made in writing: by email to elections@nui.i​e or by post to Clerk of Convocation, National University of Ireland, 49 Merrion Square, Dublin 2.

In addition to your personal details, applications for voting papers should include:

  • NUI Degree(s) and year(s) of conferring(s) and NUI College(s) attended

Members of Convocation who wish to vote in the Convocation Election must apply to the Clerk of Convocation in writing for voting papers no later than Wednesday, 9 October 2024.

Returned Ballot papers should be received in NUI before 11 a.m. on Thursday, 17 October 2024.

The election and all related procedures are carried out in accordance with Statute LXXXVI, Chapter VI, Statute CII, Chapter I and Statute CCXXVIII, Chapter II of the University Statutes. Full details are available on the NUI website.  

More information on who is eligible to vote and how to apply for a vote can be found the NUI website or you can contact elections@nui.i​e or 01 439 24 24.

Kind regards,

Ciarán

Professor Ciarán Ó hÓgartaigh
President, University of Galway