21 Bliain d’Ospidéal na mBéiríní á gCeiliúradh in Ollscoil na Gaillimhe

Ellie (6) ag Ospidéal na mBéiríní in Ollscoil na Gaillimhe
Jan 26 2026 Posted: 11:05 GMT

Tá Ospidéal na mBéiríní, a bhfuil gradaim buaite aige, á eagrú arís ag mic léinn in Ollscoil na Gaillimhe don 21ú bliain as a chéile.

Bhí breis is 1,200 páiste bunscoile i láthair don imeacht dhá lá seo, áit ar cuireadh ‘cóir leighis’ san ospidéal ar a mbeiríní a bhí ‘tinn’ nó ‘gortaithe’.

An Cumann Sláinte a d’eagraigh an t-ospidéal, arb é cumann cothaithe sláinte Ollscoil na Gaillimhe é a fhéachann le gach gné den tsláinte, idir fhisiciúil agus mheabhrach, a chur chun cinn. Bhí isteach is amach le 200 mac léinn leighis, cúraim sláinte agus eolaíochta i láthair ar bhonn deonach agus iad ag feidhmiú mar oibrithe cúraim sláinte chun béiríní na Gaillimhe a dhiagnóisiú agus cóir leighis a chur orthu.

Tá súil acu go gcuideoidh an ócáid le páistí a bheith ar a suaimhneas le dochtúirí nó i dtimpeallacht ospidéil.

            Bhí an méid seo a leanas le rá ag Aoibhe Treacy, mac léinn leighis sa chúigiú bliain in Ollscoil na Gaillimhe agus comh-iniúchóir an Chumainn Sláinte: “Cumann a fhéachann leis an tsláinte a chur chun cinn atá ionainn, agus an aidhm atá againn an faitíos agus an imní a bhíonn ar roinnt leanaí nuair a bhíonn orthu dul chuig an ospidéal nó ag an dochtúir a laghdú.

            “Tionscnamh é seo atá go hiomlán faoi stiúir oibrithe deonacha, idir bhaill an choiste agus dochtúirí na mBéiríní, agus fáilte á cur againn roimh isteach is amach le 1,200 páiste ó mhórcheantar na Gaillimhe. Táimid bródúil as imeacht atá go hiomlán cuimsitheach agus inrochtana a bheith á chur ar fáil againn.”

Tá béiríní á dtabhairt chuig an ospidéal ag páistí i gcaitheamh na mblianta agus iad ag samhlú go raibh réimse leathan tinnis ag gabháil dóibh, leithéidí cluasa tinne, boilg bhreoite, lámha nó cosa briste agus gach cineál easláinte neamhghnách agus dúshlánach eile faoin spéir.

Labhróidh na páistí le duine de na dochtúirí béiríní tar éis dóibh a theacht i láthair ag Ospidéal na mBéiríní ar an gcampas. Déanann na dochtúirí na ‘hothair’ a scrúdú, tugtar oideas dóibh nó cuirtear ar aghaidh iad le haghaidh obráide nó X-gha. Tá trealamh saincheaptha X-gha agus MRI ar fáil do bhéirín ar bith a dteastaíonn sé uathu. 

Beidh na béiríní atá ag teacht chucu féin in ann ábhair leighis a fháil i gCógaslann na mBéiríní, áit a mbeidh torthaí sláintiúla le fáil a bhuíochas le Total Produce agus Fyffes, mar aon le hábhair leighis urraithe ag Cógaslann Matt O’Flaherty.

Is iad urraitheoirí an imeachta an Medical Protection Society, Boston Scientific, KSG, Vernon Medical agus Apache Pizza.

            Seo mar a labhair Ríona Hughes, Oifigeach na gCumann in Ollscoil na Gaillimhe: “Ceann dár n-imeachtaí for-rochtana móra is ea Ospidéal na mBéiríní arna reáchtáil ag an gCumann Sláinte trína gcothaítear caidreamh leis an bpobal níos leithne agus sonas ar an gcampas. Deis iontach atá ann do mhic léinn, go háirithe mic léinn leighis agus sna heolaíochtaí sláinte, bualadh le páistí agus iad a chur ar a suaimhneas go bhfuil an chóir leighis a theastaíonn óna mbéiríní á fáil acu le go mbeidh siad in ann teacht chucu féin ó na tinnis éagsúla atá ag cur as dóibh. Tarraingíonn imeachtaí cosúil leis an gceann seo aird ar shamhlaíocht, diongbháilteacht agus spiorad comhpháirteachais ár gcuid cumann, agus ar thiomantas na hOllscoile naisc dhaingne a chothú leis an bpobal níos leithne. Comhghairdeas leo siúd ar fad a bhfuil baint acu leis.”

Oifig Margaíocht agus Cumarsáid

Next

Featured Stories