Bronntanas daonchairdiúil suntasach do Leabharlann & Ionad Foghlama nua á cheiliúradh ag an Ollscoil

Monica Crump, Deirdre Uí Fhionnáin, Irial Ó Fionnáin agus Uactarán Eatramhach Ollscoil na Gaillimhe, an tOllamh Peter McHugh. Crediúint - Andrew Downes, Xposure
Sep 02 2025 Posted: 09:38 IST

D’fhógair Ollscoil na Gaillimhe go bhfuil bronntanas suntasach daonchairdiúil faighte aici ó Dheirdre agus Irial Uí Fhionnáin, chun tacú le tógáil Leabharlann agus Ionad Foghlama nua na hOllscoile.

Mar aitheantas ar fhlaithiúlacht mhuintir Uí Fhionnáin, tá Seomra Léitheoireachta na gCartlann agus na mBailiúchán Speisialta athainmnithe ag an Ollscoil agus tabharfar Seomra Léitheoireachta Cartlann agus Bailiúchán Speisialta Dheirdre agus Irial Uí Fhionnáin air feasta.

Is áis agus seirbhís ríthábhachtach i Leabharlann na hOllscoile an spás tiomnaithe seo, áit a bhfuil cosaint á déanamh ar lámhscríbhinní uathúla, leabhair neamhchoitianta agus bailiúcháin chultúrtha, agus san am céanna áit a dtugtar rochtain do mhic léinn, do thaighdeoirí agus don phobal i gcoitinne ar an ábhar seo.

Bhain Irial Ó Fionnáin céim amach ón Ollscoil in 1977, agus i gcomhar lena bhean chéile Deirdre, tá siad ag cur chun cinn an oideachais agus an chultúir trína ndaonchairdeas agus a rannpháirtíocht le hOllscoil na Gaillimhe, in Éirinn agus sna Stáit Aontaithe araon.

Is léiriú é a dtiomantas go gcreideann siad gur cheart an fhoghlaim agus an léann a chothú ar mhaithe leis na glúnta atá le teacht.

 Bhí an méid seo le rá ag Uachtarán Eatramhach Ollscoil na Gaillimhe, an tOllamh Peter McHugh: “Táimid thar a bheith buíoch de Dheirdre agus Irial as a bhfís agus a bhflaithiúlacht. Neartóidh a ndaonchairdeas misean na hOllscoile chun eolas a chaomhnú, fionnachtana a spreagadh agus ár mbailiúcháin a dhéanamh inrochtana do chách. Is tionscadal nach dtarlóidh ach uair amháin lenár linn é an Leabharlann agus Ionad Foghlama nua a bhfuil tacaíocht agus tiomantas alumni agus chairde na hOllscoile ag teastáil lena chur i gcrích, agus táimid buíoch as an tacaíocht atá curtha ar fáil ag Irial agus ag Deirdre chomh luath seo sa phróiseas.”

Dúirt Leabharlannaí Ollscoil na Gaillimhe, Monica Crump: “Is údar áthais agus bróid dúinn gur cheadaigh Irial agus Deirdre Uí Fhionnáin dúinn an Seomra Léitheoireachta Cartlann agus Bailiúchán Speisialta a athaimniú mar aitheantas ar a dtacaíocht dár Leabharlann agus Ionad Foghlama nua.”  Mar chartlannaí, tuigeann Deirdre go maith an tábhacht a bhaineann lenár seomra léitheoireachta chun spás a chur ar fáil inar féidir le mic léinn, taighdeoirí agus an pobal i gcoitinne cur ar a gcumas spéis a chothú san oidhreacht, sa chultúr agus sa stair trínár gcartlanna agus bailiúcháin speisialta. Agus an t-am a caitheadh á chaomhnú agus á roinnt sa seomra léitheoireachta, cumasaíonn tacaíocht fhlaithiúil Dheirdre agus Irial an todhchaí, trí eispéiris foghlama níos comhoibríche, níos cruthaithí agus níos digití dár mic léinn sa Leabharlann agus Ionad Foghlama.”

Tá Leabharlann agus Ionad Foghlama nua Ollscoil na Gaillimhe á thógáil faoi láthair i lár champas chathair na Gaillimhe agus beidh sé ina mhol lárnach do chomhoibriú, taighde agus pobal.

Tá tacaíocht Rialtais ag an tionscadal trí dheontas caipitil €15 mhilliún tríd an Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta faoin gCiste Bonneagair Straitéisigh um Ardoideachas (HESIF) agus an tÚdarás um Ard-Oideachas.

Meastar go mbeidh an tógáil tugtha chun críche go luath sa bhliain 2027.

Críoch

Oifig Margaíocht agus Cumarsáid

Next

Featured Stories