-
Courses
Courses
Choosing a course is one of the most important decisions you'll ever make! View our courses and see what our students and lecturers have to say about the courses you are interested in at the links below.
-
University Life
University Life
Each year more than 4,000 choose University of Galway as their University of choice. Find out what life at University of Galway is all about here.
-
About University of Galway
About University of Galway
Since 1845, University of Galway has been sharing the highest quality teaching and research with Ireland and the world. Find out what makes our University so special – from our distinguished history to the latest news and campus developments.
-
Colleges & Schools
Colleges & Schools
University of Galway has earned international recognition as a research-led university with a commitment to top quality teaching across a range of key areas of expertise.
-
Research & Innovation
Research & Innovation
University of Galway’s vibrant research community take on some of the most pressing challenges of our times.
-
Business & Industry
Guiding Breakthrough Research at University of Galway
We explore and facilitate commercial opportunities for the research community at University of Galway, as well as facilitating industry partnership.
-
Alumni & Friends
Alumni & Friends
There are 128,000 University of Galway alumni worldwide. Stay connected to your alumni community! Join our social networks and update your details online.
-
Community Engagement
Community Engagement
At University of Galway, we believe that the best learning takes place when you apply what you learn in a real world context. That's why many of our courses include work placements or community projects.
January Cluichí Ceannais CLG agus Camógaíochta á reáchtáil ag Ollscoil na Gaillimhe
Cluichí Ceannais CLG agus Camógaíochta á reáchtáil ag Ollscoil na Gaillimhe
Reáchtálfaidh Ollscoil na Gaillimhe Cluichí Ceannais Ardoideachais CLG agus Camógaíochta Electric Ireland, 2025.
Beidh na cluichí ceannais ar siúl in Ionad CLG Chonnacht agus i nDóm Aeir CLG Chonnacht agus Ollscoil na Gaillimhe i mBéacán, Co. Mhaigh Eo ón 8 go dtí an 15 Feabhra.
Imreofar níos mó ná 25 cluiche peile, iománaíochta agus camógaíochta thar thréimhse seacht lá.
Agus 13 fhoireann againn san iomaíocht idir na rannóga go léir, is cinnte go mbeidh Ollscoil na Gaillimhe ag súil le coirn a chrochadh leo sna trí spórt.
Dúirt Uachtarán Eatramhach Ollscoil na Gaillimhe, an tOllamh Peter McHugh: “Feictear na himreoirí óga CLG is fearr sa tír ag na comórtais seo agus tá lúcháir orainn na trí chluiche ceannais a reáchtáil i mbliana. Guím gach rath ar na himreoirí ar fad i mbliana agus mholfainn dóibh siúd ar fad ar spéis leo peil, iomáint agus camógaíocht teacht go hIarthar na hÉireann chun tacú lena gcuid foirne.”
Tá Club Camógaíochta Ollscoil na Gaillimhe ag cur trí fhoireann chun páirce den chéad uair riamh.
Tá an bua faighte cheana féin ag na foirne idirmheánacha agus sóisir sa chéad bhabhta dá gcomórtais chraoibhe, Corn Uí Mhaolagáin agus Corn Ashling Murphy. Beidh an fhoireann sinsir ag imirt ag an leibhéal is airde camógaíochta den chéad uair ó 2017 agus beidh siad ar a ndícheall Corn Ashbourne a bhuachan agus deireadh a chur leis an seal 30 bliain atá caite acu gan bhua.
Ba sa bhliain 2010 go deireadh a thug Club Iomána Ollscoil na Gaillimhe Corn Mhic Giobúin go Gaillimh, an 10ú huair a bhuaigh siad an comórtas; agus tá súil ag Cumann Peile Ollscoil na Gaillimhe Corn Sigerson a thabhairt ar ais go Gaillimh don 24ú huair, agus an corn buaite acu go deireadh sa bhliain 2022.
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Ollamh Ciara Meehan, Déan na Mac Léinn in Ollscoil na Gaillimhe: “Táimid thar a bheith bródúil as ár dtraidisiún sna cluichí Gaelacha agus tá áthas orainn Cluichí Ceannais Ardoideachais CLG agus Camógaíochta Electric Ireland a eagrú in Ionad Sárchaighdeáin CLG Chonnacht agus i nDóm Aeir CLG Chonnacht agus Ollscoil na Gaillimhe. Is cinnte gur seachtain iontach spóirt a bheidh sna cluichí ceannais ina mbeidh imreoirí idirchontae as gach cearn den tír páirteach, agus tá súil againn ócáid iontach a chur ar fáil do gach duine a bheidh i láthair.”
Dúirt Stiúrthóir Spóirt Ollscoil na Gaillimhe, Des Ryan: “Tá an-áthas orainn na trí chomórtas spóirt mór le rá seo a reáchtáil. Tá an oscailteacht ar cheann de luachanna Ollscoil na Gaillimhe agus tá an-áthas orm gur féidir linn an luach seo a bhaint amach trí na céadta míle fáilte a chur roimh na foirne ar fad go hOllscoil na Gaillimhe. Tá oidhreacht láidir cluichí Gaelacha againn san Ollscoil agus ba mhaith liom borradh a fheiceáil ag teacht faoin réimse seo, tarlóidh sé sin trí bheith san iomaíocht, comórtais a reáchtáil, sult a bhaint as na spóirt, oideachas a chur ar dhaoine agus tacú le cluichí Gaelacha in iarthar na hÉireann.”
Dúirt John Prenty, Rúnaí CLG Chonnacht: “Tá an-áthas ar CLG Chonnacht a bheith ag obair i gcomhpháirt le hOllscoil na Gaillimhe in eagrú na gcraobhchomórtas CLG don tríú leibhéal. D'eagraíomar na cluichí ceannais peile tríú leibhéal in 2017, deireadh seachtaine Pheil na mBan sa Chraobh Ardoideachais in 2023 agus deireadh seachtaine na Camógaíochta in 2024. Is iontach an rud é laochra na todhchaí a fheiceáil ar an bpáirc ag an tríú leibhéal agus iad á dtraenáil agus á mbainistiú ag mic léinn i mórán cásanna. Is é seo an rud is maith linne sa CLG a fheiceáil ag tarlú ag an tríú leibhéal, ceannairí na todhchaí á gcruthú.
“Comhghairdeas le CLG Ollscoil na Gaillimhe as iománaíocht, peil, peil na mban agus camógaíocht a chuimsiú san obair iontach atá ar siúl acu agus iad ag feidhmiú mar cheannaire CLG ag an tríú leibhéal. Míle buíochas le gach éinne sa roinn spóirt agus in oifigí riaracháin na hollscoile as a dtacaíocht. Is léiriú ar an gcomhoibriú breá idir an dá eagraíocht atá go mór ar son óige na tíre an chomhpháirtíocht iontach idir CLG Chonnacht agus an Ollscoil san urraíocht ar Dhóm Aeir CLG Chonnacht agus Ollscoil na Gaillimhe, ionad a bhfuil clú domhanda air. Thar ceann gach duine in CLG Chonnacht, táimid ag tnúth le seachtain iontach spóirt i Feabhra.”
Tá gach eolas ar fáil ar www.gaa.ie agus www.camogie.ie agus beidh na scéalta is déanaí le fáil @Camogie_OG, @camogie, @ElectricIreland agus trí leas a bhaint as #FirstClassRivals.
Críoch