Gradaim Aitheantais Gaeilge bronnta ag Ollscoil na Gaillimhe ar scoláirí na Sraithe Sóisearaí

Aoife Morrissey agus Niamh Nic Suibhne le scoláirí ó Mheánscoil Naomh Iosaef, Co. Mhaigh Eo le hUachtarán Eatramhach Ollscoil na Gaillimhe, an tOllamh Peter McHugh. Grianghraif – Creidiúint: Mike Shaughnessy
Apr 09 2025 Posted: 11:29 IST

Tá Gradaim Aitheantais bronnta ag Ollscoil na Gaillimhe ar scoláirí ar éirigh leo pas le gradam a bhaint amach i scrúduithe ardleibhéil Gaeilge na Sraithe Sóisearaí

D’fhreastail breis agus 160 scoláire as 46 scoil i gCo. Dhún na nGall, Co. an Chláir, Co. Mhaigh Eo, Co. Liatroma, Co. Shligigh, Co. Ros Comáin agus Co. na Gaillimhe ar ócáid speisialta a reáchtáladh ar champas na hOllscoile chun ceiliúradh a dhéanamh ar na héachtaí a bhain na scoláirí meánscoile seo amach. 

Áirítear na scoláirí seo i measc an 3.3% de scoláirí na tíre ar éirigh leo pas le gradam a bhaint amach sa pháipéar ardleibhéil T2 Gaeilge go náisiúnta, nó an 3.8% de na scoláirí a bhain pas le gradam amach sa pháipéar ardleibhéil T1 Gaeilge sa tSraith Shóisearach in 2024, agus idir 90% agus 100% bainte amach acu.

            Dúirt Uachtarán Eatramhach Ollscoil na Gaillimhe, an tOllamh Peter McHugh: “Tá muid an-bhródúil as an nGaeilge anseo in Ollscoil na Gaillimhe agus tá an-áthas orainn fáilte a chur roimh na scoláirí eisceachtúla seo, a bhain sárthorthaí amach sna scrúduithe Gaeilge sa tSraith Shóisearach anuraidh, agus na gradaim seo a bhronnadh orthu inniu.  Is údar bróid dúinne é go bhfuil ar ár gcumas an moladh agus an t-aitheantas atá tuillte acu a thabhairt dóibh, agus a gcuid éachtaí a cheiliúradh ag an ócáid speisialta seo.  Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt dá dtuismitheoirí, múinteoirí agus príomhoidí freisin agus buíochas a ghlacadh leo as an méid tacaíochta agus spreagadh a thugann siad do na scoláirí sa mbaile agus sna seomraí ranga.”  

 

Aithnítear an tábhacht a bhaineann lena chinntiú go mbeidh pobail bhisiúla Ghaeilge sa Ghaeltacht agus taobh amuigh den Ghaeltacht i gcéad straitéis Ghaeilge na hOllscoile, Straitéis na Gaeilge 2021-2025, a seoladh i mí Iúil 2021. 

Tugadh aitheantas do na pobail sin ag an ócáid cheiliúrtha seo trí bliana as a chéile agus an Ollscoil ag déanamh cúraim don ról a chuir sí roimpi sa Straitéis, ó thaobh ceannasaíocht a thabhairt don ardoideachas i nGaeilge agus meas a léiriú ar lucht labhartha na Gaeilge.

Críoch

Oifig Margaíocht agus Cumarsáid

PreviousNext

Featured Stories