Stiúrthóir nua ceaptha ar an Institiúid Cúrsa Saoil agus Sochaí

Tá an tOllamh Caroline McGregor ceaptha mar Stiúrthóir nua ar an Institiúid Cúrsa Saoil agus Sochaí (ILAS) in Ollscoil na Gaillimhe. Creidiúint: Mike Shaughnessy.
Sep 03 2024 Posted: 12:09 IST

Tá an tOllamh Caroline McGregor ceaptha mar Stiúrthóir nua ar an Institiúid Cúrsa Saoil agus Sochaí (ILAS) in Ollscoil na Gaillimhe.

Tá an tOllamh Caroline McGregor ina Stiúrthóir Oibre Sóisialta san Ollscoil agus ina Comhalta Sinsearach Taighde in Ionad Taighde Leanaí agus Teaghlaigh UNESCO, áit a raibh sí i gceannas ar líon tionscadal le comhghleacaithe ar théamaí éagsúla, mar atá cúram an stáit san am a caitheadh agus sa lá atá inniu ann; cosaint leanaí agus tacaíocht teaghlaigh; agus rannpháirtíocht shibhialta agus pholaitiúil na hóige. D’oibrigh sí freisin mar thaighdeoir SFI laistigh d’Ionad Taighde Feistí Leighis na hÉireann, CÚRAM, ar thionscadail lena mbaineann tionchar.

Glacfaidh an tOllamh McGregor leis an ról i mí Mheán Fómhair ar feadh tréimhse ceithre bliana, tar éis don Ollamh Pat Dolan, a bhí sa ról ó 2013-2023, dul ar scor.

Is sain-institiúid taighde ildisciplínigh sna heolaíochtaí sóisialta feidhmeacha an Institiúid Cúrsa Saoil agus Sochaí (ILAS). Is é misean ILAS feasacht eolaíoch agus phraiticiúil ar acmhainn agus cumas an duine ón naíonacht go dtí an tseanaois a chothú agus feabhas a chur ar shaol na ndaoine siúd atá ag dul in aois nó a bhfuil míchumas orthu, mar aon le leanaí, ógánaigh agus tuismitheoirí atá leochaileach i gcomhthéacs sóisialta agus i gcomhthéacsanna eile.

Seo mar a labhair Uachtarán Ollscoil na Gaillimhe, an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh: “Guím gach rath sa todhchaí ar an Ollamh McGregor agus ar obair na hInstitiúide Cúrsa Saoil agus Sochaí san Ollscoil, chomh maith le hobair leanúnach Ionad Taighde Leanaí agus Teaghlaigh UNESCO. Tá taithí fhairsing ag an Ollamh McGregor ar chomhpháirtíochtaí acadúla-gairmiúla agus tá spéis ar leith aici i gceannas agus i gcur chun cinn taighde bunaithe ar chleachtas agus ar an bpobal ina ról mar Stiúrthóir Institiúide agus táimid ag súil leis an tionchar a bheidh aige seo ar fad a fheiceáil sa todhchaí.

“Ba mhaith liom an deis a thapú chun buíochas a ghabháil leis an Ollamh Pat Dolan, Stiúrthóir ILAS atá ag dul as oifig agus leis an Ollamh Kieran Walsh as bheith i gceannas ar ILAS mar Stiúrthóir Eatramhach ó mhí Mheán Fómhair 2023.”

Agus í ag cur fáilte roimh a ceapachán, bhí an méid seo le rá ag an Ollamh McGregor: “Tá an-áthas orm an deis seo a fháil a bheith i gceannas ar an Institiúid Cúrsa Saoil agus Sochaí. Tá mé ag súil le bheith ag obair le comhghleacaithe na hinstitiúide i gColáiste na nDán, na nEolaíochtaí Sóisialta agus an Léinn Cheiltigh, i gColáiste an Ghnó, an Bheartais Phoiblí agus an Dlí agus san Ollscoil trí chéile chun spriocanna uaillmhianacha ILAS a bhaint amach, mar atá cothromas a bhaint amach sa chúrsa saoil trí chéile trína ghníomhaíochtaí comhtháite taighde, cleachtais agus oideachais, polasaí agus rannpháirtíochta pobail.”

Críoch

Oifig Margaíochta agus Cumarsáide.

PreviousNext

Featured Stories