Seolann an tAire O'Donovan an Institiúid don Fhionnachtain agus Nuálaíocht Sláinte

An tOllamh Peter McHugh, Uachtarán Eatramhach Ollscoil na Gaillimhe in éineacht leis an Aire Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta, Patrick O’Donovan T.D., ar ócáid seolta na hInstitiúide nua don Fhionnachtain agus Nuálaíocht Sláinte in Ollscoil na Gaillimhe.
Oct 10 2024 Posted: 14:10 IST

Clár oibre uaillmhianach don sármhaitheas taighde leagtha amach ag Ollscoil na Gaillimhe   

Sheol an tAire Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta, Patrick O’Donovan T.D., an Institiúid nua don Fhionnachtain agus Nuálaíocht Sláinte in Ollscoil na Gaillimhe go hoifigiúil inniu.

Tugann an institiúid taighde nua seo breis agus 200 taighdeoir agus acadóir le chéile san Ollscoil chun obair cheannródaíoch a dhéanamh i dtuiscint galar agus i réitigh cúraim sláinte.

Déanfaidh bailiúchán straitéiseach saineolais seo na hInstitiúide éascaíocht d'fhorbairt leanúnach taighde-bhunaithe in Ollscoil na Gaillimhe, agus cuirfidh sé tuilleadh le stádas Mhórcheantar na Gaillimhe mar lárionad domhanda do theicneolaíocht an leighis a dhéanann cion tairbhe nach beag d'fhás an gheilleagair agus d'fhorbairt réigiúnach. 

Féachfaidh an Institiúid don Fhionnachtain agus Nuálaíocht Sláinte le leas a bhaint as saineolas na hOllscoile san eolaíocht bhithleighis agus san innealtóireacht agus é a nascadh lenár láidreacht taighde i réimse an leighis.

 Feidhmeoidh sí i gcomhar leis an Institiúid do Thrialacha Cliniciúla a seoladh in 2023 chomh maith le CÚRAM, an t-ionad d'fheistí leighis atá maoinithe ag Research Ireland-Taighde Éireann, agus BioInnovate, clár comhaltachta Thionscnamh na Nuálaithe de chuid Fhiontraíocht Éireann.

 Bhí an méid seo le rá ag an Aire O’Donovan: "Tá an-áthas orm a bheith anseo inniu chun an Institiúid nua don Fhionnachtain agus Nuálaíocht Sláinte in Ollscoil na Gaillimhe a sheoladh go hoifigiúil. Tá breis agus 200 taighdeoir agus acadóir ag teacht le chéile sa tionscnamh ceannródaíoch seo chun ár dtuiscint faoi ghalair agus réitigh nuálaíocha cúraim sláinte a fhorbairt.

Cuirfidh an saineolas atá bailithe le chéile go straitéiseach faoi choimirce na hInstitiúide le forbairt faoi threoir taighde san Ollscoil agus láidreoidh sé an seasamh atá againn mar mhol domhanda don nuálaíocht i dteicneolaíocht an leighis.

Dúirt Uachtarán Eatramhach Ollscoil na Gaillimhe, an tOllamh Peter McHugh: Tá Ollscoil na Gaillimhe tiomanta do shárchaighdeán taighde mar bhuntaca an teagaisc agus na foghlama ón uair a bunaíodh í sna 1840í. Léiriú nua ar a uaillmhianaí is atáimid maidir leis an taighde is ea bunú na hInstitiúide don Fhionnachtain agus Nuálaíocht Sláinte mar aon leis an Institiúid do Thrialacha Cliniciúla ar cuireadh tús léi le gairid. 

Cuirimid fáilte roimh an Aire O'Donovan agus tús an aistir nua seo á fhógairt aige. Tá uainn timpeallacht a chothú inar féidir úsáid a bhaint as buntaighde eolaíoch chun cóireálacha agus idirghabhálacha leighis a aimsiú a d'fhéadfadh saol an duine a athrú agus a bheidh chun leas na sochaí. Bheadh, ar an gcaoi sin, an misean atá againn freastal ar leas an phobail comhlíonta. 

 Is é an tOllamh Ted Vaughan atá ina Stiúrthóir Eatramhach ar an Institiúid don Fhionnachtain agus Nuálaíocht Sláinte. Cuimseofar lena cuid oibre iomláine an taighde san eolaíocht bhithleighis agus innealtóireachta, buneolaíocht agus fionnachtain san áireamh, i réimsí cosúil le bitheolaíocht ailse; bitheolaíocht chille agus chromasóim; innealtóireacht bhithleighis agus teicneolaíochtaí leighis; leigheas athghiniúnach; néareolaíocht; diagnóisic; agus ardteiripic.  

 Fágfaidh acmhainn taighde nua na hollscoile go mbeifí in ann forbairtí úrnua san eolaíocht a chur chun tairbhe trialacha cliniciúla agus cúram sláinte trí dhlús a chur le soláthar teiripí agus réitigh leighis a bheidh idir cheannródaíoch agus, seans, suaiteach, mar aon leis an gcaoi a gcuirtear chun feidhme iad i gcás cóireáil in aghaidh galar. 

Críoch 

 

Oifig Margaíochta agus Cumarsáide.

PreviousNext

Featured Stories