Déanann Ollscoil na Gaillimhe ceiliúradh ar 175 bliain ó thosaigh na chéad mhic léinn

Clann Alexander Anderson, fisiceoir Éireannach agus Uachtarán Choláiste na Banríona, Gaillimh (1899-1934), agus san áireamh Emily Anderson, Ollamh le Gearmáinis agus códscaoilteoir clúiteach, in 1904 ag príomhdhoras áit chónaithe an Uachtaráin in Ollscoil na Gaillimhe. Tógtha ó Bhailiúchán Ghrianghraif an Choláiste i Leabharlann Ollscoil na Gaillimhe.
Oct 30 2024 Posted: 16:41 GMT

Déanann Oidhreacht an Léinn comóradh ar na chéad mhic léinn a cláraíodh in 1849 – ceithre bliana i ndiaidh bhunú na hOllscoile

Tá sraith imeachtaí cruthaitheacha fógartha ag Ollscoil na Gaillimhe inniu chun ceann d'ócáidí móra dá stair a chomóradh trí cheiliúradh a dhéanamh ar na 175 bliain atá caite aici i mbun oideachais.

Shiúil na chéad mhic léinn faoin Áirse stairiúil agus isteach sa Chearnóg ag meán lae, Dé Máirt, an 30 Deireadh Fómhair 1849 chun tús a chur lena gcúrsaí staidéir agus foghlama ceithre bliana i ndiaidh bhunú na hOllscoile in 1845 mar Choláiste na Banríona, Gaillimh.

D'éirigh le 68 mac léinn sna scrúduithe máithreánacha in 1849 agus thug siad faoin staidéir in 21 ábhar, mar shampla Gréigis agus Loighic agus Meitifiseas, i nDámh na nDán, Dámh an Leighis agus Dámh an Dlí, agus i Scoil na hInnealtóireachta Sibhialta agus Scoil na Talmhaíochta.

Tá roinnt imeachtaí eagraithe ag an Ollscoil chun an ócáid seo a cheiliúradh faoin teideal "Oidhreacht an Léinn: 1849-2024".

  • As Síol Beag a Fhásann an Crann is Airde

Tá cuireadh á thabhairt don fhoireann, na mic léinn agus alumni "crann darach a uchtú". Tá isteach is amach le 68 crann darach óga – ceann amháin do gach duine dár gcéad mhic léinn – tar éis fás as dearcáin a bhí curtha i bhfolach ar thailte an champais ag na scréachóga coille áitiúla. Cuirfear ceann amháin acu ar chúl na Cearnóige agus tá an chuid eile acu á thairiscint don fhoireann, do na mic léinn agus alumni chun iad a chur ina ngáirdíní féin ar mhaithe leis an mbithéagsúlacht agus mar shiombail d'oidhreacht 175 bliain de mhic léinn na Gaillimhe. Tionscadal comhoibríoch tras-champais atá i gceist faoi stiúir an Dr Caitríona Carlin ó Aonad Éiceolaíochta Feidhmí na hOllscoile agus Diarmaid Mahon, Maoirseoir, Tailte agus Tírdhreachtú, le tacaíocht ó mhic léinn Eolaíochta Comhshaoil.

  • Athléiriú de Ghrianghraf Stairiúil

Tá roinnt bailiúchán oidhreachta i seilbh na hOllscoile agus tá foireann na Leabharlainne tar éis rogha grianghraf a thugann blaiseadh dúinn den ré sin a thiomsú de na mic léinn agus den champas i mblianta luatha na hOllscoile. Tá comórtas á eagrú anois chun an Oidhreacht Léinn leanúnach sin a chomóradh. Iarrtar ar mhic léinn ceann de na grianghraif stairiúla a athchruthú nó a athléiriú i suíomh comhaimseartha.

  • 100 Réad Leabharlann na hOllscoile

Tá taispeántas seolta ag Leabharlann na hOllscoile chun aird a tharraingt ar 100 réad óna mbailiúcháin a léiríonn cleachtais oibre fhoireann na leabharlainne i gcaitheamh na mblianta chomh maith lenár gcartlanna uathúla agus ár mbailiúcháin speisialta.  Is féidir léirmhíniú a fháil ar stair agus ar fhorbairt na Leabharlainne trí phriosma na réad sin, ar roghnaíodh iad mar thoradh ar thionscadal a stiúir Marie Boran, Leabharlannaí na mBailiúchán Speisialta, agus san áireamh leo tá íomhánna ó leabhair, lámhscríbhinní, bailiúcháin chartlainne, litreacha, grianghraif, nuachtáin, troscán leabharlainne, stáiseanóireacht agus déantáin. Tá an taispeántas oscailte don phobal anois i bhforhalla Áras Uí Argadáin.

  • Céimithe a Scríobh Leabhar a Cheiliúradh

Tá cáil ar shiopa leabhar Charlie Byrne i lár chathair na Gaillimhe as a cruthaithí a bhíonn a dtaispeántais fuinneoige. Mar chomóradh ar Oidhreacht Léinn na hOllscoile, tá taispeántas leabhar atá scríofa ag céimithe na Gaillimhe i gcaitheamh na mblianta curtha i dtoll a chéile chun ceiliúradh a dhéanamh ar an tionchar a bhí ag an aos léinn, idir mhic léinn agus scoláirí, le 175 bliain anuas.

Faigh tuilleadh eolais faoi na tionscnaimh seo ag an nasc seo: www.universityofgalway.ie/ourhistory

 

Dúirt Uachtarán Eatramhach Ollscoil na Gaillimhe, an tOllamh Peter McHugh: “Le linn an tréimhse ba mheasa de Ghorta Mór na hÉireann, tráth a raibh géarchéim shóisialta agus éiceolaíoch ollmhór ann, bhí de mhisneach ag 68 mac léinn tús a chur lena n-oideachas ag an Ollscoil seo againne agus iad ag súil le saol níos fearr agus a gcion a dhéanamh chun an domhan a fheabhsú.

"Beireann mic léinn an lae inniu leo an traidisiún fada misnigh, dóchais agus méine sin, agus áirítear leo na 3,368 mac léinn a chláraigh linn ar chúrsaí staidéir den chéad uair i mbliana. Déanann an comóradh seo ar ár nOidhreacht Léinn ceiliúradh ar na rúin sin, agus ar thóir an bhairr feabhais i dteagasc, foghlaim agus taighde."

 

Seo mar a labhair an tUachtarán Ionaid agus Meabhránaí Eatramhach, an tOllamh Becky Whay: “Grúpa beag mac léinn a bhí againn nuair a thosaigh muid, díreach 68 acu, arb as an t-oileán seo iad ar fad, ach anois tá breis agus 20,000 mac léinn againn a thagann chuig cathair na Gaillimhe as gach cearn d'Éirinn agus as breis agus 100 tír ar fud an domhain. Táimid bródúil as an tionchar mór a d'imir siad, agus atá á imirt acu, ar an bpobal agus ar an gcathair agus cibé áit ina bhfuil siad ar domhan, agus is údar mórtais dúinn é a bheith in ann 175 bliain den oideachas i gcroílár na Gaillimhe agus iarthar na hÉireann a cheiliúradh.

 

Dúirt Catríona Cannon, Ceannasaí na mBailiúchán Oidhreachta agus an Digitithe, Ollscoil na Gaillimhe: “Údar bróid dúinn i Leabharlann Ollscoil na Gaillimhe taifid is luaithe na hOllscoile ina bhfuil fianaise ar bhlianta luatha an tsaoil acadúil i nGaillimh a bheith inár seilbh. Tá fáil ar na leabhair a bhí á léamh ag ár gcéad mhic léinn sna Bailiúcháin Speisialta, agus áirítear bailiúcháin chartlainne agus dhigiteacha uathúla agus éagsúla sna Bailiúcháin sin chomh maith. Agus muid ag tabhairt aghaidh ar an todhchaí agus ag féachaint le Leabharlann agus Ionad Foghlama nua a fhorbairt, tugann an taispeántas 100 Réad Leabharlann na hOllscoile deis dúinn machnamh a dhéanamh ar na forbairtí suntasacha inár stair agus ár gcleachtas gairmiúil ó 1849."

Bunaíodh Ollscoil na Gaillimhe de bhun an Colleges (Ireland) Act in 1845. Coláiste na Banríona, Gaillimhe an chéad ainm a bhí ar an Ollscoil agus cuireadh ar bun í, mar aon lena comhcholáistí i gCorcaigh agus Béal Feirste, chun oideachas ollscoile neamh-shainchreidmheach a chur ar fáil do lucht meánaicme na hÉireann a bhí ag teacht i dtreis an uair sin.

Lean foirgneamh na Cearnóige múnla Christ Church in Ollscoil Oxford agus baineadh úsáid as aolchloch áitiúil chun é a thógáil i stíl Ghotach na dTúdarach. Togra Faoisimh an Ghorta Mhóir a bhí i gceist leis an tógáil.

Críoch

Oifig Margaíocht agus Cumarsáid.

Next

Featured Stories