Cuireann Ollscoil na Gaillimhe leis an oideachas cúraim sláinte

Ollscoil na Gaillimhe.
Oct 18 2024 Posted: 11:31 IST

Deimhníonn an Rialtas níos mó ná 120 áit do mhic léinn ar chláir nua sa Chógaisíocht agus sa Leigheas (Iontráil do Chéimithe)

Inniu, d’fhógair an tAire Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta, Patrick O’Donovan T.D., pleananna go bhfuiltear chun cur leis na cláir cúraim sláinte in Ollscoil na Gaillimhe.

Tá dhá chlár céime nua i gceist leis an bhforbairt a sholáthróidh 123 áit do mhic léinn.

Dúirt Uachtarán Eatramhach Ollscoil na Gaillimhe, an tOllamh Peter McHugh:  “Cuireann infheistíocht an Rialtais in oideachas cúraim sláinte in Ollscoil na Gaillimhe ar ár gcumas céim shuntasach a ghlacadh i dtreo ár gcuspóirí straitéiseacha a chomhlíonadh maidir le hoideachas agus oiliúint den scoth a sholáthar, bunaithe ar thaighde ardtionchair, a rachaidh go mór i dtreo aghaidh a thabhairt ar riachtanais lucht saothair cúraim sláinte na tíre seo.

“Táimid ag tnúth le fáilte a chur roimh mhic léinn ar na cláir iontacha nua seo agus leanúint orainn ag cur feabhas mór ar chúram sláinte ag an leibhéal áitiúil agus réigiúnach, náisiúnta agus domhanda.”

Bhí an méid seo le rá ag an Aire O’Donovan: “Táim ar bís an tionchar a bheidh ag na tionscadail nua seo ar an earnáil sláinte agus orthu siúd a bhaineann leas as na seirbhísí a fheiceáil. Is cinnte go bhfuil an cumas acu earnáil an ardoideachais a athrú ó bhonn agus tuilleadh deiseanna a chur ar fáil do mhic léinn tabhairt go díograiseach faoi chúram sláinte agus faoi leigheas.”

Is príomhghné d’iarrachtaí Choláiste an Leighis, an Altranais agus na nEolaíochtaí Sláinte é oideachas cúraim sláinte a leathnú in Ollscoil na Gaillimhe chun aghaidh a thabhairt ar ghanntanas lucht saothair cúraim sláinte ríthábhachtach in Éirinn, atá ag teacht le Plean Straitéiseach an Choláiste 2022-25.

Tá an dá chlár ag teacht le misean na hOllscoile chun sláinte agus folláine a chur chun cinn trí oideachas, taighde agus nuálaíocht.

Leigheas (Iontráil do Chéimithe) – Clár ceithre bliana a thairgeann cosán brostaithe isteach sa Leigheas do chéimithe, agus a thugann deis dóibh tógáil ar na héachtaí acadúla a bhain siad amach roimhe seo go mbeidh siad ina ngairmithe leighis cáilithe. Beidh 48 áit ar fáil.

Díreoidh an clár freisin ar mhic léinn a ullmhú do ghairmeacha sa leigheas tuaithe agus cianda, ag cinntiú go mbeidh rochtain ag gach pobal, lena n-áirítear iad siúd i gceantair nach bhfuil freastal maith á dhéanamh orthu, ar ghairmithe cúraim sláinte oilte.

Cógaisíocht (MPharm) – Clár Máistreachta cúig bliana, le hoideachas sa chógaisíocht, a nascann foghlaim theoiriciúil le hoiliúint phraiticiúil. Tar éis creidiúnú a dhearbhú, táthar ag súil go mbeidh 45 áit do mhic léinn sa chéad bhliain iontrála agus 75 áit ina dhiaidh sin.

Tá na dátaí ar a dtósóidh an chéad ghrúpa mac léinn ar an dá chlár le deimhniú.

Dúirt an tOllamh Martin O’Donnell, Déan Choláiste an Leighis, an Altranais agus na nEolaíochtaí Sláinte in Ollscoil na Gaillimhe: “Cabhróidh na cláir nua seo sa Chógaisíocht agus sa Leigheas (Iontráil do Chéimithe) go mór le hoiliúint a chur ar an gcéad ghlúin eile de ghairmithe cúraim sláinte, agus tabharfar na scileanna agus an t-eolas atá riachtanach dóibh chun dul i ngleic leis na dúshláin a bhaineann le cúram sláinte nua-aimseartha agus na todhchaí. Tá Coláiste an Leighis, an Altranais agus na nEolaíochtaí Sláinte san Ollscoil dírithe ar chur chuige nuálaíoch a chur chun cinn maidir le hoiliúint a chur ar lucht saothair cúraim sláinte ar mhaithe le gach duine inár bpobail."

Dúirt an Dr Martina Ní Chúlain, an Stiúrthóir Forbartha Straitéisí i gColáiste an Leighis, an Altranais & na nEolaíochtaí Sláinte in Ollscoil na Gaillimhe: “Tá Straitéis an Choláiste á spreagadh ag tiomantas chun freastal ar riachtanais ár réigiúin, na tíre, ár gcomhpháirtithe cliniciúla, agus níos tábhachtaí ná aon rud eile, ár gcuid mac léinn. Táimid tiomanta a chinntiú go bhfuil rochtain ag mic léinn ón Iarthar agus ón Iarthuaisceart ar oideachas ceannródaíoch agus ar thimpeallachtaí foghlama den chéad scoth. Tá ár gcláir deartha chun todhchaí cúraim sláinte a mhúnlú, agus tá tionscnaimh ar nós an MPharm chun tosaigh trí oiliúint a chur ar oideasóirí cógaiseora chun freastal ar na héilimh a bhaineann le réimse cúraim sláinte atá ag athrú. Is am spreagúil é seo ina bhfuil an t-uafás athruithe ag tarlú, agus táimid bródúil as bheith ar thús cadhnaíochta san athrú seo.”

Dúirt Tony Canavan, Oifigeach Feidhmiúcháin Réigiúnach FSS an Iarthair agus an Iarthuaiscirt: “Cabhróidh na cúrsaí seo go mór le soláthar cúraim sláinte san Iarthar agus san Iarthuaisceart amach anseo. Tacóidh siad le múnla Sláintecare chun seirbhís sláinte shábháilte ar ardchaighdeán a chur ar fáil a dhéanfaidh freastal ar riachtanais an phobail atá ag dul i méid, agus an cúram ceart a sholáthar san áit cheart ag an am ceart.”

 

Críoch

 

Oifig Margaíocht agus Cumarsáid.

Next

Featured Stories