-
Courses
Courses
Choosing a course is one of the most important decisions you'll ever make! View our courses and see what our students and lecturers have to say about the courses you are interested in at the links below.
-
University Life
University Life
Each year more than 4,000 choose University of Galway as their University of choice. Find out what life at University of Galway is all about here.
-
About University of Galway
About University of Galway
Since 1845, University of Galway has been sharing the highest quality teaching and research with Ireland and the world. Find out what makes our University so special – from our distinguished history to the latest news and campus developments.
-
Colleges & Schools
Colleges & Schools
University of Galway has earned international recognition as a research-led university with a commitment to top quality teaching across a range of key areas of expertise.
-
Research & Innovation
Research & Innovation
University of Galway’s vibrant research community take on some of the most pressing challenges of our times.
-
Business & Industry
Guiding Breakthrough Research at University of Galway
We explore and facilitate commercial opportunities for the research community at University of Galway, as well as facilitating industry partnership.
-
Alumni & Friends
Alumni & Friends
There are 128,000 University of Galway alumni worldwide. Stay connected to your alumni community! Join our social networks and update your details online.
-
Community Engagement
Community Engagement
At University of Galway, we believe that the best learning takes place when you apply what you learn in a real world context. That's why many of our courses include work placements or community projects.
November Ollscoil na Gaillimhe ag ceiliúradh agus breis agus 3,300 duine ag fáil a gcéime ag na searmanais bhronnta
Ollscoil na Gaillimhe ag ceiliúradh agus breis agus 3,300 duine ag fáil a gcéime ag na searmanais bhronnta
Dámhachtainí Oinigh le bronnadh ar dheichniúr daoine clúiteacha
Beidh breis agus 3,300 mac léinn ag filleadh ar an gcampas chun go mbronnfar a gcáilíocht acadúil orthu ag searmanais bhronnta an gheimhridh in Ollscoil na Gaillimhe.
Cuirfear tús leis an gceiliúradh ar an gcampas inniu agus leanfar leis go dtí Dé Céadaoin, an 27 Samhain.
I rith na seachtaine freisin bronnfaidh an Ollscoil céimeanna oinigh ar an deichniúr seo a leanas mar aitheantas as a bhfuil bainte amach acu agus as an obair atá déanta acu:
- Martin Griffiths, Fo-Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe le haghaidh Gnóthaí Daonnúla agus Comhordaitheoir na Fóirithinte Éigeandála – Dochtúir le Dlíthe
- Tony Connelly, iriseoir agus údar, agus Eagarthóir Eorpach Nuacht RTÉ – Dochtúir le Litríocht
- Keith Finnegan, craoltóir agus iarláithreoir an chláir Galway Talks ar Galway Bay FM – Dochtúir le Litríocht
- Dolores Keane, amhránaí tíre Éireannach den stíl thraidisiúnta a bhfuil cáil idirnáisiúnta uirthi – Dochtúir le Ceol
- An tOllamh Paul Yock agus an Dr Joshua Makower, bunaitheoirí Stanford Biodesign a thug tacaíocht do bhunú BioInnovate Ireland – Dochtúir le hEolaíocht
- Owen Reidy, Ard-Rúnaí Chomhdháil na gCeardchumann (ICTU) – Dochtúir le Dlíthe
- An Dr Éanna Ní Lamhna, luibheolaí agus feithideolaí, láithreoir agus craoltóir – Dochtúir le hEolaíocht
- Marina Fiddler agus Tara Nic Dhiarmada, bunaitheoirí MADRA – Mutts Anonymous Dog Rescue and Adoption – Dochtúir le Dlíthe
Dúirt Uachtarán Eatramhach Ollscoil na Gaillimhe, an tOllamh Peter McHugh: “Tá lúcháir orm a bheith in ann aitheantas a thabhairt don ghrúpa daoine eisceachtúla seo, agus an gradam seo a bhronnadh orthu agus muid ag déanamh ceiliúradh chomh maith ar a bhfuil bainte amach ag 3,350 mac léinn dár gcuid i gceithre Choláiste na hOllscoile. Tréaslaím leis na daoine clúiteacha seo ar fad, agus beimid ag teacht le chéile mar phobal ollscoile le hómós a léiriú dóibh sin, agus do na daoine a bhfuil a gcéim le bronnadh orthu, ag searmanais bhronnta an gheimhridh. Is ócáidí iad seo a bhfuil tábhacht leo. Meabhraíonn siad dúinn go léir an chúis a bhfuilimid ann agus an méid a dhéanaimid ar son mhic léinn na hOllscoile seo.”
Bhí an méid seo le rá ag an Ollamh Becky Whay, an tUachtarán Ionaid agus Meabhránaí Eatramhach: “Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le gach céimí as a gcéim a bhaint amach. Is léiriú é ar a gcumas, a saothar agus a ndúthracht le blianta fada. Ba mhaith liom freisin comhghairdeas a dhéanamh leis na daoine eisceachtúla a mbronnfar céimeanna oinigh orthu. Tá a chion féin déanta ag gach céimí oinigh díobh sna réimsí éagsúla seo a leanas: forbairt pobail, an saol poiblí, cultúr agus taibhiú, cearta an duine, agus taighde. Thar ceann Ollscoil na Gaillimhe tá áthas orm ómós a léiriú dóibh as a bhfuil bainte amach acu.”
Tá sceideal iomlán shearmanais bhronnta an gheimhridh 2024 le fáil ag https://www.universityofgalway.ie/conferring/guide/autumn-conferring/
Críoch