Seomra Galway John tiomnaithe ag Ollscoil na Gaillimhe

Helena Sherlock, Bernie McDonagh, Rebecca Sherlock, Jason Sherlock, Owen Ward, Owen O’Connor, Iarchomhaltaí de choiste Chumann Mincéirs Whiden.
Jun 04 2024 Posted: 12:08 IST

Tá sé fógartha ag Ollscoil na Gaillimhe go bhfuil saoráid teagaisc oscailte ar an gcampas, Seomra Galway John, atá ainmnithe in ómós don Taistealaí Éireannach iomráiteach John Ward, a rugadh agus a tógadh i gCathair na Gaillimhe.

Rugadh ‘Galway John’ ar Lána an Uisce ar an mBóthar Mór, Gaillimh, an 18 Meitheamh 1913. Chreid sé go láidir i luach an oideachais.

I gcomhairle le gaolta, d’oibrigh Jason Sherlock, arbh é Galway John a shin-seanathair agus alumnus de chuid Ollscoil na Gaillimhe i gcomhpháirt le foireann na hollscoile ar an tionscadal chun an seomra a ainmniú i ndiaidh Galway John.

            Dúirt Jason Sherlock an méid seo a leanas: “Bhí aithne ar Galway John as a phearsantacht thaitneamhach. Bhí an-ómós ag an bpobal lonnaithe do John i gcónaí agus mheas siad gur nasc láidir a bhí ann idir na Taistealaithe agus an pobal lonnaithe. Sa lá atá inniu ann, tá an t-oideachas ríthábhachtach chun difríochtaí a chéile a thuiscint agus mar is eol do go leor Mincéirí, tá sé deacair dul chun cinn a dhéanamh in áit nach mothaíonn tú go bhfuil aon ghnó agat ann. Tá súil againn go léir, tríd an seomra ranga seo a ainmniú i ndiaidh Galway John agus scéal na Mincéirí a insint go n-aireoidh Taistealaithe na hÉireann go bhfuil áit acu ar an gcampas.”

            Dúirt Uachtarán Ollscoil na Gaillimhe, an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh: “Tá tábhacht ar leith ag baint le Seomra Galway John mar is tráth stairiúil é seo i saol na hOllscoile. Den chéad uair riamh, tá seomra ranga buan á thiomnú againn in ómós do Thaistealaí Éireannach, ag tabhairt aitheantas do shaothar saibhir cultúrtha agus teacht aniar Thaistealaithe na hÉireann. Nuair a bhí mé ag fás aníos, shiúil mé tríd an gcampas amhail is dá mba liom féin é. Ba mhaith liom go mbraithfeadh gach duine mar an gcéanna, go bhfuil an Ollscoil seo mar dhlúthchuid dá saol. Tá an tionscnamh seo ag teacht leis an tiomantas sin chun cuimsiú, éagsúlacht agus tuiscint a chothú inár dtimpeallacht acadúil, áit a bhfuil fáilte roimh chách.”

Mar Thaistealaí Éireannach, champáil John in go leor áiteanna ar champas na hOllscoile agus gar dó, in aice le hArd-Eaglais na Gaillimhe agus Ascaill na Naoscach ina measc, chomh maith le háiteanna eile sa chathair ar nós Loch an tSáile. Tá cuid d’fhoirgnimh na hOllscoile tógtha ar thailte ina mbíodh Taistealaithe na hÉireann ag cur fúthu.

Bhí an-aithne ar Galway John agus ar a bhean Bridget Ward, nó Big Biddy Ward, ar fud iarthar na hÉireann as a macántacht agus a gcuid oibre crua, agus bhí Mícheál D agus Dolores Keane i measc an iliomad cairde a bhí acu.

Thaistil siad ar fud na tíre mar lánúin, ag obair agus ag saothrú a gcuid ag dul go hiondúil ó Ghaillimh, Baile Átha an Rí, Creachmhaoil, an Gort, Luimneach, Cill Airne, Mórchuaird Chiarraí, Inis, Cill Rois, an Leithinse, Dúlainn, Baile Uí Bheacháin, Cinn Mhara, Cill Cholgáin agus ar ais arís. Bhí a n-iníon Anne Sherlock ina ball de Mincéir Misle, ceann de na chéad eagraíochtaí náisiúnta a bhunaigh Mincéirí ar son na Mincéirí.

Bhí cúpla ceird ag Galway John idir a bheith ina ghabha stáin agus ina ghlantóir simléir. Bhí Caintis – teanga Thaistealaithe na hÉireann – Gaeilge agus Béarla ar a thoil aige. Seanchaí den scoth ba ea John, agus bhí an-chur amach aige ar fhinscéalta agus ar bhéaloideas na hÉireann, agus d’inseodh sé scéalta agus chanadh sé amhráin faoin saol ar an mbóthar.

Nuair a bhásaigh Galway John an 7 Eanáir 1981, d’fhreastail na mílte ar a shochraid in Ard-Eaglais na Gaillimhe. D’fhoilsigh go leor nuachtán tuairiscí ar Aifreann na Sochraide, áit ar fhreastail gach cineál duine idir Mhincéirí, an pobal lonnaithe, cheannairí gnó agus cathartha agus ionadaithe poiblí.

Críoch

Oifig Margaióchta agus Cumarsáide

PreviousNext

Featured Stories