Is í Ollscoil na Gaillimhe an Ollscoil is fearr in Éirinn ó thaobh na hInbhuanaitheachta de

An Dr Richard Manton, an Stiúrthóir Inbhuanaitheachta; Molly Hickey; an tOllamh Pól Ó Dochartaigh, IarUachtarán Ionaid agus Meabhránaí agus Cathaoirleach Bhord Comhairleach Inbhuanaitheachta na hOllscoile; Michelle O’Dowd Lohan, Oifigeach Inbhuanaitheachta Pobail agus Ollscoile; Peadar O’Neill; agus an Dr Alma Clavin, Léachtóir le hInbhuanaitheacht agus le hOideachas don Fhorbairt Inbhuanaithe. Creidiúint – Aengus McMahon
Jun 03 2024 Posted: 14:08 IST

Tá aitheantas faighte ag Ollscoil na Gaillimhe mar an ollscoil forbartha inbhuanaithe is fearr in Éirinn den tríú bliain as a chéile.

 

Bhronn ranguithe Tionchair Times Higher Education an gradam mar aitheantas ar dhul chun cinn na hOllscoile maidir le freagairt do Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna) na Náisiún Aontaithe.

 

Chomh maith leis sin, tá Ollscoil na Gaillimhe áirithe i measc an 50 ollscoil is fearr ar domhan agus aitheantas domhanda acu chuige sin as a bhfuil déanta acu maidir le haon cheann déag de sheacht SDG déag na NA a chur chun cinn. Áirítear leis seo go bhfuilimid rangaithe sa 10ú háit go domhanda maidir le Tomhaltas agus Táirgeadh Freagrach (SDG 12) agus i measc an 100 ollscoil is fearr maidir le 6 cinn de na 17 SDG.

 

Seo mar a labhair Uachtarán Ollscoil na Gaillimhe, an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh: “Is mór an t-éacht é Ollscoil na Gaillimhe a bheith rangaithe arís i mbliana i measc an 50 ollscoil is fearr ar domhan. Is aitheantas iontach é freisin a bheith ainmnithe ar an gcéad ollscoil, an ollscoil is fearr in Éirinn, as an obair agus an dul chun cinn atá déanta againn ar ár gcroíluach inbhuanaitheachta.

 

“Tá moladh mór ag dul don fhoireann ar fud na hollscoile as an éacht seo a dhéanamh, sa teagasc agus san fhoghlaim, sa taighde agus inár gcuid oibre ó lá go lá. Tá an t-aitheantas céanna tuillte ag mic léinn na hollscoile seo a chuir an inbhuanaitheacht chun tosaigh ar ár gclár oibre nuair a bhí ár straitéis Fís i gCoiteann, Múnlaithe ag Luachanna 2020-2025 á forbairt againn. Ní tharlódh sé seo gan fuinneamh, paisean agus díograis phobal muiníneach na hollscoile seo.

 

“Is í an inbhuanaitheacht agus gníomhú ar son na haeráide na clocha is mó ar ár bpaidrín faoi láthair. Ag an am seo agus as an áit seo, tá áthas orainne in Ollscoil na Gaillimhe ceannasaíocht a ghlacadh, ar mhaithe le leas an phobail.”

 

In eagrán 2024 de Ranguithe Tionchair Times Higher Education tá an Ollscoil sa 47ú háit as 1,963 institiúid ar fud an domhain, agus tá sí sa chéad 5 institiúid is fearr san AE.

 

Tá measúnuithe do ranguithe Tionchair THE bunaithe ar aighneachtaí ó ollscoileanna ar fud an domhain i gcomhréir le 17 Sprioc Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe. Is léiriú í an tuarascáil ar an tionchar dearfach sóisialta agus eacnamaíoch atá ag institiúidí ar an bpláinéad; lena n-áirítear gníomhú ar son na haeráide, comhionannas inscne, dea-shláinte agus folláine.

 

Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Ollamh Peter McHugh, Uachtarán Ionaid agus Meabhránaí na hOllscoile agus Cathaoirleach Bhord Comhairleach Inbhuanaitheachta na hOllscoile: “Comhghairdeas ó chroí leis an bhfoireann a d’oibrigh chun go mbeadh an Ollscoil san áit a bhfuil sí inniu. Trínár gcomhpháirtíocht inbhuanaitheachta pobail agus ollscoile, tá campas níos inbhuanaithe á chruthú againn le chéile agus táimid ag neadú na hinbhuanaitheachta i ngach gné den fhoghlaim agus den taighde, den chultúr, de na hoibríochtaí agus den rialachas. Bhunaíomar Oifig Inbhuanaitheachta le déanaí mar thaca leis na hiarrachtaí seo agus chun pobail ilghnéitheacha na hOllscoile ina bhfuil idir fhoireann, mhic léinn agus chomhpháirtithe a chumasú.”

 

“Tagann rangú an lae inniu sna sála ar an ngradam a bronnadh ar an Ollscoil ag Gradaim Oideachais 2024 i mí Aibreáin, áit ar bhuamar an phríomhdhuais as Barr Feabhais maidir le hInbhuanaitheacht. Táimid an-bhródúil freisin gur muidne an chéad ollscoil a ainmníodh mar Churadh na Spriocanna Forbartha Inbhuanaitheachta náisiúnta. Aitheantas a bhí ansin don cheannaireacht a léiríomar nuair a bhaineamar na SDGanna amach. Mholfainn do chuairteoirí dul ag siúl ar ár gConair SDG agus ar ár gConair Bhithéagsúlachta le go bhfeicfidh siad féin an bealach ar fhorbair muid an campas mar a bheadh saotharlann bheo ann do na SDGanna.”

 

Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Dr Richard Manton, an Stiúrthóir Inbhuanaitheachta: “Ag féachaint romhainn, is é an fhís atá againn go mbeidh gach mac léinn a bhainfidh céim amach in Ollscoil na Gaillimhe tar éis dul i ngleic le gnéithe éagsúla den inbhuanaitheacht agus le SDGanna na NA ina gcéim. Leanfaimid orainn ag cur le bithéagsúlacht ár gcampais agus is mian linn bogadh i dtreo na neodrachta carbóin. Mar a aithnítear in SDG 17, Comhpháirtíocht do na Spriocanna, ní éireoidh linn ár gcuspóirí inbhuanaitheachta a bhaint amach mura n-oibrímid i ndlúthpháirt lenár gcomhpháirtithe sa chathair agus sa réigiún seo.”

 

Tá dul chun cinn suntasach á dhéanamh ag Ollscoil na Gaillimhe maidir lena cuid spriocanna inbhuanaitheachta: 

  • Tá cáil dhomhanda ar a cuid taighdeoirí as teicneolaíocht leighis, mhuirí agus chomhshaoil, réitigh fuinnimh inbhuanaithe, anailísíocht sonraí, cultúr agus cruthaitheacht. Agus tá ról tábhachtach acu sin go léir i gcur i bhfeidhm na SDGanna.
  • Tá an inbhuanaitheacht á neadú ag léachtóirí sa churaclam agus tá uirlis rianaithe nua forbartha ag an Ollscoil chun ábhar SDG ár gcúrsaí a dhéanamh amach.
  • Is binse tástála iad campas agus foirgnimh Ollscoil na Gaillimhe do ghníomhaíochtaí dearfacha inbhuanaitheachta. Ó 2006 i leith, tá an Ollscoil tar éis na spriocanna a bhí leagtha amach aici a shárú trí laghdú 50% a dhéanamh ar úsáid fuinnimh ar fud an champais. Tá painéil Ghréine PV curtha isteach againn i bhfoirgnimh ar fud an champais agus tá tionscadal taispeántóra caidéil teasa gheoiteirmigh curtha i gcrích againn chun an linn snámha san Ionad Spóirt a théamh. Busanna leictreacha atá sna busanna atá in úsáid againn do sheirbhís Páirceála agus Taistil na hOllscoile agus tá gréasán de scairdeáin uisce le hól curtha isteach taobh istigh agus taobh amuigh ar fud an champais.
  • In Ollscoil na Gaillimhe a bhí an chéad saotharlann san Eoraip ar bronnadh deimhniú Saotharlainne Glaise uirthi agus tá deimhniú mar shaotharlanna glasa ag na saotharlanna go léir in Áras Innealtóireachta Alice Perry anois.
  • Tá ár gcampas ar cheann de na campais is bithéagsúla in Éirinn: tá Bratach Campais Ghlas an Taisce againn. Thugamar isteach scéimeanna nua feabhsaithe bláthanna fiáine, boscaí éan, boscaí ialtóg, óstáin feithidí, coirceoga, cód lotnaidicídí atá oiriúnach do phailneoirí agus coirceog lomáin.

 

Críoch

 

Oifig Margaíocht agus Cumarsáid

PreviousNext

Featured Stories