An tOllamh Peter McHugh ceaptha ina Uachtarán Eatramhach ar Ollscoil na Gaillimhe

Thursday, 4 July 2024

Ollscoil na Gaillimhe
An tOllamh Peter McHugh ceaptha ina Uachtarán Eatramhach ar Ollscoil na Gaillimhe. Creidiúint - Martina Regan.

Tá ceapachán an Ollaimh Peter McHugh mar Uachtarán Eatramhach deimhnithe ag Údarás na hOllscoile in Ollscoil na Gaillimhe.

Tagann an deimhniú sna sála ar fhógra an 26 Meitheamh a thug le fios go raibh an cinneadh glactha ag an Ollamh Ciarán Ó hÓgartaigh éirí as mar Uachtarán.

Tá an tOllamh McHugh ag feidhmiú mar Uachtarán Ionaid agus Meabhránaí faoi láthair agus rachaidh sé i mbun ról an Uachtaráin Eatramhaigh i Meán Fómhair 2024.

Dúirt Máire Geoghegan-Quinn, Cathaoirleach Údarás na hOllscoile: “Thar ceann Údarás na hOllscoile, Ollscoil na Gaillimhe, ba mhaith liom fáilte a chur roimh cheapachán an Ollaimh Peter McHugh mar Uachtarán Eatramhach agus guím gach rath air sa ról sin. Beidh an tOllamh McHugh i gceannas ar an Ollscoil ag am ina mbeidh an iomaí dúshlán roimh an earnáil, ach tá seasamh láidir againn chomh maith agus muid ag díriú ar an todhchaí.”

            Dúirt an tOllamh McHugh: “Is mór an onóir domsa a bheith ceaptha mar Uachtarán Eatramhach ar Ollscoil na Gaillimhe agus ba mhaith liom buíochas a ghabháil le baill Údarás na hOllscoile as a dtacaíocht. Ba mhaith liom freisin buíochas a ghabháil leis an Uachtarán atá ag dul as oifig, an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh, as an tsárobair atá déanta aige, as a thiomantas do luachanna na hOllscoile mar atá meas, oscailteacht, barr feabhais agus inbhuanaitheacht le sé bliana anuas, agus as lámh a bheith aige in institiúid den scoth a dhéanamh d’Ollscoil na Gaillimhe.

"Táim ag súil go mór le forbairt a dhéanamh ar an iliomad éachtaí de chuid na hOllscoile. Beidh mé ag díriú ar an gcáil idirnáisiúnta atá orainn as barr feabhais sa teagasc, san fhoghlaim, sa taighde agus sa nuálaíocht a neartú agus a fhorbairt, ar ár ndícheall a dhéanamh chun an t-eispéireas mac léinn is fearr a bhaint amach, agus ar an bhfoireann a chumasú le héachtaí a bhaint amach.”

Thosaigh an tOllamh McHugh ag obair san Ollscoil in 1991 agus ceapadh é mar chéad Ollamh Bunaithe le hInnealtóireacht Bhithleighis in 2007. Tá tréimhsí caite aige roimhe seo mar Dhéan ar Choláiste na hInnealtóireachta agus na hIonformaitice, mar Cheann Scoile na hInnealtóireachta agus na hIonformaitice, agus mar Cheann Scoile na hInnealtóireachta.

Faoina stiúir mar Cheann Scoile, d’fhorbair Scoil na hInnealtóireachta a plean gnímh don chomhionannas inscne, agus de bharr na réamhoibre seo, bhain an scoil Gradam Airgid Athena SWAN amach in 2022, arb í an chéad Scoil Innealtóireachta in Éirinn ar éirigh léi an t-aitheantas sin a bhaint amach.

Ghlac an tOllamh McHugh le ról an Uachtaráin Ionaid agus Meabhránaí i mBealtaine 2024.

Tá aitheantas idirnáisiúnta tuillte aige mar cheannaire taighde san innealtóireacht bhithleighis agus cuid mhór taighde déanta aige ar bhunfhorbairtí agus ar fheidhmeanna modhanna ríomhaireachtúla agus turgnamhacha sa bhithmheicnic, i meicnic fíochán agus in ionchlannáin agus feistí leighis. Bhí sé ina cheannródaí i bhforbairt na hinnealtóireachta bithleighis in Éirinn agus go hidirnáisiúnta, agus ba é Stiúrthóir bunaidh an Ionaid Taighde Bithmheicnice (BioMEC) in Ollscoil na Gaillimhe é.

Tá lear mór dámhachtainí bronnta ar an Ollamh McHugh, agus san áireamh orthu sin tá ballraíocht in Acadamh Ríoga na hÉireann (2011), Bonn Airgid Acadamh Ríoga an Leighis in Éirinn – an Rannóg Bithinnealtóireachta (2011), Ainmní an Uachtaráin do Chomhaltacht Innealtóirí na hÉireann (2009), Comhaltacht Acadamh Innealtóireachta na hÉireann (2019) agus Comhaltacht Alexander von Humboldt (1995). Tá tréimhsí caite aige chomh maith i róil oifigigh in Acadamh Ríoga na hÉireann, arb é an ról is déanaí a bhí aige Rúnaí ar Pholasaí agus Caidrimh Idirnáisiúnta, áit a raibh sé ina ionadaí Éireannach do roinnt eagraíochtaí acadúla idirnáisiúnta, lena n-áirítear Comhairle Chomhairleach Eolaíochta Acadaimh na hEorpa (EASAC).

Críoch

Keywords: Press.

Author: Oifig Margaíochta & Cumarsáide, NUI Galway
« Back


Featured Stories