-
Courses
Courses
Choosing a course is one of the most important decisions you'll ever make! View our courses and see what our students and lecturers have to say about the courses you are interested in at the links below.
-
University Life
University Life
Each year more than 4,000 choose University of Galway as their University of choice. Find out what life at University of Galway is all about here.
-
About University of Galway
About University of Galway
Since 1845, University of Galway has been sharing the highest quality teaching and research with Ireland and the world. Find out what makes our University so special – from our distinguished history to the latest news and campus developments.
-
Colleges & Schools
Colleges & Schools
University of Galway has earned international recognition as a research-led university with a commitment to top quality teaching across a range of key areas of expertise.
-
Research & Innovation
Research & Innovation
University of Galway’s vibrant research community take on some of the most pressing challenges of our times.
-
Business & Industry
Guiding Breakthrough Research at University of Galway
We explore and facilitate commercial opportunities for the research community at University of Galway, as well as facilitating industry partnership.
-
Alumni & Friends
Alumni & Friends
There are 128,000 University of Galway alumni worldwide. Stay connected to your alumni community! Join our social networks and update your details online.
-
Community Engagement
Community Engagement
At University of Galway, we believe that the best learning takes place when you apply what you learn in a real world context. That's why many of our courses include work placements or community projects.
December Oíche Eolais Ollscoil na Gaillimhe do Mhic Léinn Lánfhásta agus d’Fhoghlaimeoirí Fásta
Oíche Eolais Ollscoil na Gaillimhe do Mhic Léinn Lánfhásta agus d’Fhoghlaimeoirí Fásta
Tá Ionad Rochtana Ollscoil na Gaillimhe ag reáchtáil a oíche eolais bhliantúil, agus i mbliana díreofar ar riachtanais na mac léinn lánfhásta agus na bhfoghlaimeoirí fásta atá ag smaoineamh ar thabhairt faoi staidéar lánaimseartha nó páirtaimseartha.
Beidh an oíche eolais ar siúl Dé Céadaoin, an 15 Eanáir ó 6.30pm-9pm san Institiúid Cúrsa Saoil agus Sochaí (Áras ILAS), Bóthar an Chaisleáin Nua Uachtarach, Ollscoil na Gaillimhe.
Tá an ócáid dírithe go háirithe orthu siúd atá 23 bliain d’aois nó níos sine atá ag iarraidh tuilleadh eolais a fháil faoi na roghanna staidéir atá ar fáil in Ollscoil na Gaillimhe.
Beidh deis ag an lucht freastail deiseanna a phlé le mic léinn lánfhásta reatha agus le saineolaithe na gcúrsaí a chabhróidh leo cinneadh a dhéanamh faoi na roghanna is fearr a oireann dá gcúinsí pearsanta agus dá riachtanais forbartha gairmiúla.
Bhí an méid seo le rá ag Kathleen Hartigan, Oifigeach na Mac Léinn Lánfhásta in Ionad Rochtana Ollscoil na Gaillimhe: “Chonaiceamar thar na blianta go mbíonn mic léinn lánfhásta díograiseach agus spreagtha chun foghlama, agus cuireann a ndúil san fhoghlaim go mór le pobal an champais. Táimid tiomanta an t-eolas atá de dhíth orthu a chur ar fáil dóibh le go mbeidh siad in ann an rogha oideachais is oiriúnaí dóibh féin a dhéanamh in Ollscoil na Gaillimhe.”
Beidh baill den Ionad Rochtana ar fáil chun ceisteanna a fhreagairt faoi chúrsaí réamh-ollscoile ar nós cúrsaí Rochtana/Bonnchúrsaí. Beidh foireann na Seirbhísí Tacaíochta Míchumais, a bhfuil saineolas acu faoin gcaoi tacú le mic léinn a bhfuil riocht sláinte (fisiciúil nó meabhrach) fadtéarmach orthu, nó a bhfuil deacracht shonrach foghlama acu, i láthair chun treoir a thabhairt do mhic léinn ionchasacha.
Cuirfidh Ionad Forbartha Gairmeacha na hOllscoile eolas ar fáil maidir le conairí gairme agus conas aistear oideachais agus gairme a phleanáil.
Dúirt Nuala McGuinn, Stiúrthóir an Ionaid Foghlama agus Forbartha Gairmiúla d’Aosaigh, Ollscoil na Gaillimhe: “Is iomaí dul chun cinn teicneolaíochta atá feicthe againn a chuireann atheagar ar fhorbairt an fhórsa saothair i dtionscail éagsúla. Tá tionchar ag na hathruithe seo ar an gcaoi a bhfoghlaimíonn daoine, a n-oibríonn siad agus a bhforbraíonn siad a gcuid scileanna. Cibé an bhfuil cúrsa micridhintiúr gearrthéarmach nó cúrsa solúbtha páirtaimseartha á lorg agat – ag leibhéal fochéime nó iarchéime – tá ár bhfoireann ar fáil chun roghanna a phlé leat.”
Ní mór clárú don ócáid seo. Cláraigh anseo nó seol ríomhphost chuig maturestudents@universityofgalway.ie
Tá tuilleadh eolais le fáil ag https://universityofgalway.ie/mature/
Críoch