Ollscoil na Gaillimhe le Céimeanna Oinigh a bhronnadh ar chúigear

Danny McCoy agus John Davoren
Aug 07 2024 Posted: 14:16 IST

 D’fhógair Ollscoil na Gaillimhe inniu na daoine a mbeidh Céimeanna Oinigh á mbronnadh orthu ag Searmanais Bronnta Céime an Fhómhair 2024.

Beidh na Céimithe Oinigh seo i gcomhluadar sa bhreis is 1,800 réamhchéimí ag searmanais a bheidh ar siúl ón Déardaoin, an 22 Lúnasa go dtí Dé Máirt, an 27 Lúnasa 2024.

Is iad an cúigear a mbronnfar Céimeanna Oinigh orthu:

  • Gerry Kilcommins (Dochtúir le hInnealtóireacht), IarLeas-Uachtarán Oibríochtaí Domhanda,
  • Danny McCoy (Dochtúir le hEolaíocht Eacnamaíochta), Príomhfheidhmeannach Ibec.
  • Mary Bennett (Dochtúir le hEolaíocht Eacnamaíochta), iar-úinéir shiopa mór le rá na Gaillimhe The Treasure Chest agus duine de bhunaitheoirí Chumann Gnó Chathair na Gaillimhe agus de Líonra Ban Gnó agus Gairmiúil na Gaillimhe.
  • John Davoren (Dochtúir le hEolaíocht), Comhstiúrthóir ar Scoil Allamuigh Seandálaíochta Chathair Chonaill agus úinéir Ionad Cuairteoirí Dhún Chathair Chonaill.
  • An tOllamh Jerome Sheahan (Dochtúir le hEolaíocht), Staitisteoir/matamaticeoir ar scor as Ollscoil na Gaillimhe.

Dúirt Uachtarán Ollscoil na Gaillimhe, an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh: “Is deis iad na searmanais seo chun aitheantas a thabhairt do dhaoine a bhfuil a luachanna agus a gcion ina ndea-shampla dúinn mar phobal ollscoile, agus atá ina n-eiseamláirí dár luachanna agus dár dtionchar ar an domhan agus ar son an domhain. Tá níos mó i gceist le hollscoileanna ná an méid a ndéanaimid: is pobail bhríomhara sinn, eiseamláirí dár luach don tsochaí agus dár luachanna sa tsochaí. Thar ceann ár bpobal Ollscoile, tréaslaím leo siúd go léir a dtugaimid ómós dóibh as an gcion thar na bearta atá déanta acu do Ghaillimh, d’Éirinn agus don phobal agus táim ag súil le teacht le chéile mar phobal ollscoile chun ómós a thabhairt dóibh, agus dár gcéimithe.”

Tá sceideal iomlán shearmanais bhronnta an fhómhair 2024 le fáil ag https://www.universityofgalway.ie/conferring/guide/autumn-conferring/

Críoch

Oifig Margaíochta agus Cumarsáide

PreviousNext

Featured Stories