Léargas úrnua ar stair na hOllscoile curtha ar fáil ag bailiúchán grianghraf na gComhaltaí Foirne ar Scor

(Ó chlé) An tOllamh ar scor Jane Conroy in éineacht leis an Ollamh Stephen G. Jennings, an Dr Jackie Uí Chionna and an Dr Séamus Mac Mathúna, iarRúnaí Acadúil san Ollscoil, ag féachaint ar ghrianghraif a bronnadh don taispeántas Stair Fhísiúil Ollscoil na Gaillimhe, Bailiúchán na gComhaltaí Foirne ar Scor. Grianghraf – Aengus McMahon
Apr 16 2024 Posted: 10:30 IST

Tá bailiúchán grianghraf foilsithe ina dtugtar spléachadh ar stair Ollscoil na Gaillimhe. Bailíodh na grianghraif agus rinneadh iad a chartlannú mar chuid de thionscadal arna urrú ag Agallamh na Seanórach.

Tháinig breis agus 350 íomhá chun solais agus rinneadh iad a dhigitiú. Isteach is amach le céad bliain atá i gceist leis an tréimhse a chlúdaítear leo, ó dheireadh an naoú céad déag go dtí lár na 1990idí. Tugann siad léargas ar shaol na hOllscoile ar bhealaí éagsúla, idir ócáidí foirmeálta, naisc leis an gcathair agus an réigiún, scéalta mac léinn agus comhaltaí foirne mar aon leis an gcaoi ar tháinig athrú ar charachtar agus ar thimpeallacht an champais.

Cuireadh tús leis an tionscadal i mí na Samhna 2021 tráth a raibh ceiliúradh á dhéanamh ar na 175 bliain atá caite ó bunaíodh an Ollscoil in 1845.   Rinne Oifig Uachtarán na hOllscoile an cinneadh sé thionscadal a urrú trí chiste speisialta chun stair institiúideach na hollscoile a thaifeadadh agus a roinnt, agus ceann de na tionscadail sin taighde a dhéanamh ar sheanghrianghraif agus iad a dhigitiú. 

An toradh air sin bunachar sonraí de ghrianghraif ina léirítear an stair go físiúil dar teideal Stair Fhísiúil Ollscoil na Gaillimhe, Bailiúchán Agallamh na Seanórach, ar comhpháirtíocht a bhí ann idir an fhoireann taighde agus cartlannaithe i Leabharlann na hOllscoile.

Tá fáil ar an mbailiúchán, ar féidir é a chuardach, ar líne ag https://exhibitions.library.universityofgalway.ie/s/visual-history-retired-staff

Seo mar a labhair Uachtarán Ollscoil na Gaillimhe, an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh: "Ní ann d'Ollscoil na Gaillimhe gan pobal na hOllscoile. Stair an phobail atá anseo, agus táimid faoi chomaoin ag na comhaltaí foirne sin atá imithe ar scor a mhol an togra iontach seo. Tá brí agus anam curtha ag an togra san Ollscoil agus muid i mbun machnaimh ar an am a caitheadh freisin. Is mór an t-áthas atá orainn as bheith in ann tacú leis an tionscadal seo, agus lenár gcomhaltaí foirne atá imithe ar scor chomh maith lenár gcomhghleacaithe sa Leabharlann. Léiriú atá ann ar stair agus ar oidhreacht na hOllscoile, agus orthu siúd a bhí páirteach iontu. Is saibhre muid dá bharr sin."

Is í an Dr Lisa Griffith, Stiúrthóir ag Taisclann Dhigiteach na hÉireann a sheol an Tionscadal.

Is í Ollscoil na Gaillimhe an chéad ollscoil in Éirinn a bhfuil a leithéid de thionscadal seolta aici, ar taifead físiúil é ar an am a caitheadh.

Is as bailiúcháin phríobháideacha a tháinig na híomhánna agus d'éirigh leis an tionscadal i ngeall ar a fhlaithiúla a bhí comhaltaí foirne ar scor, cairde, gaolta agus alumni a thug a ngrianghraif ar iasacht agus a roinn a gcuimhní. Tarraingíonn sé aird ar a thábhachtaí atá peirspictíochtaí an mhic léinn agus an chomhalta foirne aonair i dtaobh eispéireas laethúil na hollscoile a ghabháil, ar minic peirspictíochtaí iad nach mbeifeá ag súil leo.

Cuireann na grianghraif seo, agus na cuimhní pearsanta agus taighde a ghabhann leo, lenár dtuiscint ar stair shóisialta agus institiúideach oideachais ollscoile in Éirinn, agus ar na hathruithe suntasacha atá tarlaithe i rith na tréimhse sin. 

Seo a leanas an fhoireann taighde a bhí i bhfeighil an tionscadail: an tOllamh Jane Conroy (Emerita, Fraincis); an Dr Séamus Mac Mathúna (iarRunaí Acadúil); an tOllamh Stephen G. Jennings (Emeritus, Fisic Thurgnamhach); agus léachtóir le Stair, an Dr Jackie Uí Chionna. Chuaigh siad i gcomhar le comhghleacaithe sa Leabharlann maidir le forbairt an taispeántais dhigitigh, agus chuir comhairle orthu maidir le digitiú, meiteashonraí agus riachtanais rochtana. D'oibrigh Eimhin Joyce, Oifigeach na dTionscadal Digiteach le foireann na mBailiúchán Oidhreachta agus Digitithe, as lámha a chéile leo chun an taispeántas a chur i dtoll a chéile trí úsáid a bhaint as ardán Taispeántas Digiteach Ollscoil na Gaillimhe.

Críoch

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories