Tá comhpháirtíocht taighde €2m fógartha ag an Institiúid Náisiúnta don Taighde ar Ailse Chíche & Ollscoil na Gaillimhe

Uachtarán Ollscoil na Gaillimhe, an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh in éineacht leis an Ollamh Michael Kerin, Stiúrthóir Taighde ag an Institiúid Náisiúnta don Taighde ar Ailse Chíche agus Ollamh le Máinliacht in Ollscoil na Gaillimhe, agus Kelsey Bruce, taighdeoir in Ollscoil na Gaillimhe, chun an chomhpháirtíocht nua idir NBCRI agus Ollscoil na Gaillimhe agus maoiniú taighde arbh fhiú €2m é a fhógairt. Grianghraf – Andrew Downes/Xposure
Oct 02 2023 Posted: 11:31 IST

Déanann NBCRI tiomantas infheistíochta chun cur le taighde den scoth, lena n-áirítear ailse chíche mheiteastáiseach, íomháú, géineolaíocht agus bithmharcóirí

Tá comhpháirtíocht nua fógartha ag Ollscoil na Gaillimhe leis an Institiúid Náisiúnta don Taighde ar Ailse Chíche (NBCRI) faoina ndéanfaidh an carthanas gealltanas do chiste infheistíochta taighde arbh fhiú €2 mhilliún é thar thréimhse dhá bhliain.

Féachann an chomhpháirtíocht seo le togáil ar an gcaidreamh seanbhunaithe idir NBCRI agus an Ollscoil, ar cuireadh tús leis sna 1990idí, agus faoinár tugadh tacaíocht do go leor tionscadal agus forbairtí i dtaighde ailse chíche.

Déanfar diagnóis ailse chíche ar dhuine as gach seachtar ban Éireannach le linn a saoil agus diagnóisítear 3,507 cás d’ailse chíche gach bliain, ar figiúr é sin a bheidh ag méadú i gcaitheamh an ama.

Tá an seans go dtiocfaidh bean slán ó ailse chíche ardaithe ó 50% go 88% le 40 bliain anuas a bhuíochas leis an dul chun cinn atá déanta i dtaighde agus i gcúram sláinte.

Mairfidh an chomhpháirtíocht idir an NBCRI agus Ollscoil na Gaillimhe go dtí Deireadh Fómhair 2025 agus déanfaidh an carthanas beagnach €2 mhilliún a chur i dtreo gníomhaíochtaí agus tionscadail taighde éagsúla faoi stiúir an Ollaimh Michael Kerin; an tOllamh Aoife Lowery; an Dr Róisín Dwyer; agus an Dr Nicola Miller. 

Ina measc tá:

  • taighde aistritheach i ndáil le hailse chíche mheiteastáiseach; géineolaíocht chun riosca agus freagairt do chóireáil a thuar; agus fionnachtain bithmharcóirí
  • forbairt an Bhithbhainc Ailse, áit a stóráiltear samplaí fíocháin agus fola atá ríthábhachtach don taighde
  • taighde cliniciúil dírithe ar charda-oinceolaíocht agus conas a théann teiripe ailse i bhfeidhm ar an gcroí; íomháú ailse chíche; agus sláinte na mban, lena n-áirítear tacaíocht iarchóireála agus athshlánúchán

Tá curtha roimhe ag an NBCRI ón uair a bunaíodh é in 1989 feasacht maidir le hailse chíche a mhúscailt, rochtain ar chóir leighis a fheabhsú agus taighde suntasach idirnáisiúnta a dhéanamh. Rinneadh sciar nach beag den obair sin i gcomhpháirtíocht le hOllscoil na Gaillimhe. Tugann an chomhpháirtíocht nua deis an caidreamh seo idir an carthanas agus an t-aos acadúil a leathnú trí infheistíocht bhreise a dhéanamh sa chlár taighde ailse chíche agus muid ag féachaint le torthaí níos fearr a bhaint amach d’othair.

Seo mar a labhair Uachtarán Ollscoil na Gaillimhe, an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh: “Ba mhaith liom, thar ceann phobal Ollscoil na Gaillimhe, mo bhuíochas ó chroí a léiriú as an gcaidreamh fadbhunaithe atá againn leis an NBCRI agus, go háirithe, as fócas soiléir na comhpháirtíochta seo tacú le taighde ar mhaithe le leas an phobail – ar gné láidir amháin d’éiteas na hOllscoile é. Tá luach an bhairr feabhais de dhlúth agus d’inneach na comhpháirtíochta seo agus léiriú follasach atá inti ar an bhféidearthacht difear a dhéanamh do shaol an duine, anseo in iarthar na hÉireann, go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta.” 

Éascófar deiseanna taighde tríd an gciste seo chomh maith ag an leibhéal fochéime go dtí leibhéal PhD agus iardhochtúireachta. Féachfaidh tionscadail le freagraí a fháil ar na ceisteanna móra i dtaighde agus cóireáil ailse chíche, lena n-áirítear:

  • Conas a dhéanann cealla cumarsáid agus conas a dtéann ailse i mbun meiteastáise?
  • Conas is féidir linn cealla a ionramháil chun cealla ailse chíche meiteastáiseacha a aimsiú, agus teiripe a dhíriú orthu?
  • An féidir linn bithmharcóirí fola nua a bhrath le go ndéanfaimid diagnóis níos cruinne agus chun cabhrú linn an chaoi a bhfreagróidh an t-othar do chóir leighis a thuar?
  • An féidir linn sócháin géine a aithint a d’fhéadfadh cabhrú linn a thuar cé atá i mbaol ailse chíche a fháil?
  • Cén éifeacht atá ag teiripe ailse ar an gcroí? 
  • Íomháú Cíche Micreathonnach – An bhfuil sé sábháilte agus an bhfuil sé níos íogaire ná an mhamagrafaíocht i láthair na huaire?

Ag labhairt dó faoin gcomhpháirtíocht dúirt Stiúrthóir Taighde NBCRI agus Ollamh Máinliachta in Ollscoil na Gaillimhe, an tOllamh Michael Kerin: “Díol suntais is ea an dul chun cinn atá déanta i réimse an taighde agus an chúraim sláinte dóibh siúd a bhfuil diagnóis ailse faighte acu. Baineann na hothair a bhíonn ag freastal ar ár gclinicí, agus a muintir, leas as na forbairtí sin ar bhonn rialta. Ní mór dúinn dlús a chur leis an dul chun cinn sin i gcóireáil ailse, cúram, cáilíocht na beatha agus leigheasanna agus déanfaimid é sin a chinntiú trí rochtain a éascú dár n-othair ar shainionad ailse a bhfuil taighde, oideachas agus trialacha cliniciúla ar ardchaighdeán mar bhonn agus mar thaca aige. 

“Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le Bord NBCRI agus lena Chathaoirleach, Caroline Loughnane, as a gceannaireacht agus a dtiomantas taighde ailse chíche a chur chun cinn le go mbeidh torthaí níos fearr ag othair. Léiríonn tiomantas ar an scála seo an luach a chuireann an carthanas NBCRI ar thaighde in Ollscoil na Gaillimhe agus an chaoi ar féidir leis a bheith ina chatalaíoch d’fheabhsuithe ar chúram agus ar shaol othar agus a dteaghlach, mar aon le tionchar domhanda fadtéarmach ar thaighde.”

Rialaíonn bord deonach NBCRI agus tá sé á mhaoiniú beagnach go hiomlán ag síntiúis ón bpobal agus ó imeachtaí tiomsaithe airgid a reáchtáiltear ar fud na tíre le go mbeidh sé in ann taighde a mhaoiniú ar bhonn leanúnach. Tá an carthanas ar thús cadhnaíochta san fheachtas chun mórionad ailse nua a fhorbairt in iarthar na hÉireann.

Thacaigh NBCRI le roinnt mhaith tionscnamh Ollscoile i gcaitheamh na mblianta, ina measc mórfhorbairtí caipitil a sholáthair áiseanna taighde agus othar le haghaidh taighde ailse chíche, lena n-áirítear an tAonad do Shiomptóim Chíche agus Institiúid Lambe don Taighde Aistritheach ar thailte Ospidéal Ollscoile na Gaillimhe. Ina theannta sin, bhí ról lárnach ag NBCRI i bhforbairt go leor de na príomhcheannairí sa mháinliacht acadúil agus san eolaíocht lena n-áirítear páirt a ghlacadh i dtionscnaimh thábhachtacha taighde náisiúnta ar nós Precision Oncology Ireland. Tá tacaíocht tugtha ag an gcarthanas freisin do bhreis agus 40 áit do mhic léinn iarchéime lánaimseartha agus breis is 100 mac léinn fochéime leighis agus eolaíochta mar chuid den chlár taighde samhraidh a reáchtálann Scoil an Leighis in Ollscoil na Gaillimhe.

Críoch

Marketing and Communications Office

Previous

Featured Stories