Fógraíonn Ollscoil na Gaillmhe & Medtronic sainchomhpháirtíocht chun teicneolaíocht cúraim sláinte a chur chun cinn

Oct 17 2023 Posted: 13:34 IST

Tá Ollscoil na Gaillimhe agus Medtronic plc, ar comhlacht é atá ina cheannaire domhanda i dteicneolaíocht cúraim sláinte, tar éis sainchomhpháirtíocht nuálaíochta arbh fhiú €5 mhilliún í a fhógairt atá dírithe ar thrí chatagóir mhóra: éiceachóras na Teicneolaíochta Leighis a fhorbairt, STEM agus taighde.

Is é seo an chéad chomhpháirtíocht shainiúil idir Ollscoil na Gaillimhe agus an earnáil tionsclaíochta. Fágfaidh infheistíocht Medtronic go mbeifear in ann éiceachóras Teicneolaíochta Leighis na hOllscoile a fhorbairt go mór agus cur leis an réimse clár STEM atá á thairiscint aici faoi láthair chomh maith le rochtain ar shíolmhaoiniú luathchéime do thionscadail taighde comhoibríocha nua a thairiscint.

Tacóidh an chomhpháirtíocht chomh maith le bunú dhá institiúid taighde in Ollscoil na Gaillimhe. An chéad cheann díobh sin an Institiúid do Thrialacha Cliniciúla ar seoladh i mí Bealtaine 2023 í. Díreoidh an dara ceann, atá i mbun a forbartha i gcónaí, ar theicneolaíochtaí leighis agus ar fhionnachtain ardteiripe.

Déanfaidh na hinstitiúidí féin, chomh maith leis an tacaíocht a chuirfear ar fáil tríd an gcomhpháirtíocht idir Ollscoil na Gaillimhe agus Medtronic, éascaíocht d’fhorbairt faoi stiúir taighde ar bhonn leanúnach, rud a fhágfaidh go gcuirfear le stádas na Gaillimhe mar chroílár mhol domhanda teicneolaíochta leighis na hÉireann, go ndéanfaidh sí cion tairbhe suntasach d’fhás an gheilleagair agus d’fhorbairt réigiúnach agus go láidreofar le híomhá na Ollscoile mar institiúid a bhfuil ról lárnach aici leas an phobail a chur chun cinn i gcomhthéacs domhanda. 

Fógraíodh an chomhpháirtíocht ag ócáid speisialta in Ollscoil na hÉireann, Baile Átha Cliath, ag a raibh an tAire Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta, Simon Harris, T.D., Cathaoirleach agus Príomhfheidhmeannach Medtronic, Geoff Martha agus Uachtarán Ollscoil na Gaillimhe, an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh i láthair.

Agus é ag labhairt ag an ócáid, bhí an méid seo a leanas le rá ag Simon Harris, T.D., an tAire Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta: “Tá caidreamh torthúil idir Ollscoil na Gaillimhe agus Medtronic le fada an lá. Cuirfidh an chomhpháirtíocht uaillmhianach uilechampais cúig bliana seo go mór leis an gcomhoibriú atá ar siúl eatarthu cheana féin, agus cabhróidh sé freisin tionscnaimh cheannródaíocha nua a sheoladh a mbeidh tionchar nach beag acu ar Ghaillimh, ar Éirinn agus ar an domhan mór. Is trí infheistíocht a dhéanamh sa chéad ghlúin eile d’oibrithe sároilte agus sárchumasacha a chinnteofar stádas na hÉireann mar cheannródaí i bhforbairt teicneolaíochta cúraim sláinte, agus trína leithéid seo de chomhoibrithe ina dtugtar le chéile lucht na hearnála, cliniceoirí agus lucht acadúil chun obair cheannródaíoch a dhéanamh ar chóireálacha leighis na todhchaí.”

Seo mar a labhair Geoff Martha, Cathaoirleach agus Príomhfheidhmeannach Medtronic:“Ceann de na bunphrionsabail atá againn in Medtronic is ea an dea-shaoránacht a chur chun cinn, agus tá súil againn go mbeidh sé mar thoradh ar an infheistíocht seo le hOllscoil na Gaillimhe i bhfórsa saothair, taighde, pobal agus oideachas na hÉireann go mbeidh éifeachtaí fiúntacha fadtéarmacha ar fholláine othar agus ar fhás an gheilleagair. Tá raidhse teicneolaíochtaí ar fáil againn in Medtronic ach níl sé de chumas againn gach rud a dhéanamh linn féin – tá sé den riachtanas go mbeadh fórsa saothair ann atá idir oilte agus ildánach chun cóireálacha leighis na todhchaí a fhorbairt. Tá ról tábhachtach á chomhlíonadh ag céimithe de chuid Ollscoil na Gaillimhe in go leor gnéithe d’oibríochtaí Medtronic agus níl aon amhras orm ach go n-éireoidh leis na mic léinn atá páirteach sa chomhpháirtíocht seo athruithe móra chun feabhais a dhéanamh in earnáil na teicneolaíochta cúraim sláinte.”

Seo mar a labhair Uachtarán Ollscoil na Gaillimhe, an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh: “Tá muide, in Ollscoil na Gaillimhe, an-fheasach ar ár ról agus ar ár gcuid oibre ar mhaithe le leas an phobail agus tá an-áthas orainn go bhfuil caidreamh chomh láidir agus chomh tiomanta sin forbartha againn le Medtronic mar thoradh air sin. Tá an mhórchomhpháirtíocht seo atá á fógairt inniu ag teacht lenár luachanna, arb iad sin meas ar an othar, barr feabhais a bheith mar sprioc againn i ngach a ndéanaimid, oscailteacht don domhan agus an chéad ghlúin eile a chothú.  Fáiltímid roimh an deis cur lenár gcaidreamh le Medtronic agus leanfaimid orainn i mbun foghlama, taighde agus nuálaíochta agus muid tiomanta difear a dhéanamh ar bhonn áitiúil agus ar bhonn domhanda.  Tá an dá eagraíocht tiomanta tionchar a imirt orthu siúd a bhfuil cúnamh de dhíth orthu go géar.”   

Beidh éifeacht chlaochlaitheach ag an gcomhpháirtíocht nua seo idir Ollscoil na Gaillimhe agus Medtronic agus cinnteoidh sé go mbeidh Gaillimh in ann oibrithe sároilte a mhealladh anseo chomh maith le taighde bunúsach agus ardtaighde i dteicneolaíochtaí leighis ag an leibhéal is airde a chur chun cinn, agus dlús a chur leis.  

Críoch

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories