Borradh le teacht faoin bhfoghlaim & taighde sa Bhoirinn a bhuíochas le comhpháirtíocht nua

An tAire Dúlra, Oidhreachta agus Athchóirithe Toghcháin, Malcolm Noonan T.D., agus Uachtarán Ollscoil na Gaillimhe, an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh.
Oct 27 2023 Posted: 11:35 IST

Tá comhaontú comhpháirtíochta sínithe inniu (Dé hAoine, 27 Deireadh Fómhair) ag an Aire Dúlra, Oidhreachta agus Athchóirithe Toghcháin, Malcolm Noonan T.D., agus Uachtarán Ollscoil na Gaillimhe, an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh, idir an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra (NPWS) agus an Ollscoil faoina gcuirfear le deiseanna taighde agus foghlama i réigiún Bhoirne i gContae an Chláir.

Cuirfear tacaíocht ar fáil faoin gcomhpháirtíocht do thaighde agus staidéir acadúil, rannpháirtíocht in imeachtaí a chuireann caomhnú an dúlra chun cinn, taighde agus staidéar sa Bhoirinn, agus gníomhaíochtaí foghlama do dhaltaí i scoileanna áitiúla agus do mhic léinn in Ollscoil na Gaillimhe.

Tacaíonn an chomhpháirtíocht le bainistíocht agus rochtain chomhroinnte ar dhá shaoráid i réigiún Bhoirne – Saoráid Taighde Allamuigh an Chairn agus Ionad Taighde Fhíonaigh Bheara, chun críocha oideachais, taighde agus for-rochtana.

Bhunaigh an Ollscoil Saoráid Taighde Allamuigh an Chairn in 1975 mar bhunáit do thaighde sa Bhoirinn. Is in ómós don Ollamh Máirín de Valera a ainmníodh é, ar ceapadh í mar chéad Ollamh le Luibheolaíocht san Ollscoil in 1962 agus arb í a bhí freagrach as Plandeolaíocht a theagasc san Ollscoil le blianta fada ina dhiaidh sin. Bhunaigh an Ollscoil Ionad Taighde Fhíonaigh Bheara chun tacú le taighde mara agus cósta.

Agus an comhaontú seo á shíniú aige, bhí an méid seo le rá ag an Aire Dúlra, Oidhreachta agus Athchóirithe Toghcháin, Malcolm Noonan T.D.: “Cuirfidh an chomhpháirtíocht seo tuiscint níos fearr chun cinn ar a luachmhaire atá ár n-oidhreacht nádúrtha, ar sampla de sin tírdhreach Bhoirne a bhfuil cáil idirnáisiúnta air.

Ainmníodh Boirinn mar Pháirc Náisiúnta os cionn fiche bliain ó shin, áit ina bhféachtar leis an dúlra a chaomhnú agus ina mbaineann cuairteoirí náisiúnta agus idirnáisiúnta taitneamh as. Áit foghlama a bheidh ann anois feasta chomh maith. Ligfidh sé d’Ollscoil na Gaillimhe agus don NPWS dúil san fhoghlaim faoin dúlra a chothú sa timpeallacht mhaorga seo ina bhfuil an oiread sin speiceas agus gnáthóg neamhchoitianta agus luachmhar. Beidh tóir ag daltaí na scoileanna áitiúla air, agus ag mic léinn Ollscoil na Gaillimhe agus níos faide i gcéin, agus iad ag féachaint lena gcuid taighde a dhéanamh agus tuilleadh a fhoghlaim faoi chaomhnú an dúlra agus faoin éiceolaíocht, geolaíocht agus seandálaíocht.” 

Seo mar a labhair Uachtarán Ollscoil na Gaillimhe, an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh: “Tá naisc ag Ollscoil na Gaillimhe le Boirinn le fada an lá: fuair an scríbhneoir JR Tolkien inspioráid ón tírdhreach mistéireach agus é ina scrúdaitheoir seachtrach san Ollscoil, chaith an tOllamh Máirín de Valera sealanna ann agus í i mbun oibre allamuigh agus, le déanaí, tá ár gcuid mac léinn féin ag baint úsáid as an réigiún mar shaotharlann foghlama bheo. Tá lúcháir orainn deiseanna nua don Ollscoil a fheiceáil i réimse an teagaisc agus na foghlama, agus i dtaighde agus for-rochtain i limistéar atá chomh tábhachtach sin don bhithéagsúlacht, i gcomhpháirtíocht leis an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra.”

Dúirt Niall Ó Donnchú, Ard-Stiúrthóir leis an NPWS: “Is minic a abraítear gurb é ‘an dúlra an teagascóir is fearr’, agus éascóidh an chomhpháirtíocht seo tuiscint níos fearr ar ár n-oidhreacht nádúrtha tríd an teagasc agus an fhoghlaim a dhéanamh sa dúlra féin. Cuirfidh taighde, foghlaim agus for-rochtain sa Bhoirinn le líon na ndeiseanna oideachais atá ar fáil inár bPáirceanna Náisiúnta, agus ar acmhainn na bPáirceanna.”

Thart ar 450 km cearnach in Iarthuaisceart an Chláir atá i gceist le réigiún Bhoirne. Tá cáil dhomhanda ar an réigiún i ngeall ar a thírdhreach uathúil carstach, a fhlúirse is atá plandaí, speicis agus gnáthóga, agus líon na láithreán seandálaíochta luachmhara. Bunaíodh Páirc Náisiúnta Bhoirne in 1991, ar limistéar laistigh de Bhoirinn é, chun caomhnú an dúlra agus rochtain phoiblí a bhainistiú. Limistéar Caomhantais Speisialta (SAC) atá ann agus baineann luach ard caomhantais leis i ngeall ar an méid plandaí, ainmhithe agus gnáthóg neamhchoitianta atá ann. Bunaíodh Páirc Náisiúnta Bhoirne in 1991 agus idir 2% agus 3% d’achar Bhoirne trí chéile atá i gceist léi. Áirítear sa Pháirc samplaí de ghnáthóga móra an réigiúin, lena n-áirítear gnáthóga aolchloiche, féarach agus fraochmhá chailcreach, scrobarnach agus coillearnach chomh maith le gréasán lochanna agus turlach cailcreach.

Críoch

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories