Fógraíonn Ollscoil na Gaillimhe Céimithe Oinigh 2023

Marie Reddan agus Alan Esslemont
Nov 20 2023 Posted: 11:52 GMT

Tabharfar aitheantas do Chéimithe Oinigh as a gcuid oibre i gcearta sibhialta, cearta an duine, na meáin, ceol traidisiúnta na hÉireann, na healaíona, leigheas, daonchairdeas agus an saol acadúil

 

D’fhógair Ollscoil na Gaillimhe inniu na daoine a mbeidh Céimeanna Oinigh á mbronnadh orthu ag Searmanais Bhronnta an Gheimhridh 2023.

Beidh an ceiliúradh ar siúl ó Dé Céadaoin, an 22 Samhain, go dtí Dé Céadaoin, an 29 Samhain, agus beidh an dream a mbronnfar Céim Oinigh orthu i gcomhluadar níos mó ná 3,000 mac léinn a mbeidh céimeanna á mbronnadh orthu i gcaitheamh na sé lá sin. 

Baineann na daoine a bhfuil Céimeanna Oinigh á mbronnadh ag Ollscoil na Gaillimhe orthu ag Bronnadh an Gheimhridh 2023 le saol na gceart sibhialta, cearta an duine, na meáin chumarsáide, an ceol, na healaíona, an leigheas, an daonchairdeas agus an saol acadúil.

Frankie Gavin (Dochtúir Ceoil (DMus)): Duine de na fidléirí is fearr ar domhan, is ilionstraimí agus cumadóir é Frankie Gavin as Gaillimh ó dhúchas atá ag seinm go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta le breis is trí scór bliain.   Bronnadh Gradam Ceoil TG4 mar Cheoltóir na Bliana air in 2018.

Mary Warde Moriarty (Dochtúir le Dlíthe (LLD)): Duine den Lucht Taistil, gníomhaí cearta daonna agus údar, ag obair go dian dícheallach le beagnach leathchéad bliain chun cearta daonna an Lucht Taistil a chur chun cinn agus chun caidreamh a chothú idir an pobal socraithe agus Taistealaithe na hÉireann. Comhbhunaitheoir an chéad Ghrúpa Tacaíochta do Thaistealaithe Thuama a bunaíodh in 1984.  Bhí Mary ina hUachtarán ar an Lárionad Eorpach do Thaistealaithe na hÉireann agus bhí sí i gceannas ar fhorbairt leabharlainne atá tiomnaithe do stair agus do bhunús Thaistealaithe na hÉireann. Comhbhunaitheoir ar Chomhairle Náisiúnta na dTaistealaithe, Cónaidhm Náisiúnta Thaistealaithe na hÉireann agus Chumann Náisiúnta Lárionad na dTaistealaithe, bhí sí ina comhbhunaitheoir ar INVOLVE, an soláthraí is mó Seirbhísí Óige do Thaistealaithe óga.

Hugh Logue (Dochtúir le Dlíthe (LLD)): I mbéal an phobail ar dtús mar cheannaire sna cearta sibhialta ag deireadh na 60idí, mar bhall de choiste Chumann Cearta Sibhialta Thuaisceart Éireann agus mar Leas-chathaoirleach ar Chumann Cearta Sibhialta Dhoire Thuaidh. Duine de bhunaitheoirí an SDLP, toghadh é chuig Tionól Stormont don pháirtí in 1973, 1975 agus 1981. Chuaigh sé go dtí an Coimisiún Eorpach ansin agus d’oibrigh sa Bhruiséil ar feadh scór bliain ina dhiaidh sin mar oifigeach sinsearach don Choimisiún. Sa ról sin bhí sé an-tábhachtach ó thaobh obair an Aontais Eorpaigh i bpróiseas síochána Thuaisceart Éireann agus i gComhaontú Aoine an Chéasta.

An tOllamh Peter Piot (Dochtúir Leighis (DMed)):  In 1976 bhí an tOllamh Piot ar dhuine den dream a d’aimsigh an víreas Ebola sa tSáír le linn dó a bheith ag obair san Institiúid do Leigheas Trópaiceach in Antuairp, sa Bheilg, agus bhí sé i gceannas ar thaighde ar VEID/SEIF, galair ghnéas-tarchurtha agus sláinte na mban, san Afraic fho-Shahárach den chuid is mó. D’oibrigh sé san Eoraip, san Afraic agus sna Stáit Aontaithe agus bhí sé ina Stiúrthóir Feidhmiúcháin bunaidh ar UNAIDS agus ina Fho-Ard-Rúnaí ar na Náisiúin Aontaithe ó 1995 go dtí 2008, agus bhí sé ina Stiúrthóir Comhlach ar an gClár Domhanda ar SEIF de chuid na hEagraíochta Domhanda Sláinte. Is iomaí gradam eolaíoch agus cathartha agus bonn daonnúil atá bronnta air agus tá os cionn 600 alt eolaíochta agus 17 leabhar foilsithe aige.

Alan Esslemont (Dochtúir Litríochta (DLitt)): Rugadh Ard-stiúrthóir TG4 in Albain agus d’oibrigh sé sa Fhrainc, san Eilvéis agus ar an Eilean Sgitheanach. D’oibrigh sé san ollscoil anseo, le Telegael, Teilifís na Gaeilge, agus TG4.  Bhí sé ina chomhalta boird bunaidh agus ina chisteoir ar Acadamh Scannán agus Teilifíse na hÉireann agus tugann sé an-tacaíocht do phleanáil teanga agus d'ábhar Gaeilge a chur ar fáil do TG4.

Eva Bourke (Dochtúir Litríochta (DLitt)): File a bhfuil an-mheas uirthi agus údar seacht gcnuasach filíochta i mBéarla, eagarthóir trí chnuasach filíochta agus próis i mBéarla, agus aistritheoir dhá chnuasach filíochta ó Ghaeilge go Gearmáinis; duine mór le rá i litríocht chomhaimseartha na Gaeilge, ball d’Aosdána.

Patricia Forde (Dochtúir sna Dána (DArts)): Céimí de chuid na hollscoile, dátheangach ó aois an-óg, chuaigh sí isteach sa Taibhdhearc agus í deich mbliana d’aois mar aisteoir agus stiúraigh sí drámaí ansin níos déanaí. Bunaitheoir Fhéile Idirnáisiúnta Ealaíon Babaró do Leanaí na Gaillimhe in 1996 agus duine de bhaill tosaigh Macnas. Chaith sí tréimhse ina Stiúrthóir ar Fhéile Idirnáisiúnta Ealaíon na Gaillimhe go luath sna 1990idí.  Iarchathaoirleach ar Leabhair Pháistí Éireann.

Miriam Hand agus Lourda McHugh (Dochtúir le Dlíthe (LLD)): Aitheanta as a dtacaíocht, a gceannaireacht agus a dtiomantas docht maidir le hairgead a chruinniú le haghaidh taighde ailse chíche trí chomhpháirtíochtaí pobail agus eagraíochtaí spóirt. Comhaltaí boird le fada an lá ar Institiúid Náisiúnta don Taighde ar Ailse Chíche ag tacú le forbairt áiseanna taighde in Ollscoil na Gaillimhe, le ceapacháin bhunaithe taighde agus acadúla, agus le scoláireachtaí iarchéime as a dtagann tionchar acadúil agus dul chun cinn taighde ailse.

Neil Johnson (Dochtúir le Dlíthe (LLD)): Príomhfheidhmeannach Croí (carthanas na Gaillimhe do shláinte chardashoithíoch). Céimí de chuid Ollscoil na Gaillimhe, Comhalta Cliniciúil Oinigh i Scoil an Leighis ó 2015 agus bronnadh gradaim ‘Duine na Bliana’ Rehab agus na Gaillimhe araon air. Tá bunús, fás agus forbairt tionscadal suntasach i gcur chun cinn na sláinte cardashoithíoch feicthe ag Neil. Tá roinnt tionscnamh tiomsaithe airgid de na milliúin euro curtha i gcrích aige agus Ionad Croí agus Stróc sa Chaisleán Nua tógtha faoina stiúir.

Marie Reddan (Dochtúir Oideachais (DEd)): Leabharlannaí ar scor ó Leabharlann Shéamais Uí Argadáin.  Chuir Marie go mór le saol, saibhreas agus só na Leabharlainne mar ionad barr feabhais náisiúnta agus idirnáisiúnta. Bhí ról lárnach ag Marie in athfhorbairt Leabharlann Shéamais Uí Argadáin agus iad ag aistriú ón gcló go dtí an ré dhigiteach, agus i ngníomhaíochtaí cartlainne na leabharlainne. Comhbhunaitheoir IReL cuibhreannas Leabharlanna Taighde na hÉireann.

Ag labhairt dó sular thosaigh na searmanais bhronnta, bhí an méid seo a leanas le rá ag Uachtarán Ollscoil na Gaillimhe, an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh: “Thar ceann Ollscoil na Gaillimhe, tá lúcháir orm a bheith in ann aitheantas a thabhairt don ghrúpa daoine eisceachtúla seo, agus an gradam seo a bhronnadh orthu agus muid ag ceiliúradh chomh maith ar a bhfuil bainte amach ag breis agus 3,000 dár gcuid mac léinn i gceithre Choláiste na hOllscoile.  Tá cion fir agus cion mná déanta ag gach duine díobh ar mhaithe leis an saol poiblí, chun cur leis an tsochaí agus chun leasa an chine dhaonna, agus rinne siad a gcuid le hathrú chun feabhais a dhéanamh ar an domhan, dualgas atá orainn ar fad.

“Is iontach freisin a bheith in ann éachtaí ár gcéimithe den scoth agus iad siúd a bhfuil gradam oinigh á mbronnadh orthu den chéad uair faoi ainm nua agus faoi fhéiniúlacht nua na hOllscoile a cheiliúradh. Déanaimid gach rud a seasann Ollscoil na Gaillimhe dó a cheiliúradh, idir ár luachanna, ár gcuid oibre ar son leas an phobail agus an ceangal láidir atá againn leis an áit ina bhfuilimid lonnaithe.”

Tá sceideal iomlán shearmanais bhronnta an gheimhridh 2023 le fáil ag https://www.universityofgalway.ie/conferring/.

Críoch

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories