Cnuasach digitithe d’íomhánna ó chartlann Chonradh na Gaeilge curtha ar fáil ag Ollscoil na Gaillimhe

Comhphobal na hEorpa – ábhar poiblíochta a bhaineann le toghcháin an Chomhphobail Eorpaigh
Nov 06 2023 Posted: 14:25 GMT

Is cúis cheiliúrtha é do Chartlanna agus Bailiúcháin Speisialta Ollscoil na Gaillimhe go bhfuil thart ar 60,000 íomhá dhigitithe ó chartlann Chonradh na Gaeilge curtha ar fáil.

Cuireadh tús leis an tionscadal digitithe 18 mí ó shin, agus tá an bailiúchán ar fáil ar líne do chách ar ardán Chartlann Dhigiteach Leabharlann Ollscoil na Gaillimhe. Tá léargas le fáil ann ar mhóreachtraí i stair na hÉireann agus ar obair, ar fheachtasaíocht agus ar ghníomhaíochas an Chonartha. 

Tá níos mó ná 600,000 mír i gcartlann mhór Chonradh na Gaeilge. Baineann an t-ábhar le gníomhaíochtaí, feachtasaíocht agus a bhfuil bainte amach ag an eagraíocht ó bunaíodh í in 1893.

Bhí an cnuasach digiteach, a cuireadh ar fáil ag an deireadh seachtaine ag Oireachtas na Samhna i gCill Airne, roghnaithe go cúramach ag Cartlannaí an Tionscadail, Niamh Ní Charra as an gcartlann fhairsing fhisiciúil, agus rinne an grianghrafadóir digiteach Maeve O’Neill an digitiú féin ar son Archives Ireland.

Chomh maith le sraitheanna iomlána de chláir Oireachtais agus Ard-Fheiseanna Chonradh na Gaeilge ó na 1890í go dtí tús na 2000í, tá ábhair éagsúla ann maidir le feachtais faoi chearta Gaeilge, lena n-áirítear an chraoltóireacht agus stádas na Gaeilge san Eoraip, agus ábhar a bhaineann le próiseas síochána Thuaisceart Éireann.

Cuireadh cartlann Chonradh na Gaeilge faoi chúram Ollscoil na Gaillimhe in 2018, de thoradh cainteanna faoi stiúir iarléachtóir de chuid Ollscoil na Gaillimhe, an Dr John Walsh.

Dúirt Uachtarán Ollscoil na Gaillimhe, an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh: “Cuireann an Ollscoil roimpi an Ghaeilge a chothú agus a chur chun cinn, mar a léirítear i Straitéis Ghaeilge na hOllscoile. Tá ceann de na hacmhainní rochtana oscailte Gaeilge is mó dá bhfuil ann ar an gcampas anois againn, in éineacht leis na bailiúcháin dhigiteacha Gaeilge eile a bronnadh ar an Ollscoil, ar nós closábhar béaloidis an Ollaimh Tomás Ó Máille, nuachtáin Ghaeilge – An Gaodhal agus An Stoc, agus grianghraif ó Thaibhdhearc na Gaillimhe, atá ar fáil sa Leabharlann d’oideachasóirí, do mhic léinn, do scoláirí agus do dhaoine ar spéis leo stair na hÉireann. Tá fáilte roimh chách teacht chuig an gcampas s’againne nó dul ar líne le húsáid a bhaint as na hacmhainní atá againn a bhaineann le litríocht agus léann na Gaeilge. Táimid bródúil agus buíoch go bhfuil siad againn in Ollscoil na Gaillimhe.”

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Monica Crump, Leabharlannaí Gníomhach na hOllscoile: “Is mór ag Leabharlann Ollscoil na Gaillimhe go bhfuilimid inár gcoimeádaithe ar chartlann Chonradh na Gaeilge.  Bhí lúcháir orainn an chartlann a fheiceáil á húsáid i gcúrsaí taighde agus teagaisc ó rinneadh catalógú ar an gcnuasach agus ó cuireadh an t-ábhar ar fáil inár Seomra Léitheoireachta. Tá ríméad an domhain orainn inniu a bheith in ann 60,000 íomhá ón mbailiúchán sin a chur ar fáil don domhan mór agus muid ag seoladh Bhailiúchán Digiteach Chonradh na Gaeilge.  

“De bhrí go bhfuil an bailiúchán digiteach seo á chur ar fáil go hoscailte againn táimid ag cur ar chumas taighdeoirí, lucht taighde sa phobal agus aon duine ar spéis leo stair Chonradh na Gaeilge, an Ghaeilge nó stair na hÉireann go ginearálta, iad féin a thumadh i dtaifid na móreagraíochta náisiúnta seo. Táimid buíoch den Ollscoil, d’Fhoireann Bailiúchán Oidhreachta na hOllscoile agus d’fhoireann Archives Ireland as a ndearna siad chun an sárbhailiúchán digiteach seo a chur ar fáil.” 

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Paula Melvin, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: “Tá lúcháir orainn go bhfuil digitiú déanta ar réimse leathan ábhar ó Chartlann Chonradh na Gaeilge agus go bhfuil sé foilsithe ar líne ag Leabharlann Ollscoil na Gaillimhe. Is acmhainn iontach í seo dár gcraobhacha, dár mbaill agus do gach duine ar spéis leo stair Chonradh na Gaeilge agus stair na hÉireann, go deimhin. Is iontach an t-éacht é go bhfuil ábhar de chuid na heagraíochta seo le breis agus 100 bliain anuas curtha ar fáil don phobal anois, agus ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil le Cartlannaí Tionscadail Chonradh na Gaeilge, Niamh Ní Charra, agus an fhoireann oibre ar fad.”

Is féidir an bailiúchán seo, mar aon le cartlanna digitithe eile, a fheiceáil ar ardán Chartlann Dhigiteach Ollscoil na Gaillimhe ag https://digital.library.universityofgalway.ie/p/ms?lang=ga.

Críoch

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories