‘Cois Fharraige go COP’

Grianghraf Creidiúint: Moose media. Grúpa cailíní ó Choláiste Chroí Mhuire, an Spidéal a ghlac páirt sa togra Cois Fharraige go COP (clé go deas):– Chloe Ní Choisdealbha, Ella Nic Dhomhnaill, Kate Ní Raghallaigh Grúpa buachaillí ó Choláiste Cholmcille, Indreabhán a ghlac páirt sa togra Cois Fharraige go COP (clé go deas):– Paul Bheilbigh, Aodhán Ó Donnchadha, Daniel Mac Eochagáin.
Dec 06 2023 Posted: 11:25 GMT

Labhraíonn déagóirí Gaeltachta amach ar son na timpeallachta

Léigh an teachtaireacht agus éist leis na déagóirí ag: www.universityofgalway.ie/cop28

 

Tá 20 dalta meánscoile ó Chois Fharraige i nGaeltacht na Gaillimhe tar éis labhairt amach faoina gcuid tuairimí agus imní maidir leis an athrú aeráide. Tá an litir a scríobh siad, agus físeán atá bunaithe air, á roinnt ar líne le linn COP28 – an chomhdháil dhomhanda faoi chúrsaí aeráide atá á reáchtáil ag na Násiúin Aontaithe in Dubai faoi láthair.

D’oibrigh daltaí i gColáiste Chroí Mhuire, an Spidéal, agus Coláiste Cholmcille, in Indreabhán, in éineacht le baill foirne Ollscoil na Gaillimhe, foireann Fhóram Chois Fharraige um Phleanáil Teanga, agus aoichainteoirí ar chúrsaí timpeallachta chun an teachtaireacht a scríobh. 

Le linn trí cheardlann, phléigh siad an timpeallacht anseo in iarthar na hÉireann, na hathruithe atá tagtha ar an aeráid agus an timpeallacht de réir an taighde, agus na mothúcháin atá acu maidir leis na hathruithe sin.

Is i nGaeilge a reáchtáladh na ceardlanna ar fad, le haoichainteoirí atá lonnaithe sa cheantar, ina measc:

  • Seathrún Ó Tuairisg (Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge), a labhair faoina thogra Flóra Chois Fharraige
  • Nuala Ní Chonghaile (Ollscoil na Gaillimhe), a labhair faoi ról speisialta an phortaigh
  • Ríonach Ní Néill (Ciotóg), atá ina healaíontóir agus gníomhaí pobail, agus a labhair faoin ardú ar leibhéal na farraige
  • Aonghus Ó Coisdealbha (An Garraí Glas), a labhair faoi thionchar an athrú aeráide ar an bhfeirmeoireacht
  • Ananda Geluk (Ollscoil na Gaillimhe) a bhí ina háisitheoir don cheardlann dheireanach

Is é an Dr John Caulfield (Ollscoil na Gaillimhe) a stiúraigh an togra. Dar leis: “Murar féidir linn dul i ngleic leis an athrú aeráide, is iad an t-aos óg a bheidh thíos leis. B’in é an fáth gur oibrigh muid le daltaí meánscoile i gCois Fharraige chun cuidiú leo a gcuid dóchais agus imní maidir leis an athrú aeráide a roinnt leis an domhan mór. Ní hionann an t-athrú aeráide gach áit ar domhan, agus déanann na déagóirí cur síos cumhachtach ar an tionchar atá aige in iarthar na hÉireann ag an bpointe seo.”

Buíochas leis na múinteoirí Bróna Ní Uallacháin (Coláiste Chroí Mhuire) agus Dónal Ó Fátharta (Coláiste Cholmcille) agus le Katie Ní Loingsigh agus Saoirse Holic ó Fhóram Chois Fharraige um Phleanáil Teanga a chuidigh leis an togra. 

 

Téacs na litreach

A Dhomhain Mhóir,

Ón bpobal beag seo ar imeall na hEorpa, tá bhur gcuid cúnaimh á éileamh againn.

Tá cónaí orainn ar chósta thiar na hÉireann, idir portach agus cladach, áit a raibh meas riamh ann ar an bhfarraige. Nuair a bhíonn sí socair téimid ag snámh agus ag iascaireacht. Ach le teacht an athrú aeráide, tá na rudaí is luachmhaire linn ag éirí ina mbagairt.

Léiríonn an taighde go bhfuil leibhéal agus teocht na farraige ag fás go leanúnach. Feicimid go bhfuil stoirmeacha an Atlantaigh níos cumhachtaí, níos coitianta. Tá líon na báistí ag méadú gan stad. Is cosúil go bhfuil na séasúir féin as a riocht. 

Táimid buíoch as an trá, na garrantaí, an portach agus gach a mhaireann ann. Ach táimid buartha freisin. Fiú le linn ár saoil, feicimid taisce na timpeallachta ag dul i léig. 

Ní hé an t-aos óg a dhóigh an ola, a bhain an mhóin, a leag na crainnte. Ach is muid a bheas thíos leis. Tá an ghlúin seo réidh le tabhairt faoin athrú aeráide le fonn agus fuinneamh. Ach an bhfuil sibhse? 

Seasaimis le chéile, mar phobal daonna domhanda, is déanaimis beart de réir ár mbriathar.

Is muide le dóchas,

Déagóirí Chois Fharraige.

 

Críoch

Marketing and Communications

Previous

Featured Stories