Mór-thaispeántas ag ceiliúradh oidhreacht an Ollaimh Tomás Ó Máille le seoladh

Uachtarán na hOllscoile, an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh, An tAire Stáit Gaeltachta agus Spóirt Jack Chambers, Dr Deirdre Ní Chonghaile, an tOllamh Lillis Ó Laoire, Ollscoil na Gaillimhe, agus Seán Ó Coinn, Foras na Gaeilge. Grianghrafadóir: Aengus McMahon.
Sep 30 2022 Posted: 13:47 IST

Inniu, sheol an tAire Stáit Gaeltachta agus Spóirt Jack Chambers mór-thaispeántas in Ollscoil na Gaillimhe a thugann léargas úr ar stair na Gaeilge agus tuiscint níos doimhne ar sheasamh na teanga sa tír agus san ollscoil féin.

Arna choimisiúnú ag Roinn na Gaeilge, ceiliúrann Saíocht & Saoránacht: Tomás Ó Máille oidhreacht an chéad ollaimh le Gaeilge san ollscoil. De bhunadh Dhúiche Sheoigheach, ceapadh Tomás Ó Máille ina ollamh in 1909 agus lean sé air sa ról go bhfuair sé bás go hanabaí in 1938.

Ceannródaí ab ea an Máilleach ar mhórán bealaí ach is suntasach mar a dhírigh sé ar nua-theicneolaíocht a linne féin — an taifeadadh fuaime. Ag díriú ar bhéaloideas, amhráin, agus canúintí éagsúla, chruthaigh sé na céadta taifeadadh fuaime de chainteoirí Gaeilge as gach contae i gConnacht agus as an gClár. Freisin, chuidigh sé le bailitheoirí agus scoláirí eile taifeadtaí a chruthú, ina measc Wilhelm Doegen, stiúrthóir Roinn na Fuaime i Leabharlann na Prúise i mBeirlín.

Beagnach céad bliain ó gabhadh iad ar fhiteáin céaracha, rinneadh na taifeadtaí i Leabharlann Ollscoil na Gaillimhe a dhigitiú anuraidh le tacaíocht ó Roinn na Gaeltachta.

Dúirt an tAire Stáit Chambers: "Is cúis áthais dom seoladh an taispeántais seo ar shaothar an Ollaimh Tomás Ó Máille agus go raibh mo Roinn in ann tionscadal digitithe na sorcóirí céarach a mhaoiniú. Beidh an t-ábhar sin ina áis luachmhar do thaighdeoirí agus don phobal araon agus cách in ann taitneamh a bhaint as saothar Thomáis Uí Mháille chun guthanna agus amhráin Iarthar na hÉireann, a taifeadadh 100 bliain ó shin, a chloisteáil. Teicneolaíocht cheannródaíoch a bhí sna sorcóirí céarach in aimsir Uí Mháille agus beidh forbairtí teicneolaíochta na linne seo, a mbeidh plé domhain á dhéanamh orthu sa Phlean Digiteach don Ghaeilge atá le foilsiú ag mo Roinn go luath, in ann leas a bhaint as ábhar digitithe den chineál seo chun forbairt shuntasach a dhéanamh ar an aithint chainte agus ar nua-theicneolaíochtaí eile don Ghaeilge sna blianta seo romhainn."

Sa taispeántas seo, gheofar spléachadh i bhfoirm pictiúr, ábhar fuaime, agus físeán ar mhór-éachtaí an Mháilligh mar scoláire, scríbhneoir, teangeolaí, léachtóir, eagarthóir nuachtáin, bailitheoir, agus stocaire.

Feicfear físeáin d'amhránaithe — Sarah Ghriallais, Saileog Ní Cheannabháin, Mary Staunton, agus Fiachna Ó Mongáin — ag tabhairt beatha nua do na sean-amhráin a thaifead an Máilleach, chomh maith le hábhar ó chartlann na Taibhdheirce agus ó chartlann an nuachtáin An Stoc

Ag labhairt di roimh sheoladh an taispeántais, dúirt an coimeádaí, an Dr Deirdre Ní Chonghaile: "Beidh cartlann luachmhar an Mháilligh ina steillbheatha sa taispeántas seo den chéad uair riamh agus go dátheangach. Seo ceiliúradh ar mhór-obair a rinne an Máilleach mar ghníomhaí ar son na Gaeilge ar feadh a shaoil agus freisin ag cruinniú shaibhreas na n-ealaíon Gaeilge ó gach contae taobh thiar den tSionainn."

Léiríodh an taispeántas i gcomhpháirt le hAcadamh Ríoga Éireann agus le Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, le maoiniú ó Fhoras na Gaeilge, agus Ollscoil na Gaillimhe. Tá sé ar cheann de shé thionscnamh atá faoi stiúir bhaill reatha agus iar-bhaill foirne, tionscnaimh a roghnaigh Ollscoil na Gaillimhe níos túisce i mbliana ar mhaithe le saibhreas staire na hinstitiúide a cheiliúradh. Is é cuspóir na sraithe seo ná tarraingt ar stair agus ar dhúchas na hinstitiúide ar mhaithe leis an gceangal leis an bpobal a dhaingniú agus an tosaíocht a thugtar d'obair ar son leas an phobail trí chéile a aithint.

Dúirt Uachtarán na hOllscoile, an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh: "Tá Léann agus Scoláireacht na Gaeilge ar cheann de na gnéithe is sainiúla san Ollscoil ar fad a thugann tosaíocht dúinn. Tá áthas orm go mbeimid ag ceiliúradh fíorthús thraidisiún na scoláireachta sin trí phearsa Thomáis Uí Mháille. Is léiriú é saothar Uí Mháille an tráth úd, agus an taispeántas seo inniu, ar luachanna na hOllscoile: an meas atá ar theanga agus ar dhúchas iarthar Éireann; na hardchaighdeáin scolártha; agus an comhoibriú oscailte le gaolta Uí Mháille, le maoinitheoirí, agus le páirtnéirí acadúla, a chumhdóidh oidhreacht scolártha Uí Mháille chomh maith leis na guthanna a ghabh sé go ceann i bhfad.

Dúirt stiúrthóir an taispeántais, an tOllamh Lillis Ó Laoire: "Táimid fíorbhuíoch as an tacaíocht a thug mac Thomáis, Éamonn Ó Máille nach maireann, dár n-iarrachtaí oidhreacht a athar a thabhairt slán agus a roinnt ar an bpobal. Tá taifeadtaí fuaime an Mháilligh á scaoileadh ar shuíomh idirlín na hOllscoile, www.ollscoilnagaillimhe.ie/tomasomaille, saor in aisce, agus cloisfidh pobail an Iarthair a muintir féin ag canadh, ag caint, agus ag caoineadh na marbh beagnach 100 bliain ó shin."

Seoladh an taispeántas go poiblí in Áras Uí Argadáin in Ollscoil na Gaillimhe le haoichaint ón Ollamh Emeritus le Stair, Gearóid Ó Tuathaigh. Go ceann ráithe a mhairfidh an taispeántas agus tá camchuairt san Iarthar agus thar lear á dhearbhú.

Críoch

Marketing and Communications Office

Next

Featured Stories