Straitéis na Gaeilge 2021-25 á seoladh ag Ollscoil na hÉireann Gaillimh

Sa ghriangraf tá (ó chlé) Róisín Nic Lochlainn, Uachtarán Chumann na Mac Léinn OÉ Gaillimh; an tOllamh Pól Ó Dochartaigh, Uachtarán Ionaid agus Meabhránaí OÉ Gaillimh; Michelle Ní Chróinín, Stiúrthóir Straitéise agus Pleanála, Oifig an Uachtaráin Ionaid agus Meabhránaí; An Dr Máire Geoghegan Quinn, iar-Aire Rialtais agus Iar Choimisinéar na hEorpa ar Thaighde, Nualaíocht agus Eolaíocht, agus atá mar Chathaoirleach ar Údaras na hOllscoile; agus an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh, Uachtarán OÉ Gaillimh.
Jul 16 2021 Posted: 12:14 IST

- Déanfar neartú ar stádas na Gaeilge agus daingneofar stádas dátheangach an champais

- Ceapfar an chéad Oifigeach Gaeilge
- Cuirfear foirgneamh nua agus spás ar fáil do phobal labhartha na Gaeilge
- Déanfar athfhorbairt ar Scéim Cónaithe na hOllscoile
- Beidh 20% den fhoireann phroifisiúnta ábalta a gcuid gnó a dhéanamh as Gaeilge

 

Tá céad Straitéis na Gaeilge seolta ag Ollscoil na hÉireann Gaillimh.

Sheol an Dr Máire Geoghegan Quinn, iar-Aire Rialtais agus Iar-Choimisinéir na hEorpa ar Thaighde, Nuálaíocht agus Eolaíocht, atá nuacheaptha mar chathaoirleach ar Údarás na hOllscoile, Straitéis na Gaeilge 2021-25 go hoifigiúil inniu (16 Iúil 2021).

Leagann an Straitéis amach fís uaillmhianach le beocht a chur i gcampas dátheangach na hOllscoile agus le bealach a leagan amach do chultúr iomlán dátheangach, trí polasaithe oibríochta, struchtúir rialachais agus bealach a thabharfaidh cumhacht dá cuid pobail tacú leis an nGaeilge.

D’fhorbair Coiste Straitéiseach nuabhunaithe na Gaeilge, ar a bhfuil Uachtarán na hOllscoile, an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh ina chathaoirleach, an Straitéis, le rannpháirtíocht fhorleathan ó bhaill inmheánacha agus sheachtracha na hOllscoile.  Sa Straitéis, aithnítear cúig phríomhthéama:  Gnóthaí Acadúla, Gnóthaí Riaracháin, Spás agus Acmhainní, Gnóthaí na Mac Léinn agus an Pobal i gCoitinne.

Dúirt an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh, Uachtarán na hOllscoile: “In Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, táimid fite fuaite i bpobail Ghaeilge agus Ghaeltachta, ar leac agus i gcroílár na Gaeltachta. Is cuid lárnach, dhomhain dár bhféiniúlacht agus dár saol í an Ghaeilge. Tá sé mar luach againn mar chomhluadar ollscoile go mbeidh ómós againn dár bpobail éagsúla, san Ollscoil agus sa cheantar máguaird, go mbeimid oscailte don saol lasmuigh agus muid tiomanta don inbhuanaitheacht. Is gné lárnach den ómós seo, den oscailteacht agus den inbhuanaitheacht chultúrtha agus chomhluadair í an Ghaeilge. Ní haon ualach í seo ach luach agus buntáiste agus muid sa domhan mór.

"Tá OÉ Gaillimh chun cinn in Éirinn agus, dá bharr, go hidirnáisiúnta maidir le teagasc, taighde agus tionscnaimh Ghaeilge a fhorbairt agus, leis sin, mar eiseamláir sa bhaile agus i gcéin maidir le dlúthchaidreamh a chothú le pobail teanga, teangacha Ceilteacha agus mionteangacha go háirithe. Sin í an deis agus an dúshlán atá romhainn.”

I measc na bpríomhbhearta i Straitéis na Gaeilge 2021-25 tá:

  • Spás agus Acmhainní: Dearbhaítear sa Straitéis go dtabharfar aghaidh ar sholáthar spáis trí fhoirgneamh nua a thógáil do phobal labhartha na Gaeilge ar an gcampas.  Déanfar tuilleadh forbartha ar Scéim Cónaithe na Gaeilge, le haghaidh pobal labhartha na Gaeilge a neartú mar phobal beo.  Cruthófar agus déanfar forbairt ar mhoil teanga ar champas na Gaillimhe, chomh maith le spás sóisialta faoi úinéireacht na mac léinn a bhunú.
  • Struchtúir Riaracháin agus Bainistíochta: Ceapfaidh OÉ Gaillimh Oifigeach Gaeilge, agus beidh dualgas iomlán ar an té sin as fís na hOllscoile ó thaobh na Gaeilge de a thiomáint.  Cinnteofar go mbeidh ‘an Ghaeilge san Ollscoil’ mar mhír sheasta ar chlár Údarás na hOllscoile agus dearbhófar go mbeidh cruinnithe ar bun i lárionaid Ghaeltachta.  Cuirfear i bhfeidhm polasaí nua, ag eascairt as an riachtanas go mbeidh sé de dhualgas ar gach aonad, seirbhísí custaiméirí a chur ar fáil as Gaeilge; scéim a chur i bhfeidhm ina dtugtar aitheantas oifigiúil don Ghaeilge mar scil sa phróiseas earcaíochta; agus beidh 20% den fhoireann phroifisiúnta ábalta a gcuid gnó a dhéanamh as Gaeilge.
  • Úsáid na Gaeilge san Ollscoil: Bunófar Seirbhís Ateangaireachta Ollscoile; Cinnteofar go bhfuil mic léinn ábalta déileáil le córas riaracháin na hOllscoile as Gaeilge ó thús go deireadh ina gclár staidéir; Beidh Scéim nua ealaíne le dearadh agus le cur i bhfeidhm a dhíreoidh ar ealaín Ghaeilge a shuiteáil ar fud an champais.
  • Gnóthaí Acadúla: Cur leis an rogha teagaisc as Gaeilge chomh maith le héascaíocht agus forbairt a dhéanamh ar thograí uaillmhianacha bunathraitheacha sa disciplín; fiosrú a dhéanamh ar na roghanna maidir le modúil idirdhisciplíneacha as Gaeilge a thairiscint.
  • An Pobal: Tá tacaíocht tugtha ag Lárionaid Ghaeltachta na hOllscoile do phobal na Gaeltachta le breis agus 20 bliain agus tá siad faoi réir le leas a bhaint as na deiseanna a eascraíonn as Plean 20 Bliain an Stáit don Ghaeilge mar aon leis an leasú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla.  Tá OÉ Gaillimh chun tosaigh ar thraenáil as Gaeilge a chur ar fáil d’ábhar oidí in Éirinn agus tá taighdeoirí den scoth againn i réimsí na pleanála teanga, na sochtheangeolaíochta agus na cumarsáide.

Dúirt an Dr Máire Geoghegan Quinn. “Tá oidhreacht shaibhir Ghaeilge ag an Ollscoil seo agus cáil ar fud an domhain mhóir bainte amach ag scoláirí, scríbhneoirí, aisteoirí, iriseoirí, polaiteoirí  agus craoltóirí  Gaeilge a d’fhreastail ar an gcampas stairiúil, nuálach seo le céad go leith bliain agus tuilleadh.    

"Bhí riamh buntáiste ar leith ag baint leis an nGaeilge anseo in OÉ Gaillimh ó thaobh suímh agus pobail de.  Tuigeadh ón tús gur chun leasa na teanga, na Gaeltachta agus na hOllscoile s’againne an muintearas seo eadrainn a chothú agus a neartú, rud a rinneadh.

"Is í seo an t-aon ollscoil atá lonnaithe ar thairseach na Gaeltachta, tobar na teanga beo.  Tugann an suíomh uathúil seo agus ár nIonaid Ghaeltachta, sa nGaeltacht féin an deis dúinn an nasc sin leis an nGaeilge a thabhairt chun cinn ar bhealaí nuálacha.   Cuireann an Straitéis nua seo bonn nua seasmhach comhtháite faoin nGaeilge i ngach gné de shaol agus d’obair na hOllscoile agus fáiltím roimpi.

“Ní mar dhualgas reachtúil ná mar ualach atá le hiompar go drogallach a féachadh ar an nGaeilge ach mar chuid dhílis, lárnach a théann go smior san institiúid agus gach cuid de.  Is mar sin a bhí agus is mar sin a bhéas.”

D’eascair na réimsí tosaíochta straitéise agus na príomhaidhmeanna a bhfuil cur síos déanta orthu i Straitéis na Gaeilge 2021-2025, as comhráite agus díospóireacht ag cruinnithe de Choiste Straitéise na Gaeilge agus i roinnt fochoistí ina raibh baill inmheánacha agus sheachtracha páirteach iontu, san áireamh bhí ionadaíocht thar ceann na mac léinn, agus aiseolas ó phobal na hOllscoile, tar éis próiseas comhairliúcháin poiblí.  Ba é meon forleathan na ngrúpaí oibre ná gur cheart don straitéis a bheith uaillmhianach, ionas go gcuirfí chun cinn an Ghaeilge atá i mbaol, i saol na hOllscoile, i bpobal na Gaeltachta agus i bpobal na Gaeilge.

Dúirt an tOllamh Pól Ó Dochartaigh, Uachtarán Ionaid & Meabhránaí OÉ Gaillimh: “Is straitéis uaillmhianach í seo atá lán le dóchas do thimpeallacht dhátheangach a chothú agus a fhorbairt.  Daingníonn an straitéis seo an teachtaireacht gur Straitéis ionchuimsitheach í Straitéis na Gaeilge atá faoi úinéireacht phobal na hOllscoile, beag beann ar an gcumas teanga atá acu.

“Aithnítear an ról tábhachtach atá ag OÉ Gaillimh i gcúrsaí eacnamaíochta agus i sochaí an réigiúin, tá sé i gceist againn dul i mbun oibre le gnólachtaí, eagraíochtaí agus líonraí lena chinntiú go bhfuil ár nOllscoil ag tacú leis an gceantar.”

Cur i bhFeidhm na Straitéise

Bunóidh Coiste Straitéise na Gaeilge, Coiste Feidhmithe Straitéis na Gaeilge, óna chuid ball, le tacú le cur i bhfeidhm Straitéis na Gaeilge 2021-25.

Déanfar forbairt ar phlean iomlán feidhmithe, a thabharfaidh aghaidh ar na réimsí tosaíochta straitéise, ina n-áirítear bearta a chuirfear i gcrích, amscála, úinéireacht agus spleáchas.  Beidh aird ar leith á tabhairt ag an Uachtarán Ionaid agus Meabhránaí ar mhonatóireacht an phróisis, aidhmeanna na straitéise a bhaintear amach agus cuirfidh sé tuarascáil ar fáil go bliantúil ar an dul chun cinn atá déanta, d’Údarás na hOllscoile.

Tá OÉ Gaillimh meáite i dtreo a chuid dualgais reachtúla a chur i ngníomh faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla agus tabharfaidh Coiste Feidhmithe Straitéis na Gaeilge aird freisin ar Scéimeanna Teanga na hOllscoile agus a gcuid dualgas, faoi Acht an Choláiste Ollscoile, Gaillimh (Leasú), 2006, le hoideachas ollscoile i nGaeilge a chur chun cinn.

Léigh Straitéis na Gaeilge 2021-25 ina hiomláine ag  http://www.nuigalway.ie/gaeilgebheo/.

-Críoch-

Marketing and Communications

PreviousNext

Featured Stories