Peter square edge Uachtarán Ionaid agus An Meabhránaí  

An tOllamh Peter McHugh                                                                                                              Folíne: 2121; Líne Dhíreach:  353 (0)91 - 492121
Ríomhphostdpr@universityofgalway.ie
 

Is é an tOllamh Peter McHugh Uachtarán Ionaid agus Meabhránaí na hOllscoile. Is ball é d’Fhoireann Bainistíochta na hOllscoile agus den Chomhairle Acadúil agus déanann sé ionadaíocht ar an Uachtarán nuair a bhíonn sé as láthair. Ina ról, is é Peter atá freagrach as an straitéis acadúil, as arduithe céime acadúla agus as feabhas acadúil. Tá sé ina chathaoirleach ar Choiste Teagaisc agus Foghlama na hOllscoile, ar an gCoiste Arduithe Céime Acadúla, ar an gCoiste Treisithe Feabhais, i measc coistí eile san Ollscoil. Lasmuigh den ollscoil, tá sé ina bhall de Sheanad Ollscoil na hÉireann agus tá sé ar bhord na Lár-Oifige Iontrála (CAO).  Is de bhunadh Bhéal Átha hAmhnais, Co. Mhaigh Eo é Peter, a bhfuil BE Céadonóracha san Innealtóireacht Mheicniúil bainte amach aige ó Ollscoil na Gaillimhe mar aon le ScM agus PhD san Innealtóireacht ó Ollscoil Brown, Rhode Island, SAM. Tá Dochtúireacht san Eolaíocht (DSc) as Obair Fhoilsithe faighte aige ó Ollscoil na hÉireann chomh maith.

Thosaigh Peter le foireann teagaisc na hOllscoile sa bhliain 1991 mar Léachtóir le hInnealtóireacht Mheicniúil. Ceapadh ina chéad Ollamh Bunaithe le hInnealtóireacht Bhithleighis san Ollscoil é sa bhliain 2007, agus bhí sé ina Cheann ar Innealtóireacht Bhithleighis laistigh de Scoil na hInnealtóireachta ó 2013 i leith. Bhí sé ina Dhéan agus ina Cheann Scoile ar Scoil na hInnealtóireachta agus na hIonformaitice ó 2016 go 2019 agus ina Cheann Scoile ar Scoil na hInnealtóireachta ó 2019 go 2021. Tá aitheantas idirnáisiúnta tuillte ag an Ollamh McHugh mar cheannaire taighde san innealtóireacht bhithleighis agus cuid mhór taighde déanta aige ar bhunfhorbairtí agus ar fheidhmeanna modhanna ríomhaireachtúla agus turgnamhacha sa bhithmheicnic, i meicnic fíochán, agus in anailís agus dearadh ionchlannán agus feistí leighis. Tá iliomad saothar foilsithe aige ar na hábhair seo. I dteannta lena chuid taighde, tá Peter an-tiomanta don oideachas fochéime agus iarchéime.

Tá lear mór gradam bronnta air, agus san áireamh leo sin tá ballraíocht d’Acadamh Ríoga na hÉireann (2011), Bonn Airgid Acadamh Ríoga an Leighis in Éirinn – an Rannóg Bithinnealtóireachta (2011), Comhaltacht d’Acadamh Innealtóireachta na hÉireann (2019), Comhaltacht Alexander von Humboldt (1995), Ainmní an Uachtaráin do Chomhaltacht Innealtóirí na hÉireann (2009), agus is Innealtóir Cairte le hInstitiúid Innealtóirí na hÉireann é ó 1996. Tá tréimhsí caite aige chomh maith i róil oifigigh in Acadamh Ríoga na hÉireann, mar Rúnaí ar Innealtóireacht agus Rúnaí ar Pholasaí agus Caidrimh Idirnáisiúnta, áit a raibh sé ina ionadaí Éireannach do roinnt eagraíochtaí acadúla idirnáisiúnta, lena n-áirítear Comhairle Chomhairleach Eolaíochta Acadaimh na hEorpa (EASAC).

 

 Marie Kennedy  Cúntóir Pearsanta an Uachtaráin Ionaid & Meabhránaí
Marie Kennedy  
Folíne: 2121; Líne Dhíreach: 353 (0)91 492121
Ríomhphostdpr@universityofgalway.ie
   
 

 

Monica Crump  Leabharlannaí na hOllscoile
Monica Crump
Folíne: 3712; Líne Dhíreach: 353 (0)91 493712
Ríomhphost: monica.crump@universityofgalway.ie
 

Mar Leabharlannaí Ollscoile, tá Monica Crump freagrach as Straitéis na Leabharlainne a chur chun cinn i gcomhar le foireann na Leabharlainne.  Beidh aird ar leith aici ar an obair phleanála don Fhoirgneamh Leabharlainne nua, áit a mbeidh timpeallacht foghlama a fheilfidh don todhchaí ar fáil, a thacóidh le Straitéis Acadúil na hOllscoile, trí dheiseanna comhoibrithe agus cruthaitheachta a chur ar fáil do mhic léinn, a thacóidh lena gcuid foghlama, mar aon le bailiúcháin agus spásanna don staidéar aonair, fócasaithe. Tá beagnach 30 bliain taithí ag Monica ag obair mar leabharlannaí agus mar thaighdeoir san earnáil ardoideachais.  Tá spéis ar leith aici sa chumarsáid agus san fhoilsitheoireacht léannta, atá ag athrú de shíor, chomh maith le foirne a thabhairt le chéile agus a fhorbairt ar mhaithe le spriocanna straitéiseacha institiúideacha a bhaint amach, agus tacú le riachtanais na n-úsáideoirí. Tá B.A. sa Ríomheolaíocht, sa Teangeolaíocht agus sa Ghearmáinis (TCD) ag Monica, Máistreacht san Eolaíocht Leabharlainne agus Eolais (UCD), chomh maith le B.A. sa Fhraincis (Ollscoil na Gaillimhe).  Is ball tofa d’Údarás na hOllscoile í ó 2021 agus ball den Choiste Seasta agus Pleanála Straitéisí, agus bhí sí mar bhall den Choiste Acmhainní Airgeadais chomh maith.

  

Iain MacLaren Stiúrthóir an Ionaid Sárchaighdeáin Foghlama & Teagaisc (CELT)
Dr Iain MacLaren
Folíne: 2822 Líne Dhíreach: 353 (0)91 492822
Ríomhphostiain.maclaren@universityofgalway.ie
 

Is é an Dr Iain Mac Labhrainn Stiúrthóir an Ionaid Sárchaighdeáin Foghlama & Teagaisc (CELT), Ionad lena mbaineann réimse leathan cúraimí lena n-áirítear teicneolaíochtaí chun tacú le foghlaim agus teagasc (bídís sa seomra ranga nó ar líne), forbairt ghairmiúil na foirne acadúla, polasaí agus straitéis maidir le foghlaim agus teagasc, agus taighde agus scoláireacht san ardoideachas. Sular ghlac sé an ról seo chuige féin, rinne sé taighde agus teagasc i riar ollscoileanna in Albain agus i Sasana, agus baineann a chúlra disciplíneach féin leis an Réaltfhisic (BSc (Onóracha) Dún Éideann, PhD Durham) a leathadh amach freisin i dtreo na fisice atmaisféaraí, ardteicnící ríomhaireachta, teicneolaíochtaí ilmheán, agus an t-oideachas. Ghlac sé páirt, agus ról ceannaireachta, i roinnt tionscadal náisiúnta agus idirnáisiúnta a bhaineann le forbairt ghairmiúil agus le teicneolaíochtaí foghlama. Ba bhunbhall Boird den Fhóram Náisiúnta um Fheabhsú Múinteoireachta & Foghlama é, tá sé ina Phríomhchomhalta den Higher Education Academ/AdvancedHE faoi láthair, agus bíonn sé ag scríobh agus ag foilsiú leis sa réimse, scríobh sé in Reflective Teaching in Higher Education (an 1ú agus an 2ú hEagrán, Bloomsbury) le deireanas, ar príomhthéacs é ar go leor clár Iarchéime san fhoghlaim agus sa teagasc.

  

Nuala McGuinnStiúrthóir ar an Ionad Foghlama agus Forbartha Gairmiúla d’Aosaigh
Nuala McGuinn
Folíne: 2146 Líne Dhíreach: 353 (0)91 492146
Ríomhphostnuala.mcguinn@universityofgalway.ie
 
Tá Nuala McGuinn ina Stiúrthóir ar an Ionad Foghlama agus Forbartha Gairmiúla d’Aosaigh in Ollscoil na Gaillimhe ó ceapadh sa ról sin í in 2013.  Tá breis agus 25 bliain taithí ag Nuala ar bheith ag obair san fhoghlaim agus san fhorbairt d’aosaigh laistigh d’earnáil na hInstitiúide Teicneolaíochta agus na hOllscoile.  Ina ról reatha in Ollscoil na Gaillimhe tá dualgas uirthi maidir le forbairt agus leathadh réimse na gclár páirtaimseartha san Ollscoil le béim faoi leith ar mhúnlaí solúbtha seachadta cúrsa, forbairt agus cur i bhfeidhm clár cumaisc agus foghlama ar líne, comhpháirtíocht le tionscal le riachtanais oiliúna an réigiúin a aithint agus a chur ar fáil agus tacú le foghlaimeoirí lánfhásta ina n-aistear gairmiúil forbartha. Chuir Nuala tús lena gairm mar mhúinteoir bunscoile, agus ó shin i leith tá sí tar éis a spéis sa teagasc, san oideachas agus sa bhainistíocht a fhí isteach ina cuid oibre reatha sa bhainistíocht oideachais agus dearadh agus forbairt ar chlár acadúil.  Tá MA i mBainistíocht san Oideachas (WIT), MSc i gCleachtas Margaíochta (Ollscoil na Gaillimhe), Ard-Dioplóma i Staidéar Gnó (Ollscoil na Gaillimhe) agus Baitsiléir san Oideachas (Coláiste Naomh Pádraig) bainte amach aici. I measc a cuid réimsí spéise tá forbairt ghairmiúil agus forbairt an fhórsa saothair, foghlaim obairbhunaithe, múnlaí creidiúnaithe don réamhfhoghlaim agus don fhoghlaim ó thaithí, agus tacú agus forbairt foghlaimeoirí lánfhásta san ardoideachas. Tá Nuala ina ball de Ghrúpa Stiúrtha Fhóram Réigiúnach Scileanna an Iarthair agus is í rúnaí oinigh Líonra Ardoideachais na hÉireann um Fhoghlaim ar feadh an tSaoil (HELLIN) í.
 
 
Michelle Ní Chróinín Stiúrthóir Straitéise agus Pleanála
Michelle Ní Chróinín
Folíne: 2591 Líne Dhíreach: 353 (0)91 492591
Ríomhphostmichelle.nichroinin@universityofgalway.ie
 

Is í Michelle an Stiúrthóir Straitéise agus Pleanála in Oifig an Uachtaráin Ionaid agus Meabhránaí, agus stiúrann sí tionscadail uile-Ollscoile a bhaineann le cur i bhfeidhm a misin straitéisigh acadúil. Sular ceapadh sa ról nua seo í, bhí sí ina hOifigeach Preasa & Faisnéise na hInstitiúide in Ollscoil na Gaillimhe roimhe sin. Tá breis is 20 bliain taithí ag Michelle i riarachán poiblí, cumarsáid agus rialachas corparáideach. Ba bhall tofa d’Údarás na hOllscoile í idir 2013-2019 agus ba bhall de Choiste Tionscnaimh Straitéiseacha agus Gnóthaí Seachtracha na hOllscoile í chomh maith. Faoi láthair tá sí i mbun a dara téarma ar Bhord TG4 áit ar fheidhmigh sí mar Chathaoirleach eatramhach an Bhoird in 2017. D’fhreastail sí ar Choiste Iniúchta agus Airgeadais TG4 agus is í Cathaoirleach reatha Choiste Branda agus Margaíochta TG4 í. In 2018, iarradh uirthi bheith ina ball de Bhord Macnas agus is iarbhall de bhord Volunteer Galway í. Tá MA sa Ghnó (IMI/COC), MA i Léann na Meán (OL), Ard-Diop i Riarachán na nEalaíon (Ollscoil na Gaillimhe), Ard-Diop i mBainistíocht Tionscadail Fheidhmigh (IPM/COC), agus BMus (COC) ag Michelle.

 

Caroline Ní FhlathartaOifigeach na Gaeilge
Caroline Ní Fhlatharta
Folíne: 4666 Líne Dhíreach: 353 (0)91 494666
Ríomhphost: caroline.nifhlatharta@ollscoilnagaillimhe.ie
 

Ceapadh Caroline Ní Fhlatharta mar an chéad Oifigeach Gaeilge in Ollscoil na Gaillimhe i mí Dheireadh Fómhair 2021. Cuid lárnach de chéad Straitéis na Gaeilge – Straitéis na Gaeilge 2021-2025 - is ea an chéad Oifigeach Gaeilge a bheith ceaptha in Ollscoil na Gaillimhe. Tacóidh ceapachán Caroline leis an Straitéis seo, mar aon lenár bhfís timpeallacht inbhuanaithe dhátheangach a fhorbairt agus a chothú agus ár dteanga a chur chun cinn i ngach gné de shaol na hollscoile agus i measc phobal Ollscoil na Gaillimhe, na Gaeltachta agus na Gaeilge. Tá MA san Fhoghlaim agus Forbairt d’Aosaigh, BA sa Ghaeilge Fheidhmeach, Dioplóma sa Ghaeilge agus Dioplóma i dTeicneolaíochtaí Gnó bainte amach ag Caroline le hOllscoil na hÉireann, Gaillimh, chomh maith le Teastas Iarchéime i gComhairle agus Treoir um Oideachas Aosach le hOllscoil Mhá Nuad. Rinne sí áisitheoireacht ar an gcéad Chlár Ceannaireachta LIFT sa tír trí Ghaeilge le baill foirne de chuid na hOllscoile agus bhuaigh sí Gradam LIFT don Nuálaíocht agus Inoiriúnaitheacht. Is cainteoir dúchais as Conamara í, a bhí ag obair le TG4 aici sular thosaigh sí san Ollscoil in 2005.

 
 
Sinéad O'Connor Stiúrthóir Feabhais
Sinéad O'Connor
Folíne: 4311 Líne Dhíreach: 353 (0)91 494311
Ríomhphostsinead.oconnor@universityofgalway.ie 
 

Tá Sinéad ag feidhmiú mar an Stiúrthóir Feabhais ó ceapadh í sa ról i samhradh 2019. Tá taithí ocht mbliana déag aici i réimsí an rialachais, na hiniúchóireachta, na bainistíochta riosca, agus na bainistíochta straitéisí. Tá taithí seacht mbliana aici in earnáil an ardoideachais ag obair mar Iniúchóir Inmheánach in Ollscoil na Gaillimhe, agus ról lárnach aici sa phróiseas freagrachta poiblí trí dhearbhú a thabhairt d'Údarás na hOllscoile maidir leis na creataí a bhaineann le smachtú inmheánach agus bainistíocht riosca laistigh den Ollscoil. D’oibrigh sí mar Bhainisteoir Airgeadais don Ionad Anailísíochta Sonraí Insight chomh maith. Is í Sinéad iarArd-Stiúrthóir Chumann na Camógaíochta, eagraíocht náisiúnta spóirt a chlúdaíonn 600 club agus líonra de thuairim is 100,000 ball. Is ball den Choiste d’Fheabhsú Cáilíochta, den Chomhairle Acadúil agus de Choiste Seasta na Comhairle Acadúla í Sinéad agus bhí sí ar Choiste Iniúchta & Bainistíochta Riosca na hOllscoile roimhe sin. Tá Baitsiléir Eolaíochta sa Chuntasaíocht ag Sinéad ó Ollscoil Scranton agus Máistreacht sa Chuntasaíocht aici ó COBÁC.  Is Cuntasóir Cairte í.

  

Michelle O'Dowd Lohan Oifigeach Inbhuanaitheachta Pobail agus Ollscoile
Michelle O'Dowd Lohan
Folíne: 4498 Líne Dhíreach: 353 (0)91 494498
Ríomhphostmichelle.odowd@universityofgalway.ie
 

Is í Michelle O’Dowd Lohan an chéad Oifigeach Inbhuanaitheachta Pobail agus Ollscoile in Ollscoil na Gaillimhe. Arna cheapadh i mí Mheán Fómhair 2019, is post sinsearach ceannaireachta é seo a thacaíonn leis an Uachtarán Ionaid agus Meabhránaí le cuspóirí na Comhpháirtíochta Inbhuanaitheachta Pobail agus Ollscoile (CUSP) a chur chun cinn. Cuireann CUSP roimhe campas den chéad scoth, atá glas, cliste agus sláintiúil a bhaint amach do Ollscoil na Gaillimhe trí inbhuanaitheacht a leabú i ngníomhaíochtaí teagaisc, foghlama, oibríochta, agus for-rochtana níos leithne. Is céimí de chuid na hEolaíochta Comhshaoil in Ollscoil na Gaillimhe í Michelle. Bhain sí Ard-Dioplóma san Oideachas amach ina dhiaidh sin sular fhreastail sí ar Ollscoil na Banríona, Béal Feirste áit a ndearna sí MSc san Innealtóireacht Chomhshaoil. D’oibrigh Michelle roimhe seo mar Chomhlach Taighde Inbhuanaitheachta in Institiúid Uí Riain, Ollscoil na Gaillimhe. I measc na réimsí taighde a bhfuil spéis aici iontu tá inbhuanaitheacht a bhaineann le hearnálacha oideachais agus sláinte. Sular tháinig sí go Ollscoil na Gaillimhe chaith Michelle 12 bhliain ag obair mar Chomhordaitheoir Comhshaoil agus Bainistíochta Dramhaíola le hOspidéil na hOllscoile, Gaillimh.