An tOllamh Peter McHugh

An tOllamh Peter McHugh

Is é an tOllamh Peter McHugh Uachtarán Ionaid agus Meabhránaí na hOllscoile. Is ball é d’Fhoireann Bainistíochta na hOllscoile agus den Chomhairle Acadúil agus déanann sé ionadaíocht ar an Uachtarán nuair a bhíonn sé as láthair. Ina ról, is é Peter atá freagrach as an straitéis acadúil, as arduithe céime acadúla agus as feabhas acadúil. Tá sé ina chathaoirleach ar Choiste Teagaisc agus Foghlama na hOllscoile, ar an gCoiste Arduithe Céime Acadúla, ar an gCoiste Treisithe Feabhais, i measc coistí eile san Ollscoil. Lasmuigh den ollscoil, tá sé ina bhall de Sheanad Ollscoil na hÉireann agus tá sé ar bhord na Lár-Oifige Iontrála (CAO).  Is de bhunadh Bhéal Átha hAmhnais, Co. Mhaigh Eo é Peter, a bhfuil BE Céadonóracha san Innealtóireacht Mheicniúil bainte amach aige ó Ollscoil na Gaillimhe mar aon le ScM agus PhD san Innealtóireacht ó Ollscoil Brown, Rhode Island, SAM. Tá Dochtúireacht san Eolaíocht (DSc) as Obair Fhoilsithe faighte aige ó Ollscoil na hÉireann chomh maith.

Thosaigh Peter le foireann teagaisc na hOllscoile sa bhliain 1991 mar Léachtóir le hInnealtóireacht Mheicniúil. Ceapadh ina chéad Ollamh Bunaithe le hInnealtóireacht Bhithleighis san Ollscoil é sa bhliain 2007, agus bhí sé ina Cheann ar Innealtóireacht Bhithleighis laistigh de Scoil na hInnealtóireachta ó 2013 i leith. Bhí sé ina Dhéan agus ina Cheann Scoile ar Scoil na hInnealtóireachta agus na hIonformaitice ó 2016 go 2019 agus ina Cheann Scoile ar Scoil na hInnealtóireachta ó 2019 go 2021. 

Tá aitheantas idirnáisiúnta tuillte ag an Ollamh McHugh mar cheannaire taighde san innealtóireacht bhithleighis agus cuid mhór taighde déanta aige ar bhunfhorbairtí agus ar fheidhmeanna modhanna ríomhaireachtúla agus turgnamhacha sa bhithmheicnic, i meicnic fíochán, agus in anailís agus dearadh ionchlannán agus feistí leighis. Tá iliomad saothar foilsithe aige ar na hábhair seo. I dteannta lena chuid taighde, tá Peter an-tiomanta don oideachas fochéime agus iarchéime.

Tá lear mór gradam bronnta air, agus san áireamh leo sin tá ballraíocht d’Acadamh Ríoga na hÉireann (2011), Bonn Airgid Acadamh Ríoga an Leighis in Éirinn – an Rannóg Bithinnealtóireachta (2011), Comhaltacht d’Acadamh Innealtóireachta na hÉireann (2019), Comhaltacht Alexander von Humboldt (1995), Ainmní an Uachtaráin do Chomhaltacht Innealtóirí na hÉireann (2009), agus is Innealtóir Cairte le hInstitiúid Innealtóirí na hÉireann é ó 1996. Tá tréimhsí caite aige chomh maith i róil oifigigh in Acadamh Ríoga na hÉireann, mar Rúnaí ar Innealtóireacht agus Rúnaí ar Pholasaí agus Caidrimh Idirnáisiúnta, áit a raibh sé ina ionadaí Éireannach do roinnt eagraíochtaí acadúla idirnáisiúnta, lena n-áirítear Comhairle Chomhairleach Eolaíochta Acadaimh na hEorpa (EASAC).