Module Code: PT2101

Micro-credential Overview

Is í aidhm an mhodúil seo léargas a thabhairt don fhoghlaimeoir ar phróiseas na pleanála teanga i gcás na Gaeilge in Éirinn an lae inniu. Tá sé d’aidhm ag an modúl go bhfaighidh an foghlaimeoir tuiscint ar an bpleanáil teanga (i) mar phróiseas céimnithe comhordaithe agus (ii) mar chur chuige acadúil comhtháite. Déanfar iniúchadh córasachar phróiseas na pleanála teanga agus ar na céimeanna éagsúla mar chuid den phróiseas sin. Cuirfear an foghlaimeoir ag machnamh ar cheisteanna a bhaineann le próiseas na pleanála teanga ag leibhéal an phobail i gcás na hÉireann agus na Gaeilge. Tabharfar blaiseadh praiticiúil de phróiseas na pleanála teanga do na mic léinn trí tharraingt ar roinnt mhaith de na pleananna teanga atá foilsithe cheana féin.

Start Date

Bhliain acadúil 2024/25 - Seimeastar 1

Mode of Study and Assessment

Is í an Fhoghlaim Chumaisc (i bpearsain agus ar líne) an modh staidéir don Mhicrichreidiúint seo. Ar bhonn leanúnach a dhéanfar an measúnú.

NFQ Level and ECTS

Leibhéal 7 

5 ECTS 

Application Process

Ón 1 Aibreán 2024, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar aon mhicrchreidiúint de chuid Ollscoil na Gaillimhe ar an Tairseach Iarratais Ar Líne

Agus d’iarratas á líonadh agat, déan cinnte de go roghnóidh tú na catagóirí seo a leanas:

Academic level: Micro-credentials and CPD
College/Interest type: Micro-credentials/CPD Undergrad Level 7 and 8
Academic programme: Arts & Social Science Micro-credentials - CPB17

Beidh ort Ainm agus Cód an Mhodúil a chur isteach de láimh faoi 'Module Name' ar an dara leathanach den iarratas. Cóipeáil an t-ainm agus an cód seo thíos le do thoil:

Próiseas na Pleanála Teanga - PT2101

Tá eolas breise ar ár bpróiseas iarratais le fáil anseo.

Course Fees

€500*

Subsided fee: €250

* Tá táille laghdaithe 50% MicroCred i gceist i gcás líon teoranta iarrthóirí incháilithe. Tá tuilleadh eolais faoi choinníollacha incháilitheachta ar fáil anseo.

Entry Requirements 

Ní mór d’iarratasóirí a bheith os cionn 21 bliain d’aois.

Contact Information

Má tá eolas breise uait is féidir leat ríomhphost a sheoladh chugainn ag microcreds@universityofgalway.ie