Module Code: PT812

Micro-credential Overview

Breathnófar ar bhunús oifigiúil na Gaeltachta agus ar fhorbairt pholasaí an stáit i leith na Gaeltachta sa mhodúl seo. Breathnófar freisin ar bhunús na Gaeltachta mar limistéar sainiúil cultúir agus teanga. Beidh an modúl seo feiliúnach d’oibrithe pobail agus teanga sna ceantair phleanála teanga a luaitear in Acht na Gaeltachta.

Beidh buntáiste acu siúd atá ag obair cheana féin in earnáil na Gaeilge go naisiúnta agus Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge á feidhmiú acu.

Start Date

Bhliain acadúil 2024/25 - Seimeastar 1

Reáchtálfar dhá cheardlann deireadh seachtaine le linn an tseimeastair.

Mode of Study and Assessment

Is í an Fhoghlaim Chumaisc (i bpearsain agus ar líne) an modh staidéir don Mhicrichreidiúint seo. Ar bhonn leanúnach a dhéanfar an measúnú.

NFQ Level and ECTS

Leibhéal 7

5 ECTS 

Application Process

Ón 1 Aibreán 2024, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar aon mhicrchreidiúint de chuid Ollscoil na Gaillimhe ar an Tairseach Iarratais Ar Líne

Agus d’iarratas á líonadh agat, déan cinnte de go roghnóidh tú na catagóirí seo a leanas:

Academic level: Micro-credentials and CPD
College/Interest type: Micro-credentials/CPD Undergrad Level 7 and 8
Academic programme: Arts & Social Science Micro-credentials - CPB17

Beidh ort Ainm agus Cód an Mhodúil a chur isteach de láimh faoi 'Module Name' ar an dara leathanach den iarratas. Cóipeáil an t-ainm agus an cód seo thíos le do thoil:

Cúlra agus Comhthéacs na Gaeltachta - PT812

Tá eolas breise ar ár bpróiseas iarratais le fáil anseo.

Course Fees

€500*

Táille laghdaithe: €250

* Tá táille laghdaithe 50% MicroCred i gceist i gcás líon teoranta iarrthóirí incháilithe. Tá tuilleadh eolais faoi choinníollacha incháilitheachta ar fáil anseo.

Entry Requirements 

  • Ní mór d’iarratasóirí a bheith os cionn 21 bliain d’aois. 

  • Beidh an modúl seo feiliúnach d’oibrithe pobail agus teanga sna ceantair phleanála teanga a luaitear in Acht na Gaeltachta. Beidh buntáiste acu siúd atá ag obair cheana féin in earnáil na Gaeilge go nAisiúnta agus Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge á feidhmiú acu. 

Contact Information

Má tá eolas breise uait is féidir leat ríomhphost a sheoladh chugainn ag microcreds@universityofgalway.ie