Module Code: LT102

Micro-credential Overview

Is é aidhm an mhodúil seo barr feabhais a bheith bainte amach ag na mic léinn i gcruinnscríobh na Gaeilge. Leanfar de na mic léinn a chumasú i rialacha gramadaí na Gaeilge, i gcomhréir na teanga agus i gceartúsáid na teanga. Déanfar na mic léinn a chumasú i gceartú botúin ghramadaí agus litrithe i dtéacsanna.
Déanfar tuilleadh anailíse ar ghnéithe de chóras gramadaí na Gaeilge, agus déanfar dianchleachtadh ar mhíreanna gramadaí ionas go mbainfear ardchruinneas amach. Déanfar an cruinneas sa Ghaeilge a threisiú tuilleadh trí mheán na scríbhneoireachta. Díreofar ar chruinneas gramadaí agus litrithe a dhaingniú agus a fhorbairt trí chleachtaí rialta a dhéanamh a rachaidh chun tairbhe do chumas scríofa na mac léinn. Déanfar anailís agus ceartú ar théacsanna a dhéanfaidh buanú ar na rialacha gramadaí atá foghlamtha ag na mic léinn.

Start Date

Bhliain acadúil 2024/25 - Seimeastar 2

Mode of Study and Assessment

Is í an Fhoghlaim Chumaisc (i bpearsain agus ar líne) an modh staidéir don Mhicrichreidiúint seo. Ar bhonn leanúnach a dhéanfar an measúnú.

NFQ Level and ECTs 

Leibhéal 9

10 ECT’s 

Application Process

Ón 1 Aibreán 2024, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar aon mhicrchreidiúint de chuid Ollscoil na Gaillimhe ar an Tairseach Iarratais Ar Líne

Agus d’iarratas á líonadh agat, déan cinnte de go roghnóidh tú na catagóirí seo a leanas:

Academic level: Micro-credentials and CPD
College/Interest type: Micro-credentials/CPD Undergrad Level .
Academic programme: Arts and Social Science Postgrad CPC17. 

Beidh ort Ainm agus Cód an Mhodúil a chur isteach de láimh faoi 'Module Name' ar an dara leathanach den iarratas. Cóipeáil an t-ainm agus an cód seo thíos le do thoil:

Cruinnscríobh na Gaeilge 2 LT102

Tá eolas breise ar ár bpróiseas iarratais le fáil anseo.

Course Fees

€850

Entry Requirements 

Ní mór d’iarratasóirí a bheith os cionn 21 bliain d’aois.  Cruinnscríobh na Gaeilge 1

Contact Information

Má tá eolas breise uait is féidir leat ríomhphost a sheoladh chugainn ag dorothy.niuigin@ollscoilnagaillimhe.ie