Module Code: LT101

Micro-credential Overview

Sa mhodúl seo déanfar na mic léinn a chumasú i rialacha gramadaí na Gaeilge, i gcomhréir agus i ndeilbhíocht na teanga, agus i gceartúsáid na teanga.
Déanfar anailís ar ghnéithe de chóras gramadaí agus de chomhréir na Gaeilge, agus déanfar dianchleachtadh ar mhíreanna gramadaí ionas go mbainfear ardchruinneas amach. Déanfar an cruinneas sa Ghaeilge a threisiú tuilleadh trí mheán an aistriúcháin agus na scríbhneoireachta. Déanfar cleachtaí ar bhonn rialta a rachaidh chun tairbhe do chumas scríofa na mac léinn.
Cíorfar na foinsí agus na huirlisí teanga agus téarmaíochta is tábhachtaí a theastaíonn chun téacsanna scríofa ar ardchaighdeán a chur ar fáil.

Start Date

Bhliain acadúil 2024/25 - Seimeastar 1

Mode of Study and Assessment

Is í an Fhoghlaim Chumaisc (i bpearsain agus ar líne) an modh staidéir don Mhicrichreidiúint seo. Ar bhonn leanúnach a dhéanfar an measúnú.

NFQ Level and ECTs 

Leibhéal 9

10 ECT’s 

Application Process

Ón 1 Aibreán 2024, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar aon mhicrchreidiúint de chuid Ollscoil na Gaillimhe ar an Tairseach Iarratais Ar Líne

Agus d’iarratas á líonadh agat, déan cinnte de go roghnóidh tú na catagóirí seo a leanas:

Academic level: Micro-credentials and CPD
College/Interest type: Micro-credentials/CPD Undergrad Level .
Academic programme: Arts and Social Science Postgrad CPC17. 

Beidh ort Ainm agus Cód an Mhodúil a chur isteach de láimh faoi 'Module Name' ar an dara leathanach den iarratas. Cóipeáil an t-ainm agus an cód seo thíos le do thoil:

Cruinnscríobh na Gaeilge 1 LT101

Tá eolas breise ar ár bpróiseas iarratais le fáil anseo.

Course Fees

€850

Entry Requirements 

Ní mór d’iarratasóirí a bheith os cionn 21 bliain d’aois. Bunchéim Dara hOnóracha, Grád 2 ag leibhéal 8, nó Dara hOnóracha, Grád 2 i gclár iarchéime i réimse gaolmhar.  Iarrthóirí nach bhfuil na cáilíochtaí acadúla cuí acu, ach a bhfuil ar a laghad cúig bliana de thaithí ghairmiúil acu i réimse gaolmhar d'earnáil na teanga.

Contact Information

Má tá eolas breise uait is féidir leat ríomhphost a sheoladh chugainn ag dorothy.niuigin@ollscoilnagaillimhe.ie