Module Code: LN6111

Micro-credential Overview

Pléann an modúl seo leis na gnéithe sin den ghramadach nach bpléitear i leabhair ghramadaí de ghnáth. Féachtar, freisin, le comhréir na Gaeilge a fhiosrú, go háirithe difríochtaí idir í agus comhréir an Bhéarla. Déantar staidéar ar aistriúcháin agus ar théacsanna eile d’fhonn ceart-chomhréir na Gaeilge a aimsiú. Pléitear comhairle daoine ar spéis leo cruinnscríobh na Gaeilge le céad bliain anuas, comhairle i dtaobh na comhréire agus na gramadaí agus a chruinne atá an chomhairle sin ar na saolta seo.

Start Date

Bhliain acadúil 2024/25 - Seimeastar 2

Mode of Study and Assessment

Is í an Fhoghlaim Chumaisc (i bpearsain agus ar líne) an modh staidéir don Mhicrichreidiúint seo. Ar bhonn leanúnach a dhéanfar an measúnú.

NFQ Level and ECTs 

Leibhéal 9

10 ECT’s 

Application Process

Ón 1 Aibreán 2024, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar aon mhicrchreidiúint de chuid Ollscoil na Gaillimhe ar an Tairseach Iarratais Ar Líne

Agus d’iarratas á líonadh agat, déan cinnte de go roghnóidh tú na catagóirí seo a leanas:

Academic level: Micro-credentials and CPD
College/Interest type: 
Micro-credentials/CPD Postgrad Level 9
Academic programme: 
Arts & Social Science Postgrad Micro-credentials - CPC17

Beidh ort Ainm agus Cód an Mhodúil a chur isteach de láimh faoi 'Module Name' ar an dara leathanach den iarratas. Cóipeáil an t-ainm agus an cód seo thíos le do thoil:

Cruinnscríobh agus Comhréir na Gaeilge – LN6111

Tá eolas breise ar ár bpróiseas iarratais le fáil anseo.

Course Fees

€850

Entry Requirements 

Ní mór d’iarratasóirí a bheith os cionn 21 bliain d’aois.  BA le hAistriúchán nó le Gaeilge nó a chomhionann.

Contact Information

Má tá eolas breise uait is féidir leat ríomhphost a sheoladh chugainn ag microcreds@universityofgalway.ie