Osclófar an nasc seo ar 1ú Aibreáin 2024

Module Code: LT117

Micro-credential Overview

Sa mhodúl seo, déanfar plé ar stair agus ar fhorás na sochtheangeolaíochta mar réimse léinn. Ó tharla gur mian le haos léinn na sochtheangeolaíochta staidéar a dhéanamh ar an spás idir an teanga agus an tsochaí, pléifear na hiarmhairtí a bhaineann le cúpla pobal teanga a bheith buailte ar a chéile. Mar sin, cíorfar an bunús teoiriciúil a bhaineann le feidhmiú an dátheangachais, an ilteangachais agus na débhéascna i gcineálacha éagsúla pobail chomh maith leis an toradh a bhíonn ar an teagmháil teangacha (Ní Neachtain 2019; Ní Laoire, 2019). Tá sé d’aidhm ag an modúl seo staidéar a dhéanamh ar an teoiric agus ar na príomhchoincheapa a bhaineann leis an tsochtheangeolaíocht mar réimse léinn. Cíorfar na teoiricí sin i gcomhthéacs na Gaeilge agus na Gaeltachta in Éirinn sa lá atá inniu ann. Beidh an modúl seo feiliúnach d’oibrithe pobail agus teanga sna ceantair phleanála teanga a luaitear in Acht na Gaeltachta. Beidh buntáiste acu siúd atá ag obair cheana féin in earnáil na Gaeilge go naisiúnta agus Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge á feidhmiú acu.

Start Date

Bhliain acadúil 2024/25 - Seimeastar 1

Mode of Study and Assessment

Is í an Fhoghlaim Chumaisc (i bpearsain agus ar líne) an modh staidéir don Mhicrichreidiúint seo. Ar bhonn leanúnach a dhéanfar an measúnú.

NFQ Level and ECTS

Leibhéal 9

5 ECTS 

Application Process

Ón 1 Aibreán 2024, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar aon mhicrchreidiúint de chuid Ollscoil na Gaillimhe ar an Tairseach Iarratais Ar Líne

Agus d’iarratas á líonadh agat, déan cinnte de go roghnóidh tú na catagóirí seo a leanas:

Academic level: Micro-credentials and CPD
College/Interest type: Micro-credentials/CPD Undergrad Levels 7 and 8
Academic programme: Arts & Social Science Micro-credentials – CPB17

Beidh ort Ainm agus Cód an Mhodúil a chur isteach de láimh faoi 'Module Name' ar an dara leathanach den iarratas. Cóipeáil an t-ainm agus an cód seo thíos le do thoil:

An Anailís Sochtheangeolaíochta I - LT117

Tá eolas breise ar ár bpróiseas iarratais le fáil anseo.

Course Fees

€650*

Táille laghdaithe: €325

* Tá táille laghdaithe 50% MicroCred i gceist i gcás líon teoranta iarrthóirí incháilithe. Tá tuilleadh eolais faoi choinníollacha incháilitheachta ar fáil anseo.

Entry Requirements 

  • Ní mór d’iarratasóirí a bheith os cionn 21 bliain d’aois. 

  • Beidh an modúl seo feiliúnach d’oibrithe pobail agus teanga sna ceantair phleanála teanga a luaitear in Acht na Gaeltachta. Beidh buntáiste acu siúd atá ag obair cheana féin in earnáil na Gaeilge go nAisiúnta agus Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge á feidhmiú acu.

Contact Information

Má tá eolas breise uait is féidir leat ríomhphost a sheoladh chugainn ag microcreds@universityofgalway.ie