Ionad Rochtana na hOllscoile ag ceiliúradh 25 bliain

May 27 2024 Posted: 10:47 IST

Tá an tIonad Rochtana in Ollscoil na Gaillimhe ag ceiliúradh 25 bliain ag cruthú deiseanna do dhaoine bealaí chuig an ardoideachas a aimsiú.

Tá tacaíocht curtha ar fáil ag an Ionad Rochtana do bhreis is 3,500 duine ó bunaíodh é i 1999, agus tá líon na mac léinn san ollscoil a thagann ó ghrúpaí a bhíonn faoi ghannionadaíocht go traidisiúnta ag méadú i gcónaí.

Is é Méara na Gaillimhe, an Comhairleoir Eddie Hoare, a bhí i gceann an cheiliúrtha agus plaic nochta aige in oifigí an Ionaid Rochtana. Bhí sé ina aoi speisialta chomh maith ag searmanas bronnta Uni4U, ócáid a thugann blaiseadh de shaol na hollscoile do dhaltaí rang a sé i mbunscoileanna DEIS agus bunscoileanna Nasctha i nGaillimh.

Dúirt Méara na Gaillimhe, an Comhairleoir Eddie Hoare: “Mar alumnus d’Ollscoil na Gaillimhe, bhí an-áthas orm a bheith i láthair in Ionad Rochtana na hOllscoile chun 25 bliain dó a cheiliúradh. Chláraigh breis is 3,500 mac léinn ina gcuid clár le linn na tréimhse sin, cláir a chuireann ar chumas go leor daoine na bacainní atá ar dhul isteach ar an oideachas tríú leibhéal a shárú. Sárthionscadal eile de chuid an Ionaid Rochtana is ea Uni4U, clár a ligeann do dhaltaí i mbunscoileanna DEIS taithí phearsanta a fháil ar shaol na hOllscoile. Ba mhaith liom tréaslú le Imelda Byrne, Ceannasaí an Ionaid Rochtana, agus an fhoireann uile as an tsárobair atá ar bun acu agus guím gach rath orthu amach anseo.”

Seo mar a labhair Uachtarán Ollscoil na Gaillimhe, an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh: “Cuirimid romhainne in Ollscoil na Gaillimhe ár mbunluachanna a chur i ngnímh agus a bhaint amach i ngach a ndéanaimid. Cuimsíonn an tIonad Rochtana na bunluachanna sin go léir – oscailteacht; meas; barr feabhais; inbhuanaitheacht. Agus muid ag ceiliúradh 25 bliain ag cruthú deiseanna agus ag tacú le daoine sa phobal seo againne agus máguaird, ba cheart dúinn aitheantas a thabhairt don tsárobair atá déanta acu siúd nach é a gcuid ama, eolais ná saineolais amháin a thugann siad don tionscamh seo, ach a ndíogras agus a ndíocas leis. Leis sin, déanaimid ceiliúradh chomh maith ar na 3,500 mac léinn a thug aghaidh ar an tslí seo sa tsúil go mbainfidís gach leas as na deiseanna seo.”

Dúirt Imelda Byrne, Ceannasaí an Ionaid Rochtana: “Is sprioc shuntasach í 2024 dúinn go léir san Ionad Rochtana in Ollscoil na Gaillimhe, agus muid ag ceiliúradh 25 bliain dár gCláir Rochtana. Ghlac breis is 3,500 mac léinn páirt sna cláir seo againn, is é sin 3,500 duine a bhfuil athrú suntasach tagtha ar an saol acu de bharr na ndeiseanna a d’éirigh linn a thabhairt dóibh. 

“Tá sé mar aidhm againn i gcónaí tacaíocht agus acmhainn a thabhairt do dhaoine i gcathair agus i gcontae na Gaillimhe, i réigiún an iarthair, i gcontaetha na teorann agus i lár na tíre chun bealaí isteach san ardoideachas a chur ar fáil dóibh agus chun dul i ngleic leis na bacainní a bhíonn rompu. Is í an uaillmhian atá againn a chinntiú go bhfuil rochtain chomhionann ag gach duine ar an ardoideachas agus nach n-airíonn aon duine coimhthíoch ann. Táimid bródúil as an tionchar ollmhór a bhí againn go dtí seo, agus táimid tiomanta do bheith ag cur lenár n-éachtaí amach anseo.”

Bunaíodh cláir Rochtana san Ollscoil sa bhliain 1999 agus é mar aidhm acu timpeallacht oideachais thacúil a chur ar fáil do mhic léinn chun iad a ullmhú go hacadúil agus go pearsanta d'fhochéim lánaimseartha ag an tríú leibhéal. 

Buaicphointí éachtacha agus fáis an Ionaid Rochtana:

  • Cláraíonn 629 mac léinn ar an meán ar chláir fochéime tríd an Ionad Rochtana gach bliain.
  • In 2022, tacaíodh le breis agus 150 mac léinn ina gcuid oideachais san Ollscoil tríd an mBealach Rochtana ar Ardoideachas (HEAR), clár a dhíríonn ar mhic léinn ó ghrúpaí atá faoi mhíbhuntáiste socheacnamaíoch, agus tacaíodh le 281 eile tríd an mBealach Rochtana ar Oideachas do Dhaoine faoi Mhíchumas (DARE), a thacaíonn le mic léinn faoi mhíchumas.
  • Idir na blianta 2015/16 agus 2022/23 tháinig méadú 132% ar líon na mac léinn a chláraigh don tSeirbhís Tacaíochta Míchumais san Ollscoil. Tá an tSeirbhís Tacaíochta Míchumais ar fáil do mhic léinn Ollscoil na Gaillimhe a bhfuil tacaíochtaí nó socruithe réasúnta de dhíth orthu mar gheall ar mhíchumas, riocht sláinte leanúnach coirp nó meabhairshláinte, nó deacracht foghlama ar leith.
  • Ó 2018/19 i leith, tá beagnach 500 mac léinn ar an meán ag clárú in Ollscoil na Gaillimhe gach bliain ó scoileanna DEIS.
  • Tá beagnach 100 mac léinn sa bhliain ag clárú in Ollscoil na Gaillimhe ó Bhreisoideachas agus Oiliúint ó 2018/19 i leith.

Mar aon le nochtadh na plaice, na himeachtaí alumni, agus an plé painéil atá eagraithe chun 25 bliain de Chláir Rochtana Ollscoil na Gaillimhe a chomóradh, foilsíodh tuarascáil maidir le Rannpháirtíocht a Mhéadú chun aird a tharraingt agus chun measúnú a dhéanamh ar an dul chun cinn atá déanta ó thaobh cothrom na Féinne a thabhairt do mhic léinn ó ghrúpaí atá faoi ghannionadaíocht sa tsochaí agus bealach isteach ar an ardoideachas á lorg acu.

Baineann cláir Rochtana Ollscoil na Gaillimhe leas as réimse leathan cur chuige agus seirbhísí oideachais chun tacú le mic léinn atá rangaithe ag an Údarás um Ard-Oideachas mar mhic léinn neamhthraidisiúnta agus a fhéachtar orthu mar mhic léinn atá faoi mhíbhuntáiste nó nach bhfuil rochtain acu ar an ardoideachas i gcoitinne.

Díríonn sé go háirithe ar riachtanais oideachais saoránach a shásamh agus ar thacaíocht a thabhairt d’fhorbairt réigiúnach in abhantrach a bhfuil dlús íseal daonra ann atá scaipthe agus faoin tuath. Áirítear sa daonra seo mic léinn ó ghrúpaí atá faoi ghannionadaíocht, grúpaí faoi mhíbhuntáiste, grúpaí mionlaigh, mic léinn lánfhásta agus mic léinn faoi mhíchumas.

Táthar ag glacadh le hiarratais anois ar raon leathan clár, lena n-áirítear cláir do lucht fágála scoile agus cúrsaí lánaimseartha/páirtaimseartha do mhic léinn lánfhásta. Tá sé de rogha ag mic léinn staidéar a dhéanamh ar champas na hOllscoile nó i gceantar Thuama nó ceantar na Ceathrún Rua, ag brath ar an áit a bhfuil siad lonnaithe.

Tá tuilleadh eolais le fáil ar Cláir Rochtana – Ollscoil na Gaillimhe

Críoch

Marketing and Communications Office

PreviousNext

Featured Stories