Samhlaigh OÉ Gaillimh - sceideal an lae

Íoslódáil sceideal na ndíospóireachtaí anseo: Samhlaigh OÉ Gaillimh - sceideal an lae

Déardaoin, an 28 Márta

11am-11.30am: Réamhrá leis an Uachtarán Ó hÓgartaigh

11.30am-12pm: Straitéis a bhunú ar Luachanna Comhpháirteacha

12pm-1.30pm: Pobal Ollscoile ina bhfuil Meas ar chách

Conas a chinntímid go n-airíonn ár bpobal go bhfuil meas agus luach orthu agus go bhfuil siad páirteach i bpobal ollscoile?

Seisiúin chomhreathacha:

  • Meas ar ár bpobal           
  • Comhoibriú a spreagadh              
  • Cultúr measa

1.30pm-3pm: OÉ Gaillimh atá Saineolach

Conas a chinntímid go mbainfidh ár seirbhísí teagaisc, taighde agus gairmiúla na caighdeáin is airde amach?

Seisiúin chomhreathacha:

  • Ár straitéis taighde         
  • Teagasc don todhchaí   
  • Forbairt ghairmiúil

3pm-4.30pm: OÉ Gaillimh atá Oscailte

Conas is féidir linn a chinntiú gur áit ionchuimsitheach agus inrochtana an Ollscoil le bheith ag staidéar, ag obair agus ag comhoibriú le chéile?

Seisiúin chomhreathacha:

  • Ollscoil oscailte 
  • Tionchar a thaispeáint agus a roinnt        
  • Riachtanais éagsúla na mac léinn

4.30pm-6.30pm: OÉ Gaillimh atá Sainiúil

Conas a bhainfimid leas as tréithe sainiúla na cathrach agus an réigiúin chun an Ollscoil a chur chun cinn? 

Seisiúin chomhreathacha:

  • Ár suíomh sainiúil            
  • Ár dteanga agus ár gcultúr sainiúil            
  • Eispéireas sainiúil dár gcuid mac léinn

6.30pm-8pm: OÉ Gaillimh atá Inbhuanaithe

Conas a chinntímid go bhfeidhmíonn ár nOllscoil go hinbhuanaithe, agus gur féidir léi leanúint lena misean i ndomhan atá ag athrú?

Seisiúin chomhreathacha:

  • Ár nOllscoil a bhainistiú go hinbhuanaithe            
  • A bheith ullamh don todhchaí   
  • Ag forbairt ár gcúrsaí

8pm-12am: Comhaltas na Mac Léinn i gceannas!

Leanfar ar aghaidh leis an díospóireacht ar feadh na hoíche le mic léinn, comhaltaí foirne, alumni agus cairde ar fud an domhain.