-
Courses
Courses
Choosing a course is one of the most important decisions you'll ever make! View our courses and see what our students and lecturers have to say about the courses you are interested in at the links below.
-
University Life
University Life
Each year more than 4,000 choose University of Galway as their University of choice. Find out what life at University of Galway is all about here.
-
About University of Galway
About University of Galway
Since 1845, University of Galway has been sharing the highest quality teaching and research with Ireland and the world. Find out what makes our University so special – from our distinguished history to the latest news and campus developments.
-
Colleges & Schools
Colleges & Schools
University of Galway has earned international recognition as a research-led university with a commitment to top quality teaching across a range of key areas of expertise.
-
Research & Innovation
Research & Innovation
University of Galway’s vibrant research community take on some of the most pressing challenges of our times.
-
Business & Industry
Guiding Breakthrough Research at University of Galway
We explore and facilitate commercial opportunities for the research community at University of Galway, as well as facilitating industry partnership.
-
Alumni & Friends
Alumni & Friends
There are 128,000 University of Galway alumni worldwide. Stay connected to your alumni community! Join our social networks and update your details online.
-
Community Engagement
Community Engagement
At University of Galway, we believe that the best learning takes place when you apply what you learn in a real world context. That's why many of our courses include work placements or community projects.
July Turas ar bhóithrín na smaointe i Leabharlann na hOllscoile
Turas ar bhóithrín na smaointe i Leabharlann na hOllscoile

Cuirfear fáilte in Ollscoil na Gaillimhe roimh mhic léinn, an fhoireann, alumni agus an pobal chuig lá oscailte speisialta ina mbeifear ag caitheamh súil siar ar bhóithrín na smaointe sa leabharlann.
Tá an deis uathúil seo againn anois mar go bhfuilimid ag ullmhú le bogadh as Leabharlann Shéamais Uí Argadáin, tar éis breis is leathchéad bliain ar an bhfód.
Beidh an lá oscailte ar siúl Dé Sathairn, an 25 Iúil idir 11am agus 3pm.
Iarrtar ar chuairteoirí freisin a gcuid cuimhní cinn a roinnt linn ar an áit ar chuir siad barr feabhais ar a gcuid oideachais agus ina raibh neart spraoi acu chomh maith.
Is féidir le daoine ar spéis leo teacht ar cuairt agus cuimhneamh ar an bhfoghlaim agus ar an spraoi clárú ar líne roimh ré ag https://www.universityofgalway.ie/alumni-friends/upcomingalumnievents/slan-jameshardimanlibraryopenday/
Dúirt Leabharlannaí Ollscoil na Gaillimhe, Monica Crump: “Agus muid ag ullmhú le bogadh ó Leabharlann Shéamais Uí Argadáin go dtí Leabharlann nua an Dr Karen Guinee in 2027, tugaimid cuireadh d’iar-mhic léinn agus d’iar-chomhaltaí foirne Ollscoil na Gaillimhe chomh maith le muintir na Gaillimhe teacht chuig Leabharlann Shéamais Uí Argadáin den uair dheireanach an 25 Iúil idir 11am agus 3pm.
“Tar ar cuairt an athuair ar an spota ab ansa leat sa Leabharlann, tabhair chun cuimhne laethanta a chaith tú brabhsáil na seilfeanna agus fág slán le Leabharlann Shéamais Uí Argadáin. Ba bhreá linn dá roinnfeadh sibh bhur gcuimhní cinn linn – na seisiúin staidéir a mhair go dtí amach san oíche, an cairdeas agus na caidrimh ar tháinig bláthú orthu nuair a bhí nótaí lámhscríofa á mbabhtáil, na spriocanna diana, na nóiméid inspioráide, an gáire, an mhoilleadóireacht agus gach eachtra eile a thagann chun cuimhne.
“Bí inár dteannta agus ómós á léiriú againn don leabharlann agus don ról a bhí aici i saol na hollscoile le 53 bliain anuas.”
Tá an lá oscailte beartaithe agus an Ollscoil ag súil le hoscailt Leabharlann nua an Dr Karen Guinee in 2027. Ainmníodh an leabharlann nua in ómós an Dr Karen Guinee, céimí leighis cumasach agus cineálta a thug faoina cuid oideachais agus oiliúna mar dhochtúir le díograis agus dúthracht. Cinneadh an Leabharlann a ainmniú in ómós di i ndiaidh dúinn tabhartas flaithiúil daonchairdiúil a fháil ó Fhondúireacht Charthanachta Michael Guinee, atá ag tacú le scoláireacht nua do mhic léinn leighis a bhunú i gcuimhne an Dr Guinee chomh maith.
Críoch









