Aitheantas mar Shár-Scoil Apple ag clár Máistreachta in Ollscoil na Gaillimhe

An tOllamh Michal Molcho, Ceann Scoil an Oideachais, Ollscoil na Gaillimhe, Éanna Ó Brádaigh, Apple Education, agus Sinéad Ní Ghuidhir & Seán Ó Grádaigh ón MGO, Scoil an Oideachais, Ollscoil na Gaillimhe.
Oct 25 2024 Posted: 14:32 IST

Tá aitheantas faighte ag an Máistir Gairmiúil san Oideachas (MGO) in Ollscoil na Gaillimhe mar Shár-Scoil Apple.

 

Tugann an gradam aitheantas d’ionaid ina mbainfear barr feabhais amach in úsáid na teicneolaíochta san oideachas sa tréimhse 2024-2027.

 

Ba é Máistir Gairmiúil san Oideachas Ollscoil na Gaillimhe an chéad chlár oideachais lasmuigh de Stáit Aontaithe Mheiriceá a ghnóthaigh an t-aitheantas seo in 2015 agus tá an stádas sin aige ó shin i leith.

 

Is ionaid ina léirítear ceannaireacht agus barr feabhais ó thaobh an oideachais iad Sár-Scoileanna Apple ina gcuirtear fís Apple maidir le foghlaim le cabhair na teicneolaíochta i bhfeidhm. Roghnaítear scoileanna bunaithe ar an gcaoi a gcuireann siad nuálaíocht san oideachas chun cinn go leanúnach, mar fhoinse inspioráide agus samhlaíochta, le dul i gcion ar an teagasc agus ar an bhfoghlaim.

 

            Dúirt an tOllamh Michal Molcho, Ceann Scoil an Oideachais in Ollscoil na Gaillimhe: “Tá an clár MGO aitheanta go hidirnáisiúnta as an obair cheannródaíoch a dhéantar air i réimse na teicneolaíochta digití agus soghluaiste in oideachas múinteoirí agus san oideachas trí chéile.  Is dearbhú é an gradam seo ar an stádas ceannaireachta atá ag an gclár sa réimse taighde agus cleachtais seo.”

 

Is clár oideachais múinteoirí dara leibhéal lánaimseartha é an Máistir Gairmiúil san Oideachas in Ollscoil na Gaillimhe a bhíonn ar siúl thar dhá bhliain. Bunaíodh é in 1998, agus is clár lán-Ghaeilge é, an t-aon chlár dá leithéid sa tír. Tá an clár aitheanta ag Comhairle Mhúinteoireachta na hÉireann chun críocha clárúcháin mar mhúinteoir iar-bhunscoile.

 

Tá an ráta fostaíochta is airde ag an Máistir Gairmiúil san Oideachas thar aon chlár oideachais múinteoirí in Éirinn, agus is léiriú é sin ar shaineolas na gcéimithe in úsáid na teicneolaíochta chun dea-chleachtas a neadú i bhfoghlaim agus teagasc nuálaíoch.

 

            Bhí an méid seo le rá ag Seán Ó Grádaigh, Stiúrthóir an MGO in Ollscoil na Gaillimhe: "Is mór an cúnamh é don Mháistir Gairmiúil san Oideachas go bhfuil sé aitheanta i measc Shár-Scoileanna Apple. Tá sé tar éis ardán a chur ar fáil dúinn chun na cleachtais is fearr a roinnt agus chun foghlaim ó institiúidí eile ar fud an domhain. De bhrí go mbíonn an teicneolaíocht ag athrú de shíor, tá sé riachtanach go mbeadh oideachasóirí ar an eolas faoi fhorbairtí agus dul chun cinn nua. Táimid ag fiosrú na ndeiseanna agus na ndúshlán a bhaineann leis an Intleacht Shaorga san oideachas faoi láthair, agus faighimid tacaíocht fhíorluachmhar ón bpobal seo chun cruacheisteanna dá leithéid a réiteach. Is mór linn go bhfuil an MGO roghnaithe mar Shár-Scoil Apple an athuair."

 

Críoch

Oifig Margaíocht agus Cumarsáíd

PreviousNext

Featured Stories