Uachtarán Ollscoil na Gaillimhe ag éirí as

Ciarán Ó hÓgartaigh.
Jun 26 2024 Posted: 16:05 IST

Tá sé fógartha ag Ollscoil na Gaillimhe go bhfuil an tOllamh Ciarán Ó hÓgartaigh ag éirí as a ról mar Uachtarán.

Chuir an tOllamh Ó hÓgartaigh an scéal in iúl d’Údarás na hOllscoile ag cruinniú maidin inniu.

Fanfaidh an tUachtarán sa phost go dtí tús na bliana acadúla nua.   

Dúirt Máire Geoghegan-Quinn, Cathaoirleach Údarás na hOllscoile: “Thar ceann Údarás Ollscoil na Gaillimhe, ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an Ollamh Ó hÓgartaigh as a chuid oibre, a chuid éachtaí agus a cheannaireacht agus guím gach rath air don todhchaí.“Stiúraigh an tOllamh Ó hÓgartaigh an Ollscoil seo trí dhúshláin nach bhfacthas cheana riamh aimsir na paindéime, le teann tuisceana agus comhbhá. Mhair sé agus d’oibrigh sé trí na luachanna meas, oscailteacht, barr feabhais agus inbhuanaitheacht. Chuir sé go mór leis an earnáil, go háirithe ó thaobh tacaíochtaí agus maoiniú do mhic léinn, agus tá sé ag fágáil anois agus seasamh láidir ag an Ollscoil don am atá le teacht.”

            Dúirt an tOllamh Ó hÓgartaigh: "Tá sé socraithe agam éirí as mo ról mar Uachtarán ar Ollscoil na Gaillimhe chun aghaidh a thabhairt ar spéiseanna eile.

“Tar éis machnamh a dhéanamh air seo go cúramach le scaitheamh, measaim gurb é seo an t-am ceart agus an Ollscoil ag forbairt straitéis nua do 2025-2030; beidh Údarás na hOllscoile nua againn go luath in 2025; agus táimid ag ullmhú don bhliain acadúil nua.

“Ba mhaith liom buíochas a ghabháil as an tacaíocht agus as an gcineáltas a léiríodh dom le linn mo chuid ama anseo, agus guím gach rath ar ár gcuid mac léinn, alumni, taighdeoirí agus acadóirí agus ar an bhfoireann ghairmiúil a chinntíonn go bhfuil mo alma mater – an institiúid ar leith seo, an áit ar leith seo – i measc na n-ollscoilleanna is fearr san Eoraip agus ar domhan, ollscoil í seo gan aon teorainneacha. Tá ról lárnach ag ollscoileanna sa phobal. Bhí lorg láidir ag an oideachas ar Éirinn. Is tréimhse dhúshlánach é seo don earnáil agus athruithe suntasacha le feiceáil sa rialachas – athruithe a bhfuil fáilte rompu. Tá súil agam sa chomhthéacs seo go bhfeicfimid infheistíocht don chéad ghlúin eile ag teacht i gcrích.”

Tá forbairt shuntasach tarlaithe le linn thréimhse an Ollaimh Uí Ógartaigh in Ollscoil na Gaillimhe i réimsí éagsúla, lena n-áirítear:

  • Tá an ollscoil i measc an 100 ollscoil is fearr san Eoraip, rangaithe de réir QS, agus #1 in Éirinn; i measc na 5 ollscoil is fearr san AE; agus i measc an 50 ollscoil is fearr ar domhan as ár dtionchar ar na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe, mar atá rangaithe de réir Times Higher Education.
  • Tá Gradam Cré-umha Athena Swan bainte amach faoi dhó as a chéile do chomhionannas inscne, agus tá gradam bainte amach ag 12 scoil, lena n-áirítear Gradam Airgid do Scoil na hInnealtóireachta.
  • Tugadh Polasaí maidir le Foréigean Baile isteach chun tacú go rúnda leo siúd a fhulaingíonn foréigean baile; tugadh Polasaí maidir le Gníomhaíocht Dhearfach isteach chun tacú lenár dtiomantas do thimpeallacht oibre uilechuimsitheach a bheith againn do chách; agus tugadh tionscnamh an Toilithe* Ghníomhaigh isteach.
  • Baineadh an t-ioncam taighde is airde riamh i stair na hollscoile amach in 2023, agus le cúig bliana anuas bhí ár n-ioncam taighde 40% níos airde ná mar a bhí sna cúig bliana roimhe sin.
  • Tá obair tosaithe ar an Leabharlann agus Ionad Foghlama nua; tá dúbailt ar an méid lóistín do mhic léinn atá ar an gcampas; agus tá méadú 22% tagtha ar líon na mac léinn idirnáisiúnta.
  • Táimid rangaithe ag IBEC i measc an 100 fostóir is fearr in Éirinn as ár gcuid oibre ar fholláine.

 

Nóta beathaisnéise

Ceapadh Ciarán Ó hÓgartaigh ina thríú huachtarán déag ar Ollscoil na Gaillimhe i mí Eanáir 2018.

Bhí sé ina Ollamh le Cuntasaíocht agus ina Dhéan ar Choláiste an Ghnó in COBÁC roimhe seo, áit a raibh sé i gceannas ar na scoileanna seo a leanas de chuid COBÁC: Scoil Ghnó Lochlann Quinn, Scoil Ghnó Iarchéime Michael Smurfit, agus Forbairt Feidhmeannach Smurfit. Bhí cláir COBÁC thar lear in Hong Cong, Singeapór agus Srí Lanca faoina stiúir freisin.

Ba i Scoil Iognáid agus i gColáiste Iognáid i nGaillimh a fuair an tOllamh Ó hÓgartaigh a chuid scolaíochta, agus is céimí de chuid Ollscoil na Gaillimhe é, áit ar bhain sé amach céadonóracha agus an chéad áit ina rang. Chuaigh sé i mbun traenála mar Chuntasóir Cairte le Arthur Andersen agus bhain sé céim PhD sa Chuntasaíocht amach in Ollscoil Leeds. Tá iliomad saothar foilsithe aige i réimse na cuntasaíochta agus chaith sé tréimhse ag obair i bpoist acadúla in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, COBÁC agus in Ollscoil Victoria, in Wellington, an Nua-Shéalainn.

Chaith sé tréimhse ar scoláireacht Fulbright in Ollscoil Northeastern (Bostún, SAM). Bhí sé ina Chathaoirleach ar an gCoiste Iniúchóireachta sa Roinn Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Nádúrtha agus ina bhall de Choiste Iniúchóireachta na Roinne Airgeadais.

Bhí sé ina Stiúrthóir Neamhspleách Neamhfheidhmiúcháin ar Avolon freisin, ceann de na cuideachtaí léasaithe eitleán is mó ar domhan áit a raibh sé ina chathaoirleach ar an gCoiste Iniúchta chomh maith. Bhí sé ina bhall de bhord neamhreachtúil an Ghrúpa Ospidéal Saolta agus ina Chathaoirleach ar Choiste Straitéise an Ghrúpa.

Mar Uachtarán, tá cúram déanta aige dá réimsí taighde i gcónaí leis an gcion a rinne sé do stair chleachtas na cuntasaíochta airgeadais in The Routledge Companion to Accounting History (An Dara hEagrán, Bealtaine 2020). D’fhoilsigh sé freisin i réimse na ceannaireachta acadúla lena n-áirítear caibidil dar teideal ‘Of things being various’ in Thriving in Academic Leadership (2023).

Tá sé ina bhall de Bhord Leabharlann Náisiúnta na hÉireann arna cheapadh ag an Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, agus ina bhall de Chomhairle na hInstitiúide Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta (ESRI). Tá sé ina chathaoirleach ar Choistí Iniúchóireachta agus Riosca an dá eagraíocht.

Críoch

Oifig Margaíochta agus Cumarsáide

PreviousNext

Featured Stories