Tomás Ó Máille
Tomás Ó Máille (1880-1938)
Ba é Tomás Ó Máille an chéad Ollamh le Gaeilge i gColáiste na hOllscoile Gaillimh ó 1909 go lá a bháis i 1938 agus bhí sé ar dhuine de mhór-scoláirí Gaeilge a linne. Saolaíodh an Máilleach do theaghlach rathúil i nGleann an Mháma i gConamara in 1880. Oileadh é i mBaile Átha Cliath, Manchain, Learpholl, Baden, Beirlín, agus Freiburg, áit ar bronnadh dochtúireacht air. Thacaigh sé leis na hÓglaigh agus le Colún Reatha Chonamara Thiar, agus bhí a dheartháir Pádraic (c.1878-1946) sa chéad Dáil. Aithnítear go bhfuil oidhreacht spleodrach Uí Mháille ar chomhchéim le hoidhreacht a chomhghuallaithe i gCogadh na Saoirse, na h-intleachtóirí radacacha agus ceannairí an chultúir agus na polaitíochta, ina measc a chara Pádraig Mac Piarais agus na fir léinn Tomás Mac Donncha agus Éamon de Valera.
"Óigfhear ab ea é a raibh aisling mhór aige, lán d'fhuinneamh agus de dhúthrácht. Bhí muinín aige as a chumas féin agus bhí sé meáite ar dhámh ardléinn a thógáil aníos ón mbonn. Scoláire tábhachtach ab ea é agus fear gníomh, a bhí i bhfostú go hiomlán i réabhlóid chultúrtha agus pholaitiúil na linne."
Breandán Ó Madagáin, Ollamh le Gaeilge , Coláiste na hOllscoile, Gaillimh, 1975-97 [aistrithe ón mBéarla]
Físeán cruthaithe in 2021 ag Dawid Piotr Szlaga, Wild Island Pictures, faoi eagar ag Dwayne Burke agus Deirdre Ní Chonghaile, agus stiúrtha ag Lillis Ó Laoire don taispeántas dátheangach Saíocht & Saoránacht: Tomás Ó Máille. Amhráin á rá ag Mary Staunton, Saileog Ní Cheannabháin, Fiachna Ó Mongáin, agus Sarah Ghriallais. Cóipcheart© Ollscoilna Gaillimhe, 2022.
An Taifeadadh Fuaime
Bailitheoir béaloidis agus amhrán, eagarthóir nuachtáin, teangeolaí, agus oide, ba ceannródaí é an Máilleach ar mhórán bealaí. Is suntasach go háirithe mar a dhírigh sé ar nua-theicneolaíocht a linne fhéin – an taifeadadh fuaime. Ó 1928 ar aghaidh, chruthaigh sé na céadta taifeadadh fuaime de chainteoirí Gaeilge as Connacht agus as an gClár, agus chuidigh le bailitheoirí agus scoláirí eile taifeadtaí a dhéanamh.
Maidir lena chnuasach fuaime ina bhfuil 398 fiteán, tá Cartlann an Ollaimh Ó Máille in Ollscoile na Gaillimhe ar an gceann is mó dar chruthaigh aon bhailitheoir aonair a d'fheidhmigh go neamhspleách in Éirinn sa chéad leath den bhfichiú aois. Chuirfí leis an líon seo an 122 mír fuaime ó chontae na Gaillimhe, Maigh Eo, Ros Comáin, Sligeach, Liatrom, agus an Clár a thóg sé ar son Wilhelm Doegen in 1930, míreanna atá digitithe ó shin ag Acadamh Ríoga Éireann.
Acmhainn Luachmhar
Ar fhiteáin Uí Mháille cloistear ábhar ó bhéal – caint, scéalaíocht, agus amhráin – ábhar a léiríonn an spéis a chuir sé sa teangeolaíocht, sa bhéaloideas, agus i mbailiú an cheoil ar feadh a shaoil. Níl tuiscint iomlán go fóill ar an tionchar a bhí ag an obair thaifeadta seo ar a chuid léinn, saothar a mhair breis agus deich mbliana fichid agus a thosaigh sular ceapadh ina ollamh é in Ollscoil na Gaillimhe. Cibé, ar bhun méid agus ar bhun uaillmhéine, tá oidhreacht bhisiúil seo Uí Mháille i leith dúchas fuaime na hÉireann – agus dúchas fuaime iarthar na hÉireann go háirithe – gan sárú.
Is acmhainn luachmhar í Cartlann Uí Mháille a rachfaidh go mór chun tairbhe an taighde idirdhisciplíneach, acmhainn a bhaineann leis an iliomad disciplín ina measc an teangeolaíocht, an tsochtheangeolaíocht, teanga agus litríocht na Gaeilge, an léann Éireannach, stair, tíreolaíocht, socheolaíocht, béaloideas, agus eitnicheoleolaíocht.