#SnaG25 - Imeachtaí poiblí san Ollscoil 3 -20 Márta 2025

Dé Luain, 3 Márta: Seoladh ‘Seachtain na Gaeilge 2025’ san Aula Maxima & Buaiteoirí na nGradam Aitheantais Gaeilge do Bhaill Foirne le fógairt (1.00 – 2.00)

Déanfar Seachtain na Gaeilge 2025 a sheoladh go hoifigiúil agus beidh sóláistí, ceol agus comhrá ann agus fáilte agus fiche roimh chách.

Chomh maith leis sin, fógrófar buaiteoirí na nGradam Aitheantais Gaeilge do Bhaill Foirne a fhógairt ann freisin.  

Seo roinnt de na himeachtaí eile a bheidh ar siúl in Ollscoil na Gaillimhe:

Déardaoin, 6 Márta: Maidin Chaife in Áras na Gaeilge (10.00 – 11.30)

Tiocfaidh pobal Gaeilge na hOllscoile na hOllscoile le chéile in Áras na Gaeilge idir 10.00 agus 11.30, áit a mbeidh neart tae agus plé agus craic agus comhluadar.  Bronnfar an t-airgead a bhaileofar ar an gcarthanacht ‘Bánú’.

Déardaoin, 6 Márta: Ceolchoirm le Caoimhe agus Séamus Uí Fhlatharta do Arts in Action in Ionad Uí Dhonnchú (am le deimhniú):

Deartháir agus deirfiúr iad Séamus agus Caoimhe Uí Fhlatharta as Conamara ar chósta thiar na hÉireann. Is as an Áird Mhór i gConamara iad, áit a raibh siad tumtha i dtraidisiúin an cheoil, na hamhránaíochta agus an damhsa Ghaelaigh ó aois an-óg.

Dé hAoine, 7 Márta: Féile Eolaíochta sa Téatar in Áras na Gaeilge (10.30 – 21.30):

Beidh deis ag Gaeilgeoirí atá ag obair i réimsí STEM (fiú mura bhfuil an obair sin ar siúl as Gaeilge go fóill...) teacht le chéile agus blaiseadh a fháil den taighde, agus an obair atá ar bun acu, agus cúrsaí STEM as Gaeilge a phlé. Cé gur dírithe ar thaighde a bheas sé, is ceiliúradh a bheas i gceist, le roinnt siamsaíochta agus deiseanna aithne a chur ar an bpobal a bhfuil spéis acu sa Ghaeilge agus sa STEM - beidh siúlóid luibheolaíochta agus geolaíochta ar an gcampas ag am lóin, agus 'seisiún' a léiríonn na naisc idir ceol/lámhchleasaíocht agus mata/fisic, agus dóibh siúd a bheas fós linn théis an phíotsa tráthnóna, beidh tráth na gceist STEM as Gaeilge le neart duaiseanna le buachan.  Beidh ionadaithe ann ó ollscoileanna agus eagraíochtaí leasmhara timpeall na tíre, agus tá súil againn go mbeidh sibhse linn freisin!

Dé Sathairn, 8 Márta: Corn Uí Chon Cheanainn, Áras na Gaeilge (12.30)

Comórtas Amhránaíochta ar an Sean-Nós do mhic léinn 3ú leibhéal i gcuimhne ar an sárfhonnadóir Ciarán Ó Con Cheanainn.

Déardaoin, 20 Márta: Bád Shiobháin do Arts in Action in Ionad Uí Dhonnchú (1.00)

Taispeántas rince traidisiúnta agus déantas bád traidisiúnta é seo, atá bunaithe ar an gcaidreamh idir Siobhán, an cóiréagrafaí, agus a hathair Pádraig Ó Duinnín, an saor bád.  Bainfidh Siobhán agus Pádraig leas as roinnt ábhar bád sa taispeántas draíochtúil seo.