-
Cúrsaí
Cúrsaí
Tá roghnú cúrsa léinn ar cheann de na cinntí is tábhachtaí dá ndéanfaidh tú choíche! Féach na cúrsaí atá againn anseo agus an méid a deir mic léinn agus léachtóirí faoi na cúrsaí sin a bhfuil spéis agatsa iontu.
-
Saol na hOllscoile
Saol na hOllscoile
Chuile bhliain roghnaíonn os cionn 4,000 duine Ollscoil na Gaillimhe mar chéad rogha. Faigh amach faoin saol in Ollscoil na Gaillimhe anseo.
-
Eolas Fúinn
Eolas faoi Ollscoil na Gaillimhe
Bí ar an eolas faoin Ollscoil seo agus na fáthanna a bhfuil sí chomh speisialta sin – an stair thar a bheith spéisiúil a bhaineann leis an Ollscoil agus an nuacht is déanaí agus na hócáidí atá ar na bacáin.
-
Coláistí & Scoileanna
- Scoil na Tíreolaíochta, na Seandálaíochta agus Léann Éireannaigh
- Coláiste an Ghnó, an Bheartais Phoiblí & an Dlí
- Coláiste an Leighis, an Altranais & na nEolaíochtaí Sláinte
- Coláiste na hEolaíochta agus na hInnealtóireachta
- Scoil na dTeangacha, na Litríochtaí agus na gCultúr
- Roinn na Gaeilge
- An tAcadamh
- Stair
- Idirnáisiúnta
Coláistí & Scoileanna
Tá aitheantas idirnáisiúnta bainte amach ag Ollscoil na Gaillimhe mar ollscoil atá á treorú ag an taighde agus rún daingean aici teagasc den chéad scoth a chur ar fáil i réimsí éagsúla saineolais.
-
Taighde
Nithe Fónta á gCruthú as Smaointe Úra
Tugann ár dtaighdeoirí aghaidh ar chuid de na dúshláin is práinní san 21ú Céad.
-
Gnó & Tionscal
Tacaíocht do Thaighde Úrnua in Ollscoil na Gaillimhe
Déanaimid deiseanna tráchtála a chuardach agus a chothú don phobal taighde in Ollscoil na Gaillimhe, mar aon le comhpháirtíocht tionsclaíochta a chothú.
-
Alumni, Cairde & Lucht Tacaíochta
Alumni, Cairde & Lucht Tacaíochta
Tá os cionn 90,000 céimí de chuid Ollscoil na Gaillimhe ann ar fud an domhain. Déan nasc linn agus beidh teacht agat ar an gcomhphobal sin ar líne.
-
Rannpháirtíocht Pobail
Rannpháirtíocht sa Phobal
In Ollscoil na Gaillimhe, creidimid go n-éireoidh níos fearr leat más féidir leat an méid a fhoghlaimíonn tú a chur i bhfeidhm i do shaol féin. Is mar gheall air sin go bhfuil béim mhór ar shocrúcháin oibre nó ar thionscadail phobail i gcuid mhór dár gcúrsaí.
Scéim Teanga 2018-2021
Íoslódáil an Scéim Teanga / Download the Language Scheme
- Leagan Gaeilge: Sceim Teanga 2018-2021
- English language version: Language Scheme 2018-2021
Tá scéim nua teanga seolta ag OÉ Gaillimh, a bhfuil mar chuspóir aige freastal níos fearr is níos leithne a dhéanamh ar phobal Gaeilge na hOllscoile. Seo í an tríú scéim teanga atá foilsithe ag an Ollscoil agus tá réimse leathan de spriocanna ann a chuirfidh go mór le beocht na teanga ar an gcampas. Déanfar na spriocanna seo a bhaint amach sa tréimhse 2018-2021.
Tá cuspóirí na scéime nua dírithe ar ‘thairiscint ghníomhach’ de sheirbhísí Gaeilge a dhéanamh do mhic léinn agus foireann na hOllscoile, chomh maith leis an bpobal lasmuigh di. Úsáidtear siombal G san Ollscoil chun seirbhísí Gaeilge a aithint agus a fhógairt, agus mar chuid den scéim nua déanfar tuilleadh poiblíochta ar an siombal seo timpeall an champais. Tá go leor de sheirbhísí agus foilseacháin na hOllscoile ar fáil go dátheangach cheana féin, agus déanfar an tairiscint seo a threisiú mar chuid den scéim teanga, go háirithe sa Leabharlann.
Tá neart tionscnamh agus scéimeanna nua luaite sa phlean chun úsáid na Gaeilge a mhéadú san Ollscoil. I measc na mbuaicphointí:
- Déanfar Scéim Chónaitheach a sheoladh roimh dheireadh 2021 ionas go mbeidh lóistín ar fáil ag cainteoirí Gaeilge ar an gcampas in aon áras amháin.
- Ceapfar Comhordaitheoir Straitéiseach do ghníomhaíochtaí feasachta na Gaeilge ar champas agus fearainn oibre eile de chuid na hOllscoile. Oibreoidh an duine seo ar phlean cuimsitheach d’imeachtaí cultúrtha agus sóisialta a eagrú trí Ghaeilge.
- Tá struchtúr nua curtha i bhfeidhm chun suíomh gréasáin na hOllscoile a chur ar fáil i nGaeilge agus leanfar ar aghaidh leis an obair seo a chur i gcrích.
- Déanfar Plean Institiúideach Teanga a réiteach a dhéanfaidh comhaireamh ar líon na gcainteoirí Gaeilge agus a leibhéil inniúlachta i measc fhoireann na hOllscoile.
- Bunófar Coiste Stiúrtha a bheas freagrach as an bplean institiúideach a phleanáil agus a fhaomhadh.
***
NUI Galway has launched a new language scheme that aims to provide a better and broader service to the University’s Irish language community. This is the third language scheme published by the University and it has a range of objectives that will greatly add to the vibrancy of the language on campus. These goals will be achieved during the period 2018-2021.
The objectives laid out in the scheme are focused on making an ‘active offer’ of Irish language services to students and staff of the University, as well as the wider public. The G symbol is already used by the University to identify and promote Irish services, and this symbol will be more widely publicised as part of the new scheme. Many of the University’s services and publications are already provided bilingually and this offering will be strengthened, particularly in the Library.
There are many new initiatives as part of the new scheme to increase Irish language use in the University. Among the highlights are:
- A Student Residency Scheme will be launched before 2021 to provide on-campus accommodation for Irish language speakers in one central residence.
- A Strategic Coordinator will be appointed to lead on the provision of Irish language awareness campaigns on campus. This person will organise a comprehensive plan of Irish language cultural and social activities in the University.
- The University website has been restructured to provide more Irish language content and this work will be enhanced as part of the scheme.
- An Institutional Language Plan will be prepared and this will determine the number of Irish language speakers in the University, as well as the level of proficiency among our staff.
- A Steering Committee will be responsible for planning and approving the institutional plan.