An tAistriú go dtí Fostaíocht

Bígí linn ar ár gclár do mhic léinn faoi mhíchumas nó a bhfuil dúshlán meabhairshláinte acu – clár a bhfuil gradaim buaite aige! 

Sraith ceardlann do mhic léinn faoi mhíchumas nó a bhfuil dúshlán meabhairshláinte acu. Cuirtear tacaíocht agus comhairle ar fáil do mhic léinn agus iad ar tí an coláiste a fhágáil agus tosú ar a slí bheatha.

Tá fáilte roimh mhic léinn in aon bhliain a bheith i láthair agus tá sé thar a bheith feiliúnach do mhic léinn atá ag ullmhú do shocrúchán mar chuid dá gclár, nó a bheidh ag lorg fostaíochta in 2024.

Léirítear trí chainteanna agus ceardlanna tacaíochta an próiseas ullmhúcháin do shaol na hoibre. Beidh deis agat machnamh a dhéanamh ar do theacht aniar, d’fhéinmhuinín a mhéadú agus muinín a chothú i do chuid láidreachtaí agus cumais i suíomh neamhfhoirmiúil agus rúnda. Trí léargais luachmhara ó fhostóirí agus eolas ar fhaisnéisiú ó shaineolaithe sa réimse míneofar an próiseas earcaíochta duit agus tabharfar tuiscint duit ar do chearta.

Cé go molaimid go láidir duit teacht chuig na 4 cheardlann, tuigimid go mb’fhéidir nach mbeidh tú in ann freastal orthu go léir.

Clár

An t-aistriú a dhéanamh; do chuid scileanna agus láidreachtaí
Tugann an cheardlann seo deis duit machnamh a dhéanamh ar do chuid láidreachtaí, foghlaim conas do scileanna agus cumais a aithint agus conas a bhaineann siad leis an ionad oibre. 

Ceardlann Faisnéisithe
An méid a dúirt lucht freastail roimhe seo: "Tuigim anois go bhfuil tacaíocht ar fáil dom agus nach bhfuilim i mo chadhan aonraic

Painéal na bhFostóirí                           
An méid a dúirt lucht freastail roimhe seo: "Thug cuideachtaí aiseolas maith go bhfuil féidearthachtaí ann maidir le fostaíocht a bhaint amach"

Pleanáil do chéad chéimeanna eile                            
Cuardach poist, líonrú, CV & scileanna agallaimh agus tú ag aistriú chuig an margadh fostaíochta.
An méid a dúirt lucht freastail roimhe seo: "Léiríodh dom go bhfuil mé ar an mbóthar ceart ó thaobh na fostaíochta de"

Deimhneofar sraith 2024 sula gcuirfear tús le Seimeastar 2 agus reáchtálfar í ar an gcampas. 

Cuir áit in áirithe trí Careers Connect nó bí linn ag an gCeardlann Tosaigh. 

Rún agat a bheith i láthair? Is féidir leat ár ??? a fheiceáil anseo (ar fáil ag an gceardlann tosaigh freisin)


Céard a deir na rannpháirtithe?

"B’ionadh liom an cúnamh agus an t-ugach a tugadh dom ar feadh cúig seachtaine. Ba gheall le clár é a bhí curtha in oiriúint dom féin amháin. Ar chríochnú an chláir dom, bhí scileanna agallaimh fadsaoil, eolas dlí maidir le nochtadh agus muinín nua faighte agam."

"D’fhoghlaim mé go leor faoi na roghanna atá agam i dtaca leis an gcúis agus leis an am ar chóir nó nár chóir míchumas a chur in iúl d’fhostóir agus faoi na deontais agus na cláir atá ar fáil le cur ar chumas daoine faoi mhíchumas post a bhaint amach sa mhargadh fostaíochta. Chuala mé trácht ar AHEAD agus ar an scéim WAM, ach ní raibh mé cinnte cad a bhí i gceist. Bíonn deacrachtaí fós ag go leor daoine faoi mhíchumas post a fháil, ach is ábhar misnigh é a fheiceáil go bhfuil luach ag cuideachtaí ar nós Google agus an BSL ar an éagsúlacht agus go bhfuil siad díograiseach faoi chomhdheiseanna do chách. Thaitin sé liom freisin go raibh míchumais éagsúla ar chuid de na cainteoirí iad féin agus gur roinn siad a gcuid scéalta pearsanta gairme linn."

"Le linn an chláir tháinig Fostóirí [agus] Ahead chun eolas a thabhairt faoi iarratas a dhéanamh ar phoist agus as seo thosaigh mé ag smaoineamh ar bhealach eile faoi chomh infhostaithe is atáim le mo Dhisléicse. Ó rinne mé an clár, táim muiníneach anois ag cur isteach ar obair. Táim ag fás mar dhuine le tacaíocht le mo CV agus Agallamh do phost. Mholfainn an Clár seo go hard do gach mac léinn mar go gcabhraíonn sé le breathnú chun cinn le níos mó muiníne chun post a fháil."


Clár a bhfuil Gradaim bainte amach aige

  • Cruinniú Mullaigh Gairmeacha Domhanda: Gradam Éagsúlachta, Comhionannais agus Cuimsithe [2023]
  • Gradaim Sármhaitheasa AGCAS: Comhionannas, Éagsúlacht agus Cuimsiú [2021]