Roghanna i ndiaidh na Céime

Mura bhfuil a fhios agat cad ba mhaith leat a dhéanamh tar éis na hollscoile, déan coinne le do chomhairleoir gairme chun cabhrú leat roghanna a fhiosrú.

Is é aidhm an leathanaigh seo cabhrú leat tús a chur leis an gcosán seo. ‌

Cén chaoi a mbeidh a fhios agam céard a fheileann domsa?

Breathnaigh ar do chuid buanna (do chuid scileanna) agus cad ba mhaith leat a fháil as post (do luachanna). Tá tús maith déanta ansin agat. Cabhraíonn sé sin leat fáil amach cén cineál duine thú agus cad iad na gníomhaíochtaí a mbaineann tú taitneamh astu. Mar shampla:

Obair le maireachtáil, nó maireachtáil don obair – smaoinigh ar cad a spreagann thú. Déan machnamh freisin ar ghníomhaíochtaí le déanaí a thug fíorthuiscint duit ar ghnóthachtáil – cad iad na scileanna a bhí in úsáid agat? Smaoinigh ar an méid seo a leanas:

  • An mbíonn tú i mbarr do mhaitheasa agus tú ag déileáil le daoine, nó ag cur smaointe i dtoll a chéile, nó i mbun obair phraiticiúil?
  • An breá leat bheith faoi bhrú nó an fearr leat a bheith níos suaimhní?
  • An maith leat a bheith i gceannas, nó arbh fhearr leat a bheith i ról tacaíochta? 
  • Is fiú do spéiseanna a fhiosrú chomh maith agus is féidir smaoineamh ar na cineálacha daoine a thaitníonn leat a bheith thart orthu.

Ar na hacmhainní eile a chabhróidh leat tá trialacha spéise i ngairmeacha.

Cad eile is féidir liom a dhéanamh chun a fháil amach cén ghairm bheatha a fheileann dom?

Má dhéantar scáthú ar dhuine i bpost nó in eagraíocht a bhfuil suim agat ann/inti beidh tuiscint níos fearr agat ar an bpost / ar an ngairm.

Mar an gcéanna, tabharfaidh agallamh eolais le gairmí léargas maith ar phost – rogha eile é seo ar an scáthú má tá an duine ag obair i ról nach féidir scáthú a dhéanamh air (e.g. cúram sláinte).

Bain úsáid as do líonra chun teagmhálaithe a dhéanamh (teaghlach, cairde, comharsana).

Lean mé na moltaí seo agus níl a fhios agam go fóill cá bhfuil mo thriall ... céard a dhéanfaidh mé anois?

Ní bhíonn gach duine in ann a ngairm bheatha a phleanáil ar bhealach loighciúil, simplí trí na céimeanna éagsúla a ghlacadh. Tagann cor sa saol. Athraíonn pleananna.

Cinniúint Phleanáilte an dearcadh gur féidir leat deiseanna a chruthú trí ghníomhú ar do chuid fiosrachta agus ar imeachtaí de sheans. Baineann sé le freagairt d’imeachtaí inár saol agus an deis a thapú iad a úsáid mar dheiseanna gairme agus foghlama. Dearcadh dearfach ata i gceist leis maidir le himeachtaí neamhphleanáilte agus smaoineamh ‘conas is féidir liom…’, seachas ‘ní féidir liom mar…’.

Is fiú breathnú ar roghanna le céim ar leith. Feicfidh tú raon smaointe nár smaoinigh tú orthu roimhe seo seans. Breathnaigh na leathanaigh faoi “Féach Gairmeacha” chun tús maith a dhéanamh.

Cad a tharlóidh má chinnim nach dteastaíonn slí bheatha uaim i mo réimse céime?

D’fhéadfadh sé tarlú go gcinnfeadh mac léinn tabhairt faoi ghairm bheatha atá difriúil óna gcuid staidéir reatha. De réir mar a fhaigheann tú taithí agus léargais ar phoist agus ar ghairmeacha éagsúla le linn do chuid ama san ollscoil, b’fhéidir gur mhaith leat bealaí isteach i ndisciplín eile a fhiosrú trí chúrsaí tiontaithe iarchéime nó roghanna staidéir eile. 

Tá roinnt fostóirí sásta earcú ó dhisciplín ar bith – fan ar an eolas faoi dheiseanna fostaíochta trí CAREERS CONNECT chun go bhfeicfidh tú an méid atá á lorg ag fostóirí.

Tuilleadh roghanna

Má tá smaointe á lorg agat le haghaidh slite beatha a bhaineann le do chéim / d’ábhar roghnaithe. 

Mic léinn reatha, féach an sharepoint Eolas faoi ghairmeacha beatha do mhic léinn – ní mór duit a bheith logáilte isteach i do chuntas Office365 ollscoile chun rochtain a fháil air.

Réamhiontrálaithe
• féach eolas atá ar fáil ar ár gcúrsaí, roghnaigh an cúrsa atá uait agus ansin ‘cén fáth a roghnófá an cúrsa seo’ ar an roghchlár ar chlé.
• féach físeáin ar chláir fochéime
• féach laethanta eolais
• féach físeáin ar chláir iarchéime

 

Naisc Sheachtracha

Léigh tuilleadh ar an ábhar seo

Mura bhfuil tuairim agat fós faoin ngairm bheatha atá uait- gradireland

Pleanáil Gairme - Careers Portal

iCould 

Cinniúint Phleanáilte