Na Meáin Shóisialta a úsáid chun Post a Lorg

Tá cleachtadh ag an gcuid is mó dínn ar na Meáin Shóisialta ach cén chaoi ar féidir linn an leas is mó a bhaint astu agus post á lorg againn? Anseo, breathnóimid ar na láithreáin is mó a mbaintear úsáid astu agus tabharfar roinnt nodanna duit ar an mbealach is éifeachtaí iad a úsáid agus tú ag lorg oibre nó ag cur le do phróifíl laistigh de do ghairm roghnaithe.

Nodanna maidir leis na meáin shóisialta agus tú ag cuardach poist. 

Cad atá le sonrú ar líne fút? An ndearna tú cuardach Google ort féin le gairid? Tá sé seo tábhachtach mar ní mór duit fios a bheith agat cad a fheiceann fostóir má dhéanann siad cuardach ort. Cé chomh ‘gairmiúil’ atá d’ainmneacha úsáideora agus do sheoladh ríomhphoist? 

Úsáid an grianghraf céanna ar do láithreáin phoiblí e.g., blag, X, Linkedin.

Bí páirteach i ndíospóireachtaí, roinn nuacht agus fág trácht ach cuimhnigh go bhfuil gach rud a chuireann tú anseo i mbéal an phobail agus le feiceáil ag fostóirí i gcónaí.

Bain úsáid as na meáin is oiriúnaí do do chuid spéise. Bain úsáid fhorleathan as líon beag láithreán sonrach seachas a bheith ag iarraidh go leor láithreán a úsáid ag an am céanna. 

Is féidir leat an url le haghaidh próifílí cuí a chur le do CV nó do chárta gnó.

D’fhéadfadh go mbeadh fothaí nuachta RSS ag cuideachtaí agus láithreáin ghréasáin eile a bhfuil spéis agat iontu nach dtéann chuig láithreán a luadh cheana. Tá go leor láithreán gréasáin léitheora agus aipeanna RSS atá éasca le socrú. 

An bhfuil cuntas Google agat? Socraigh Foláirimh Google don réimse is fearr leat agus do chuideachtaí a bhfuil suim agat iontu.

http://libassets.manchester.ac.uk/social-media-guide/

An tslí chun lántairbhe a bhaint as LinkedIn

Is éard atá in LinkedIn ná líonra a nascann daoine a bhfuil spéiseanna gnó nó gairmiúla i bpáirt acu. Is féidir próifíl phearsanta a bheith agat, naisc a chruthú le daoine eile, agus bheith i do bhall de ghrúpaí ina bhfaighidh tú fógraí poist (uaireanta) chomh maith.

Baineann go leor úsáideoirí leas as LinkedIn chun folúntais a aimsiú, agus úsáideoirí eile chun fostaithe féideartha a aimsiú.

Seas amach le do phróifíl:

Líon amach do phróifíl ina iomláine. Is móide go n-aimseofar próifílí iomlána i gcuardach.

Coinnigh do phróifíl cothrom le dáta! Beidh aon athrú a dhéanann tú le feiceáil i bhfotha nuachta na ndaoine a bhfuil tú nasctha leo. Má tá post á lorg agat, ba chóir duit do phróifíl a fhágáil ar oscailt do dhaoine nach bhfuil tú nasctha leo. Seiceáil do chuid socruithe le haghaidh roghanna éagsúla.

Roghnaigh an grianghraf ceart, nó cuir ceist ar chara ceann a thógáil díot (is fearr grianghraf cinn). B’fhiú cinn ó oícheanta amuigh a sheachaint (fiú más grianghraf deas é, is beag seans go mbeidh cuma gairmiúil air). Coinnigh an cúlra neodrach (gan a bheith ró-ghnóthach ná ag tarraingt airde). 

Déan nuashonrú ar do Cheannlíne, ag úsáid focail a bhaineann le do phróifíl ghairme féin (in áit an líne réamhshocraithe ‘Mac Léinn in Ollscoil na Gaillimhe’)

Achoimre – féach air seo mar ráiteas pearsanta nó litir chumhdaigh ghonta. Céard iad na príomhphointí faoin taithí atá agat a chuirfidh i lár an aonaigh thú, nó a tharraingeoidh aird ar an saineolas nó nithe eile a chuirfidh tú ar fáil d’fhostóirí?

Ná tabhair neamhaird ar na codanna eile! Ina measc, tá Scileanna, Foilseacháin, Teangacha, Paitinní, agus Teastais. Cuirfidh siad seo le feiceálacht do phróifíle. Tá sé measartha éasca na codanna ar Fhostaíocht agus Oideachas a líonadh amach, ach céard faoi ghradaim (an bhfuair tú gradam acadúil le linn duit a bheith in Ollscoil na Gaillimhe nó aon áit eile?), eagraíochtaí (an bhfuil tú i do bhall d’aon chlub nó cumann, ar an gcampas nó lasmuigh de?), scileanna (is féidir le fostóirí cuardach a dhéanamh de réir eochairfhocail, agus ní mór a bheith cinnte dá bhrí sin go bhfuil na cinn is tábhachtaí – teangacha go háirithe – luaite agat).

An bhfuil tú líofa i dteanga eile? Tacaíonn LinkedIn le go leor teangacha, agus is féidir leat do phróifíl a chur in eagar chun eolas a chur ar fáil go héasca i dteanga eile.

Bain leas as eochairfhocail: déanann fostóirí cuardach ar fhocail shainiúla. Dá bhrí sin, in áit ‘BSc IT’, cuir sonraí leis, ar nós ‘I measc na modúl a rinneadh staidéar orthu, bhí: C++, Java’. Bí chomh sonrach agus is féidir agus teicnící, uirlisí, agus córais a d’úsáid tú nó a rinne tú staidéar orthu á liostú agat.

Moltaí – ar oibrigh tú go dlúth le haon duine eile (stiúrthóir tionscadail, teagascóir etc?). Níl gá le teistiméireacht ó fhostóir anseo, ar nós ceann a d’úsáidfeá ar CV.

Sonraí teagmhála – is féidir leat cead a thabhairt do bhaill ghrúpa teagmháil a dhéanamh leat trí LinkedIn. Seiceáil do chuid socruithe. Ní mholfaimis d’uimhir ghutháin a lua, agus seans nach gá do sheoladh ríomhphoist pearsanta a lua ach oiread más féidir le daoine teagmháil a dhéanamh leat trí LinkedIn. Ach má tá láithreán gréasáin nó blag pearsanta agat a bhaineann le do ghairm, luaigh é sin ar do phróifíl. 

Déan url do phróifíle a phearsantú (www.linkedin.com/in/ainm) agus cuir ar do CV é.

Seo próifíl shamplach de mhac léinn a chruthaigh LinkedIn.

Pléghrúpaí:

Cláraigh le grúpaí ábhartha agus bí páirteach sa phlé mar is cuí – ta grúpaí ann a bhaineann le gach cineál gairme agus ábhar spéise.

Cláraigh le grúpa alumni Ollscoil na Gaillimhe agus seiceáil an bhfuil grúpa a bhaineann go sonrach le do Choláiste nó Scoil féin ann.

Is féidir achoimre laethúil nó sheachtainiúil a fháil ar ríomhphost ar an méid a pléadh i do ghrúpa.

Tá fotha nuachta le haghaidh folúntais ag gach grúpa chomh maith.

Naisc:

Bain leas as na naisc a chruthaíonn tú – seo a leanas cúpla leid ó bhlag LinkedIn maidir le post a fháil
http://blog.linkedin.com/2012/10/17/how-to-get-a-job-with-your-dream-employer/   

An t-eolas is deireanaí a fháil:

Is féidir cuideachtaí a leanúint a bhfuil spéis agat iontu. D’fhéadfadh míreanna a bhaineann le gairmeacha nó naisc lena gcuid grúpaí a bheith ar na leathanaigh seo freisin. Lena cois sin, bíonn próifílí fostaithe le fáil ar leathanaigh chuideachta, agus feicfidh tú an taithí ghairmiúil a bhí acu go dtí sin. 

Is féidir daoine aonair agus cuideachtaí a leanúint agus a gcuid nuashonraithe a fheiceáil gan nascadh leo.    

Roghanna gairme a rianú:

Féach ar ghraif a léiríonn alumni d’ollscoile nó d’ábhair speisialtachta thar bhlianta éagsúla (taispeántar na blianta a d’fhreastail tú féin ann go huathoibríoch, ach b’fhéidir nár mhiste na blianta sin a athrú sna critéir chuardaigh).

Is féidir brabhsáil de réir ábhar céime chomh maith.

Anois, agus tú faoi lánseol:

Brabhsáil na hábhair atá clibeáilte LinkedIn for Students sna blaganna acu. Tá raidhse leideanna agus noid ann, chomh maith le cuir i láthair maidir leis an gcaoi chun LinkedIn a úsáid go héifeachtach. Cuirtear gnéithe nua leis go rialta.

Faigh tuilleadh comhairle agus breathnaigh ar fhíseán ó LinkedIn.

An tslí chun lántairbhe a bhaint as Twitter

Anuas ar na comhráite agus an plé fíor-ama a bhíonn ar an suíomh seo, úsáideann an iliomad brandaí, cuideachtaí agus daoine aonair é mar chuid dá gcaidreamh poiblí ar bhealach réchúiseach, éasca a leanúint agus a d’fhéadfadh a bheith an-áisiúil duitse agus tú ag lorg poist. Bain úsáid as chun...

Poist a aimsiú

Foinsí poist a leanúint chun bheith ar an eolas faoi na poist is déanaí atá á bhfógairt (e.g., @gradireland, @eurobrussels).

Cuideachtaí ar leith ar mhaith leat obair leo a leanúint (e.g., @UNCareers, @KpmgCareersIrl) agus na scéalta agus deiseanna is déanaí acu a fháil. Taithí mhaith í seo freisin agus tú ag ullmhú d’agallamh chun tuiscint a fháil ar na rudaí atá tábhachtach don chuideachta féin.

Nuashonruithe ar haischlibeanna ábhartha a chuardach (e.g., #JobFairy).

Fanacht ar an eolas

Comhlachais ghairmiúla – céard atá ag tarlú san earnáil a bhfuil spéis agat ann? (e.g., @CIMA, @EngineerIreland).

Nuacht ghinearálta (e.g., @IDAIRELAND, @IrishTimesBiz).

Nuacht a bhaineann go sainiúil leis an earnáil (e.g., @LookWestie, @siliconrepublic).

Irisleabhair nó foilseacháin eile a bhaineann leis an earnáil (e.g., @newscientist).

Nuacht a bhaineann le gairmeacha! (e.g., @NUIGCareers, @GuardianCareers)

Ardaigh do phróifíl féin

Bí cúramach le do chuid tvuíteanna! Ná déan dearmad gur suíomh poiblí é seo a bhfuil fostóirí féideartha in ann gach a bhfuil ann a léamh – ach is féidir é sin a úsáid chun do leasa.

Bain leas as haischlibeanna (#tag) agus tú ag trácht ar ábhair thábhachtacha agus/nó ábhair atá i mbéal an phobail chun seans níos fearr a thabhairt do do tvuít a bheith feicthe níos forleithne ná ag do lucht leanúna amháin.

Téigh i gcomhrá (go cuí!) le daoine a leanann tú, agus iarr comhairle orthu.

An bhfuil blag agat a bhaineann le do ghairm? Cuir nasc ar Twitter chuig aon ábhar nua a chrochann tú. Bíonn an rogha ar go leor suíomh blaganna fotha a chruthú go díreach le Twitter agus cuntais eile. Is fánach an áit a bhfaighfeá gliomach.

Bíodh do bheathaisnéis ann ina iomláine, chun beagáinín eolais a thabhairt do léitheoirí fút (e.g., Céimí le BSc sa Zó-eolaíocht le gairid, le spéis i...).

Blaganna

Is bealach fóinteach tú féin a chur in iúl ar líne iad blaganna. Is féidir léirmheasanna, ailt ghairide tuairimíochta nó cuntais ar thaithí phearsanta a bheith sa bhlag, ach gach seans nach mbeidh fostóirí féideartha ró-thógtha le casaoid agus clamhsán. Tá blaganna ann atá i bhfoirm scríbhinn amháin, nó is féidir físeáin, grianghraif agus ealaín a chur leo.

D’fhéadfadh blaganna a bheith ag daoine a bhfuil rún acu obair mar iriseoirí, scríbhneoirí, grianghrafadóirí, in earnáil na meán nó na margaíochta, PR, mar cheannaitheoirí – faisean go háirithe – agus ealaíontóirí cruthaitheacha eile, chun a gcuid scileanna agus eolais a chur chun cinn agus a n-acmhainneacht mar fhostaithe féideartha a léiriú.

Tá go leor suíomhanna saor in aisce a dhéanann blaganna a óstáil (e.g. Wordpress, Posterous, Tumblr). Bíonn nótaí tráchta áisiúil, ach bí cinnte go ndéanann tú modhnóireacht orthu!  

Cruth na Cruthaitheachta a chur ar do CV

D’fhéadfá CV i bhfoirm físeáin a uaslódáil go YouTube nó suíomh roinnte físeán eile. Úsáideann roinnt fostóirí físeáin na laethanta seo chun iarrthóirí a scagadh mar chuid dá bpróiseas iarratais. Aimseoidh tú samplaí maithe de seo ach Jameson Graduate Programme a chuardach ar YouTube.

Cuir do chuid scileanna i lár an aonaigh le cur i láthair. Tá samplaí breátha de CVanna ag Slideshare agus Prezzi.

Mar fhocal scoir...

Is foinse iontach leideanna maidir le cuardach poist, i bhfoirm grafaicí eolais, é Pinterest.

Bíonn roinnt Hangouts fíoráisiúla ag Google+.

Lean cuideachtaí a bhfuil spéis agat iontu ar Instagram, Snapchat etc. Bealach eile é seo le feiceáil an chaoi a gcuireann siad iad féin chun tosaigh dá gcuid custaiméirí.

Más fearr leat físeáin, déanann go leor cuideachtaí físeáin ina gcuireann céimithe nua na ‘cúiseanna chun obair linn’ i láthair, rud a thabharfaidh léiriú beag duit. Is iad na cuideachtaí móra a earcaíonn go leor céimithe gach bliain a dhéanann é seo de ghnáth, áfach, seachas fiontair bheaga agus mheánmhéide.  

Bíonn na meáin shóisialta ag athrú agus ag forbairt i gcónaí. Le bheith réalaíoch faoi, ní féidir leatsa, ná cuideachtaí, leas a bhaint as gach ardán. Roghnaigh na cinn a fheileann do d’earnáil féin.