Éirí as Cúrsa in Ollscoil na Gaillimhe

Tarlaíonn rudaí in amanna a chuirfeadh fonn ar mhac léinn smaoineamh ar Ollscoil na Gaillimhe a fhágáil sula mbeadh a c(h)úrsa staidéir críochnaithe aige/aici.

  1. Caithfidh tú teagmháil a dhéanamh leis an Teagmhálaí um Éirí as Coláiste/Scoil  seo agat chun comhairle a fháil ar do chuid roghanna lena n-áirítear Saoire Neamhláithreachta

  2. Léigh an polasaí a leanas de chuid Ollscoil na Gaillimhe: Polasaí do Mhic Léinn maidir le hÉirí as Cúrsa.

  3. Seiceáil spriocdhátaí.

  4. Bí ar an eolas faoi na seirbhísí tacaíochta atá ar fáil duit
    • Féadfaidh mic léinn éirí as go dtí an 1 Márta, ní féidir éirí as i ndiaidh an dáta seo.

    • Spriocdhátaí Táillí : Tá ar mhic léinn táillí a íoc suas go dtí an dáta a gcuireann siad isteach Foirm le héirí as ar líne.

Dátaí Táillí do 2023-2024

An dáta a gcuirtear isteach an Fhoirm le hÉirí as Ar Líne 

Tionchar

Go dtí Dé Luain, an 31 Deireadh Fómhair 2023, agus an lá sin san áireamh Fágáil gan aon tionchar

Idir 31/10/2023 agus 31/01/2024 

Caillfear 50% den táille teagaisc, 50% de mhuirear na mac léinn agus 100% de thobhach na mac léinn  

Tar éis 31/01/2024  

Caillfear 100% den táille teagaisc, 100% de mhuirear na mac léinn agus 100% de thobhach na mac léinn   

Má éiríonn mac léinn as a c(h)úrsa go foirmiúil an 1 Feabhra nó dá éis, tá an mac léinn freagrach as táillí iomlána na Bliana Acadúla.  Ba chóir do mhic léinn Idirnáisiúnta teagmháil a dhéanamh leis an Oifig Idirnáisiúnta chun aon impleachtaí víosa a d’fhéadfadh a bheith ag baint le héirí as cúrsa staidéir a sheiceáil

Má shocraíonn tú éirí as

Cad a tharlóidh anois?

Nuair a bheidh an fhoirm le héirí as curtha isteach agat ar líne,

  • cuirfear tús leis na nósanna imeachta díchláraithe láithreach agus cuirfear na húdaráis ábhartha laistigh den Ollscoil ar an eolas faoi.
  • A luaithe a bheidh tús curtha leis an bpróiseas, ní bheidh an mac léinn in ann athchlárú go dtí an chéad Bhliain Acadúil eile, ach iarratas a dhéanamh ar an ngnáthbhealach e.g. CAO.
  • Is é an dáta éirithe as an dáta a bhfaighidh an Ollscoil an Fhoirm le hÉirí as ar líne agus í líonta
  • Sa chás go n-éiríonn mac léinn as clár, tá a t(h)aifead acadúil don bhliain sin ar neamhní.  Ciallaíonn sé seo nach féidir creidmheas a fháil as aon mhodúil a rinneadh sa bhliain staidéir ar éirigh siad as, fiú má rinneadh iad sular éirigh siad as go foirmiúil