Wednesday, 26 August 2026

Éileamh láidir á léiriú ag Babhta 1 CAO do chúrsaí fochéime in Ollscoil na Gaillimhe

Tá níos mó ná 4,000 tairiscint déanta ag Ollscoil na Gaillimhe do mhic léinn fochéime nua don bhliain acadúil 2026/27. Roinn Ollscoil na Gaillimhe teachtaireacht comhghairdis le rang na hArdteistiméireachta 2026 inniu as ucht a gcuid iarrachtaí agus a bhfuil bainte amach acu agus na tairiscintí do bhabhta 1 CAO á n-eisiúint. Dúirt Uachtarán Ollscoil na Gaillimhe, an tOllamh David Burn: “Lá cinniúnach atá ann do gach mac léinn a bhfuil an chéad chéim eile ina gcuid oideachais á beartú acu. Guím gach rath orthu thar ceann Ollscoil na Gaillimhe, agus tá an-áthas orainn fáilte a chur rompu siúd a bhfuil sé d’ádh orthu freastal ar an ollscoil anseo. Tá ardmholadh tuillte agaibh as bhur gcuid éachtaí acadúla, agus as na torthaí Ardteistiméireachta atá faighte agaibh, agus tá súil agam go n-éireoidh go geal libh agus sibh ag cur tús leis an tréimhse spreagúil nua seo. “Seal foghlama i do shaol is ea an Ollscolaíocht, seans chun dúshlán a chur romhat féin, cairde nua a dhéanamh agus deiseanna nua a aimsiú. Táimid ag súil le tacú lenár mic léinn nua a fhad is a bheidh siad in éineacht linn, oideachas agus deiseanna den chéad scoth a chur ar fáil dóibh, chomh maith leis an eispéireas mac léinn agus an campas is fearr sa tír. “Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt freisin do chomhghleacaithe san Ollscoil trí chéile a bhfuil an oiread sin oibre ar siúl acu go ciúin chun tacú le mic léinn agus lena dteaghlaigh, idir thairiscintí agus seisiúin eolais a ullmhú, mar aon le fáilte chroíúil a chur roimh gach mac léinn nua in Ollscoil na Gaillimhe.” Ní raibh líon na n-iarratas CAO riamh chomh hard is atá sé i mbliana, agus tá Ollscoil na Gaillimhe ag súil go mbeidh breis agus 3,800 mac léinn ag clárú agus ag cur tús lena gcuid staidéir fochéime i mí Mheán Fómhair. Tá roinnt treochtaí le feiceáil i ndáil le cláir Ollscoil na Gaillimhe i mBabhta 1, lena n-áirítear: Cógaisíocht (MPharm) - tá an dara cohórt mac léinn le tosú i mí Mheán Fómhair ar an gcúrsa fochéime 5 bliana in Ollscoil na Gaillimhe agus líon na n-áiteanna ardaithe anois ó 40 áit in 2025 go 75, ar freagra an t-ardú sin ar an ngá do chógaiseoirí, agus an t-éileamh atá ann don ghairm sin. Clár nua do 2026 is ea an BSc (Zó-eolaíocht) ar 473 pointe, agus muid ag súil go gcláróidh isteach is amach le 40 mac léinn sa chéad chohórt. D’ardaigh na pointí do chúrsaí Gaeilge, cosúil leis an BComm (Gaeilge) agus an BA (Gaeilge agus Léann an Aistriúcháin), agus 488 agus 405 pointe, faoi seach, ag teastáil do na cúrsaí sin. Bhí ardú sna pointí i gcás 25 cúrsa in Ollscoil na Gaillimhe i mbliana, rud a fhágann go bhfuil 28 cúrsa anois ann a dteastaíonn níos mó ná 500 pointe chun áit a fháil orthu, arb ionann sin agus leath de na cúrsaí ar fad atá á dtairiscint ag Ollscoil na Gaillimhe. Fanann gach clár Innealtóireachta ag 500 pointe nó os a chionn, ar léiriú é sin ar a thábhachtaí atá earnálacha an réigiúin cosúil le teicneolaíocht leighis, chomh maith le deiseanna gairme láidre do chéimithe. Tá éileamh níos mó ar chláir sna healaíona cruthaitheacha, agus tá ardú 44 pointe ann go 404 don BA (Léann na Drámaíochta, na hAmharclannaíochta agus an Taibhléirithe), agus ardú 12 pointe sa BA (Ceol) go 413. 455 pointe a theastaíonn chun áit a fháil ar an bpríomhchlár eolaíochta BSc (GY301), ar ardú 15 pointe é sin ar phointí na bliana seo caite, agus d’ardaigh na pointí freisin don Domhaneolaíocht agus Aigéaneolaíocht, Biteicneolaíocht, Muireolaíocht, agus Matamaitic Airgeadais & Eacnamaíocht. Tá ardú leanúnach le feiceáil san Altranas agus Cnáimhseachas, agus d’ardaigh na pointí don Bhaitsiléir Eolaíochta Cnáimhseachais ó 429 go 498 pointe. Críoch

Friday, 16 December 2022

All eligible University of Galway full time and part time hourly payscales have been updated in line with the provisions of Building Momentum - A New Public Service Agreement 2021-22. Specifically the following increases have been implemented: - With effect from  02nd February 2022, payscales received a 3% increase - With effect from 01st October 2022- payscales received a further 1% increase or €500, whichever is greater  We are still awaiting sanction for the implementation of FEMPI restoration wef 1st July 2022 (save for a limited number of pay scales). Therefore there are no changes to those grades\pensions for now. See paragraph 1.3 in the above link for more details. Further advice will be issued for these grades in due course.

Monday, 24 April 2023

We have been asked to bring to your attention the fact that Secondment Expression of Interest Notices has been issued for the Public Service Transformation Division of the Department of Public Expenditure, NDP Delivery and Reform.  Expressions of interest are invited from across all sectors of the Public Service, including higher education, and across a number of grades.  Notices are available directly at the following link, and DPENDR and DFHERIS would very much appreciate your support in circulating to your staff.   The closing date for applications is 2nd May, and we understand the notices issued on Friday 14th April.