Fáilte chuig Tíreolaíocht 

Tá muid anseo

Fáilte romhat chuig Tíreolaíocht in Ollscoil na Gaillimhe. Is cuid de Scoil na Tíreolaíochta agus na Seandálaíochta muid. Ag leibhéal na fochéime cuirimid réimse modúl ar fáil a léiríonn saincheisteanna agus ábhar imní shochaí na linne seo. Díríonn an teagasc fochéime ar athrú aeráide, comhshaol agus bainistíocht acmhainní nádúrtha, forbairt uirbeach agus tuaithe agus imeachtaí geopholaitiúla. Ag leibhéal Máistreachta cuirimid trí chlár múinte ar fáil: An MA i gComhshaol, Sochaí agus Forbairt; an MA in Inbhuanaitheacht Tuaithe, agus an MSc i dTimpeallachtaí Mara agus Cósta. Tá pobal bríomhar iarchéime againn chomh maith áit a bhfuil mic léinn PhD agus MLitt ag tabhairt aghaidh ar shaincheisteanna taighde geografacha na linne seo.

Staidéar

Taighde

Síniú an Mheabhráin Tuisceana déthaobhach idir Viet Nam agus Éireann

Síniú an Mheabhráin Tuisceana déthaobhach idir Aireacht Talmhaíochta Viet Nam agus Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara na hÉireann

Bhí an mac léinn MA (Cleachtas Forbartha Idirnáisiúnta), Dinh Anh Duy Nguyen (Duy) i láthair nuair a síníodh an meabhrán tuisceana déthaobhach idir Aireacht Talmhaíochta Viet Nam agus Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara na hÉireann.