-
Cúrsaí
Cúrsaí
Tá roghnú cúrsa léinn ar cheann de na cinntí is tábhachtaí dá ndéanfaidh tú choíche! Féach na cúrsaí atá againn anseo agus an méid a deir mic léinn agus léachtóirí faoi na cúrsaí sin a bhfuil spéis agatsa iontu.
-
Saol na hOllscoile
Saol na hOllscoile
Chuile bhliain roghnaíonn os cionn 4,000 duine Ollscoil na Gaillimhe mar chéad rogha. Faigh amach faoin saol in Ollscoil na Gaillimhe anseo.
-
Eolas Fúinn
Eolas faoi Ollscoil na Gaillimhe
Bí ar an eolas faoin Ollscoil seo agus na fáthanna a bhfuil sí chomh speisialta sin – an stair thar a bheith spéisiúil a bhaineann leis an Ollscoil agus an nuacht is déanaí agus na hócáidí atá ar na bacáin.
-
Coláistí & Scoileanna
- Scoil na Tíreolaíochta, na Seandálaíochta agus Léann Éireannaigh
- Coláiste an Ghnó, an Bheartais Phoiblí & an Dlí
- Coláiste an Leighis, an Altranais & na nEolaíochtaí Sláinte
- Coláiste na hEolaíochta agus na hInnealtóireachta
- Scoil na dTeangacha, na Litríochtaí agus na gCultúr
- Roinn na Gaeilge
- An tAcadamh
- Stair
- Idirnáisiúnta
Coláistí & Scoileanna
Tá aitheantas idirnáisiúnta bainte amach ag Ollscoil na Gaillimhe mar ollscoil atá á treorú ag an taighde agus rún daingean aici teagasc den chéad scoth a chur ar fáil i réimsí éagsúla saineolais.
-
Taighde
Nithe Fónta á gCruthú as Smaointe Úra
Tugann ár dtaighdeoirí aghaidh ar chuid de na dúshláin is práinní san 21ú Céad.
-
Gnó & Tionscal
Tacaíocht do Thaighde Úrnua in Ollscoil na Gaillimhe
Déanaimid deiseanna tráchtála a chuardach agus a chothú don phobal taighde in Ollscoil na Gaillimhe, mar aon le comhpháirtíocht tionsclaíochta a chothú.
-
Alumni, Cairde & Lucht Tacaíochta
Alumni, Cairde & Lucht Tacaíochta
Tá os cionn 90,000 céimí de chuid Ollscoil na Gaillimhe ann ar fud an domhain. Déan nasc linn agus beidh teacht agat ar an gcomhphobal sin ar líne.
-
Rannpháirtíocht Pobail
Rannpháirtíocht sa Phobal
In Ollscoil na Gaillimhe, creidimid go n-éireoidh níos fearr leat más féidir leat an méid a fhoghlaimíonn tú a chur i bhfeidhm i do shaol féin. Is mar gheall air sin go bhfuil béim mhór ar shocrúcháin oibre nó ar thionscadail phobail i gcuid mhór dár gcúrsaí.
An Ghaeilge i gcathair na Gaillimhe
An Ghaeilge i gcathair na Gaillimhe
Tá cathair na Gaillimhe suite ar an gCoirib idir Loch Coirib ó thuaidh agus Cuan na Gaillimhe ó dheas agus tá bruachbhailte móra ar an taobh thiar agus an taobh thoir den chathair. Tá cathair na Gaillimhe suite in aice leis an nGaeltacht is mó agus is láidre sa tír ó thaobh úsáid laethúil na teanga de. Go deimhin, síneann cuid den Ghaeltacht oifigiúil isteach sa chathair; tá cuid de Limistéir Pleanála Teanga Bhearna/Chnoc na Cathrach sa chathair agus Limistéir Pleanála Teanga Mhionlaigh ar fad.
Bíonn go leor imeachtaí ar siúl i gcathair na Gaillimhe atá dírithe ar dhaoine a bhfuil Gaeilge acu, nó a bhfuil suim acu sa nGaeilge. Tá eolas faoi imeachtaí éagsúla ar fáil anseo:
Imeachtaí Gaeilge i nGaillimh. (feilire.com)
Is baile seirbhíse Gaeltachta í Gaillimh. Tá ceithre cinn d’eagraíochtaí deonacha Gaeilge lonnaithe sa chathair nó ag feidhmiú inti:
- Conradh na Gaeilge
- An Taibhdhearc (Amharclann Náisiúnta na Gaeilge)
- Glór na nGael
- Gaillimh le Gaeilge
Is féidir teacht ar Phlean Teanga Chathair na Gaillimhe anseo: Plean_Teanga_Chathair_na_Gaillimhe. Tá go leor eolais eile le fáil ar shuíomh Ghaillimh le Gaeilge freisin, ar a n-áirítear Frásaí Úsáideacha, eolas faoi imeachtaí &rl, agus sonraí teagmhála. Tá go leor eagraíochtaí ag cur seirbhísí ar fáil i nGaeilge i gcathair na Gaillimhe agus is féidir teacht ar eolas fúthu sin san Eolaire atá forbartha ag Gaillimh le Gaeilge: