Dianchúrsaí - Eolas Ginearálta
Eolas Ginearálta maidir le Dianchúrsaí Gaeilge do Dhaoine Fásta
Tá tacaíocht iomlán na rannpháirtithe riachtanach leis an tairbhe is fearr a bhaint as an gcúrsa. Is trí Ghaeilge a reáchtáiltear gach uile ghné den chúrsa idir theagasc, imeachtaí sóisialta, lóistín srl.
Le háit a chinntiú ar an gcúrsa, ní mór na foirmeacha iarratais mar aon leis an éarlais chuí a bheith ar ais trí seachtaine roimh thús an chúrsa. Éarlais €200 nach n-aisíocfar (€100 táille lóistín san áireamh) agus a bhainfear as táille an chúrsa ag an gclárú. Is in euro a íocfar na táillí agus na héarlaisí. Íocfar fuílleach na dtáillí ar an gcéad mhaidin den chúrsa.
*Tá sé de cheart ag OÉ Gaillimh aon chúrsa a chur ar ceal de bharr easpa éilimh. Aisíocfar na héarlaisí sa chás sin.
Lóistín
Má tá lóistín uait cuirtear lóistín iomlán (Bricfeasta, Lón, Dinnéar 3 chúrsa) ar fáil i dtithe príobháideacha nua–aimseartha an cheantair, le teaghlaigh a labhraíonn Gaeilge. Tugtar an-deis an teanga a shaibhriú, a shealbhú agus a bhuanú, agus éiríonn le go leor daoine líofacht a bhaint amach ar an gcaoi seo.
Táille Lóistín:
Cúrsa seachtaine:
- €205.00: Ag roinnt seomra (le rannpháirtí amháin eile)
- €280.00: Seomra Singil
Cúrsa coicíse:
- €455.00: Ag roinnt seomra (le rannpháirtí amháin eile)
- €635.00: Seomra Singil
Ó oíche Dhomhnaigh (an suipéar san áireamh) go dtí tráthnóna Aoine (an lón san áireamh).
Costas lóistín le híoc le Bean an Tí.
Foirmeacha iarratais & tuilleadh eolais
An Rúnaí,
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge,
An Cheathrú Rua,
Co. na Gaillimhe.
T: 091 494600
R: cursaigaeilge@oegaillimh.ie
Is féidir cliceáil anseo chun iarratas ar líne a dhéanamh.
Seirbhísí | |
Ionad Sláinte na Ceathrún Rua | 091–595202 |
An Dr Peter Sloane | 091-595200 |
An Garda Síochána | 091-595102 |
An Chógaslann (Tigh Agatha) | 091-595168 |
Hacnaithe | |
PJ Ó Cualáin | 087-2536426 |
Peadar Óg Ó Cualáin | 087-2323708 |
Patrick Flaherty | 087-1332943 |
Tá ATM de chuid Bhanc Aontas Éireann sa siopa Eurospar. Ba phlean maith é na fearais seo a leanas a thabhairt leat agus tú ag teacht; éadaí báistí, bróga siúil, banda/seaicéad fluaraiseach, tóirse, foclóir, uirlis cheoil.
Íoslódálacha
-
MA/Dioplóma Iarchéime (Ateangaireacht Chomhdhála) PDF (163 KB)
-
MA (Léann an Aistriúcháin) Aistriú Téacsanna / Fotheidealú PDF (140 KB)
-
Teastas Iarchéime (Léann an Aistriúcháin) PDF (182 KB)
-
Réamheolaire Fochéime 2025 PDF (1.8 MB)
-
MA / Dioplóma Iarchéime (Cleachtas Gairmiúil sna Meáin) PDF (198 KB)
-
Ard-Dioplóma sa Ghaeilge Fheidhmeach PDF (218 KB)
-
An Dioplóma sa Ghaeilge PDF (275 KB)
-
MA/Dioplóma Iarchéime (Léann Teanga) PDF (181 KB)
-
Teastas Iarchéime Ardscileanna Gaeilge do Mhúinteoirí PDF (185 KB)
-
Dioplóma sa Chultúr Dúchais PDF (200 KB)
-
Dioplóma sa Phleanáil agus Buanú Teanga PDF (205 KB)
-
International Students PDF (154 KB)
-
Ranganna Foirne PDF (296 KB)
-
Aistriúchán Closamhairc (Teastas Iarchéime) PDF (168 KB)